Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::30 October, 1975::Report

AN TUARASCAIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 30 MEITHEAMH 1975

TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 IÚIL 1969

Táillí i leith seirbhísí gairmiúla i ndáil le tionscadail thógála.

1. Tugann an Coiste dá aire ó Mheamram an Aire Airgeadais go bhfuair an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna tuarascáil an chomhairleora ar Tháillí Gairmiúla sa Tionscal Foirgníochta i Nollaig 1974 agus gur foilsíodh í go hiomlán an 6 Márta 1975 mar pháipéar ócáideach. Rinne an Coimisiún breithniú freisin ar thuairimí ó dhaoine leasmhara faoin tuarascáil agus d’fhoilsigh sé a chuid tátal i dtuarascáil Meitheamh 1975. Tugann an Coiste dá aire ó na tátail sin go measann an Coimisiún nach bhfuil mórán cearr le bun-struchtúr na scálaí táille mar atá siad agus go molann sé meitheal oibre ón trí ghairm atá i dtrácht a bhunú d’fhonn scála nó scálaí a réiteach a mbeadh glacadh leo ag na gairmeacha agus a bheadh cothrom i leith cliantaí.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 12 SAMHAIN 1970

Rialú dúbláideach ar ghníomhaíochtaí áirithe sa Roinn Cosanta.

2. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear ar dícheall ag iarraidh dlús a chur le scrúdú a dhéanamh ar mholtaí Bhuíon Bhreithnithe Eagrú na Seirbhísí Poiblí maidir leis an Roinn Cosanta agus go gcoinneofar ar an eolas é faoina dtarlóidh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL 1972

Deontais-i-gCabhair.

3. Tugann an Coiste dá aire tuairimí breise an Aire Airgeadais ar fhreagrachtaí Oifigeach Cuntasaíochta maidir le deontais-i-gcabhair. Ba mhaith leis a chur in iúl go daingean gurb é is cúram príomha dó sa ghnó sin deimhin a dhéanamh de gur díreach glan mar a thogair Dáil Éireann a chaithfear airgead deontas-i-gcabhair agus ní foláir é bheith ina fhreagracht i gcónaí ar an Oifigeach Cuntasaíochta é féin a shásamh maidir leis sin. Meabhraíonn an Coiste gur chuir an tAire Airgeadais in iúl sa mhír dheiridh dá mheamram faoi dháta 24 Bealtaine 1973 go mb’fhéidir go ndéanfadh sé coinníollacha breise a fhorchur in aon chás áirithe ina measann sé gur cóir sin ar mhaithe le caomhnú airgid phoiblí as a mbeadh íocaíochtaí ar mhodh deontas-i-gcabhair á ndéanamh agus molann an Coiste go ndéanfaí coinníollacha breise den sórt sin a fhorchur nuair is gá sin ionas go bhféadfaidh an tOifigeach Cuntasaíochta a bheith deimhin de gur díreach glan mar a cheap Dáil Éireann é a bheidh deontas-i-gcabhair caite.


Airgead a fháil ar ais.

4. Tugann an Coiste dá aire go gcoinneoidh an tAire ar an eolas é i dtaobh mar atá an scéal maidir le airgead a fháil ar ais san ábhar seo.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973

Iniúchadh Cuntas Comhlachtaí Stát-urraithe.

5. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé socraithe ag an Rialtas tairiscint a chur síos le haghaidh rúin i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ag bunú Comhchoiste den Dáil agus den Seanad chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid comhlachtaí Stát-urraithe a bhíonn ag gabháil do chúrsaí trádála nó tráchtála. Tugann sé dá aire freisin go bfhuil tograí á mbreithniú ag Aire na Seirbhíse Poiblí maidir le socruithe den tsamhail chéanna i ndáil leis na comhlachtaí Stát-urraithe neamhthráchtála. Ba mhaith leis an gCoiste scéala a fháil faoi aon ní a tharlóidh.


Íocaíochtaí leis an gCiste Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair).

