Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::20 February, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 20 Feabhra, 1975.

Thursday, 20th February, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa agus Ó Tuathail.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Costais Ilghnéitheacha, Méaduithe ar Phinsin agus Liúntais.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Cathal Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.