Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::13 February, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 13 Feabhra, 1975.

Thursday, 13th February, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, de Valera, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Ó Mórdha, C. Ó Murchú, Mac Páidín, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Páidín):


“That Deputy de Valera be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Valera i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána (Vóta Barrachais), An Garda Síochána, Príosúin, Na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac a’ Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.