6. Tá sé curtha in iúl don Choiste ag an Aire Airgeadais go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Phríomh-Choiste Forbartha agus na bhfoirne forbartha contae agus ar oibriú an Chiste. Tá sé curtha in iúl dó freisin gur léir, i bhfianaise an scrúdaithe sin agus, go sonrach, ag féachaint do na tuairimí a luaigh ionadaí na Ranna a bhí bainteach leis go príomha agus do thuairimí na bhfoirne forbartha contae, gur léir go gcaithfear an cheist a bhreithniú sa chomhthéacs níos fairsinge a ghabhann le feidhmeanna Rialtais a dháileadh ar leibhéil fo-náisiúnta. Tugann an Coiste dá aire gur cinneadh go bhféadfaidh an Ciste leanúint de dheontais-i-gcabhair a thabhairt le haghaidh bearta tionscail fad a bheidh Fóir Teoranta, idir an dá linn, ag déileáil le hiarratais ar airgead athfhoirgníochta tionscail.


Beidh an Coiste ag feitheamh leis an toradh a thiocfaidh den bhreithniú breise atá beartaithe.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 FEABHRA 1974

Athruithe ar chóiríocht i Scoileanna Náisiúnta.

7. Cúis áthais don Choiste a shonrú go bhfuil an tAire ar aon intinn le barúlacha an Choiste féin faoin ngá atá le dea-phleanáil agus comhoibriú idir na gníomhaireachtaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an ábhar seo agus go bhfuil siad curtha i bhfios do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí agus don Roinn Oideachais.


Staidéar Costais/Sochair ar scéimeanna siltin artairigh.

8. Fanfaidh an Coiste leis an tuarascáil ar an staidéar seo agus tugann sé dá aire go bhfuil sí á críochnú.


Breoslaí baile a úsáid chun foirgnimh a théamh a tógadh le haghaidh áitiú Stáit.

9. Tugann an Coiste dá aire, mar gheall ar na hathruithe a tharla le déanaí ar chostais i gcomparáid le chéile, go bhfuil luí le suiteálacha breosla sholadaigh a roghnú anois in ionad leictreachas nó gás nuair is féidir é.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 EANÁIR 1975

Garda Siochána.

10. Cúis áthais don Choiste go bhfuiltear tar éis glacadh leis an moladh uaidh agus go bhfuiltear á mheabhrú d’Oifigigh Chuntasaíochta nach foláir déanamh go beacht de réir an ghealltanais a thug an tAire Airgeadais i 1931 arb é is éifeacht dó, i gcás é a bheartú i gcúinsí neamhghnácha pinsean a dhámhadh nach mbaineann reacht nó údarás marthanach leis go cinnte, nach ndéanfar aon íocaíocht go dtí go mbeifear tar éis Meastachán, ina luafar go sainráiteach gur pinsean de chineál eisreachtúil é, a thiolacadh don Dáil agus a rith.


Roinn na Gaeltachta.

11. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire Airgeadais le tuairimí an Choiste, agus go háirithe, gurb ábhar dímholta airgead deontas-i-gcabhair a úsáid, fiú go sealadach, chun críocha seachas iad sin ar chucu a vótáladh iad agus go bhfuil sé á iarraidh ar Roinn na Gaeltachta a mheabhrú do Ghaeltarra Éireann nár chóir a léithéid sin d’airgead a úsáid mar sin. Fad a ghlacann an Coiste leis nach mbeidh aon suim le tabhairt suas ar suim í a bheidh fágtha gan caitheamh as na suimeanna a eisíodh as fo-mhírcheann deontas-i-gcabhair ba mhaith leis a chur in iúl go láidir gur cúram leis, sa chás seo faoi láthair, airgead deontas-i-gcabhair nár chóir a eisiúint sa bhliain 1971-72 toisc nach raibh sé ag teastáil le haghaidh seirbhíse na bliana sin. Cúis áthais don Choiste, áfach, a aireachtáil go bhfuil socruithe ar bun anois lena chinntiú nach n-eiseofar chun Gaeltarra Éireann ach an oiread is gá faoi chomhair riachtanais láithreacha agus nach ligfear d’iarmhéideanna móra méadú.


Oifig an tSoláthair.

12. Ag féachaint don eolas atá tugtha i meamram an Aire Airgeadais mar fhreagra ar fhiafraithe faoi cheisteanna éagsúla a bhain le cíos, agus le rialú ar úsáid innill chóipeála Rank Xerox agus cineálacha eile innill chóipeála i Ranna Rialtais ní theastaíonn ón gCoiste a thuilleadh a rá faoin ábhar.


