Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::22 March, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 22 Márta, 1972.

Wednesday, 22 March, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais (agus A. Ó Fágáin ina theannta).


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar cheistiúchán C. Uí Mhuireadhaigh (agus A. Ó Fágáin ina theannta) i suí príobháideach.


6. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


7. Beartaíodh: go gceadófaí dréachtfhreagra* ar litir* den 8 Márta, 1972 ón aturnae do Sheán Ó Ceallaigh.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 7 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Céadaoin, 12 Aibreán, 1972.


* Foscríbhinn 4 (16).