Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::15 March, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 15 Márta, 1972.

Wednesday, 15 March, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 14 Márta, 1972 ó C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais, maidir leis an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine, 1970.


Ordaíodh: go n-iarrfaí ar C. Ó Muireadhaigh bheith i láthair Dé Céadaoin seo chugainn.


6. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Thuarascála Deiridh a bhreithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.30 p.m. go dtí 4.30 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Féach 8 (a), leath. 246.