Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::07 March, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 7 Márta, 1972.

Tuesday, 7 March, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy FitzGerald do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Gearailt i gCeannas dá réir sin.


5. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 3 Márta, 1972 ón Uasal C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, maidir leis an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine, 1970.


Beartaíodh: go n-aontófaí foirm litreach* chuig an Uasal Ó Muireadhaigh.


6. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Thuarascála Deiridh a bhreithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Céadaoin, 15 Márta, 1972.


* Foscríbhinn 4 (8) (a).