Luacháil agus Suirbhéireacht Ordanáis.

13. Tugann an Coiste dá aire nach féidir, ach amháin le reachtaíocht, méadú a thabhairt ar na ranníocaí atá á n-íoc ag údaráis áitiúla i ndáil le costas luachálacha a athbhreithniú go bliantúil agus go gcuirfear i gcuntas an gá atá leis na ranníocaí sin a mhéadú nuair a bheidh reachtaíocht iomchuí maidir le luacháil á breithniú.


Prionsabail Chuntasaíochta á sárú.

14. Maidir leis an sárú ar phrionsabail sean-bhunaithe chuntasaíochta Rialtais ar dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird air ina Thuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1971-72 tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon fhocal le tuairimí an Choiste go bhfuil sé tábhachtach ar gach uile ócáid na prionsabail atá mar bhunús le rialú na Parlaiminte ar airgead vótáilte a chomhlíonadh go lán-bheacht agus go bhfuil na tuairimí sin á meabhrú do gach uile Oifigeach Cuntasaíochta.


Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuiltear tar éis a chur in iúl go láidir do gach oifigeach sa Roinn Oideachais, ós sa Roinn sin a rinneadh na sáruithe go léir, ach ceann amháin, an gá atá le ceanglais chuntasaíochta Rialtais a chomhlíonadh. Fáiltítear roimh athdhearbhú na Roinne Airgeadais nach seasfaidh sí le haon sárú ar phrionsabail chuntasaíochta.


Maidir le saoráidí oiriúnacha a bheith ar fáil do sheirbhísigh phoiblí, go háirithe daoine atá tar éis teacht isteach sa tseirbhís phoiblí, chun eolas maith cruinn a fháil ar na prionsabail chuntasaíochta Rialtais, tá áthas ar an gCoiste a chloisteáil go bhfuil breithniú gníomhach á dhéanamh le tamall ag coiste idir-roinne ar cheist uile thraenála na státseirbhíse i ndáil leis an ábhar sin. Tugann sá dá aire gur cuireadh treoir-chúrsa dhá lá ar siúl d’oifigigh riaracháin le déanaí agus gur éirigh go maith leis, go bhfuil sé beartaithe tuilleadh cúrsaí traenála a réiteach le haghaidh gráid suas go meán-bhainistíocht agus é sin a áireamh agus, ina theannta sin, go bhfuil scrúdú á dhéanamh féachaint an bhféadfaí an traenáil ag déanamh na hoibre a fheabhsú i gcás foirne na mbrainsí cuntas.


Tá an tábhacht is airde á chur ag an gCoiste le seirbhísigh phoiblí a thraenáil i gcuntasaíocht Rialtais agus teastaíonn uaidh go gcoinneofaí ar an eolas é faoin scéal.


Eisiúintí faoin Acht um Thaiscí Stáit Teoranta, 1963.

15. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire Airgeadais go ginearálta lena thuairimí maidir leis an reachtaíocht is gá a rith sa chás seo. Ó tharla de bharr an reachtaíocht sin a bheith gan achtú in am gur sáraíodh forálacha Achta ón Oireachtas agus go lagaíonn sé urlámh na Parlaiminte ar airgead poiblí ba mhaith leis an gCoiste dearbhú a fháil go bhfuil bearta á ndéanamh chun moill mar a tharla sa chás seo a sheachaint agus, ag tagairt dá thuarascáil deiridh, tá sé á chur in iúl go láidir aige arís nach féidir seasamh le neamhrialtachtaí den sórt sin.


Talmhaíocht—Córas Beostoic agus Feola.

16. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire ar aon tuairim leis an gCoiste maidir leis an mbuairt atá ar an gCoiste faoin moill ag Córas Beostoic agus Feola ag cur a chuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena ndeimhniú, agus go raibh plé scéil idir oifigigh ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh faoin riachtanas atá le cuntais a imréiteach go tráthúil agus faoi na socruithe is gá chun é sin a chur in áirithe.


Tá súil ag an gCoiste go mbeidh éifeacht leis na socruithe sin.


Bun-Oideachas: Údarás Tarmligthe.

17. Tá an tAire Airgeadais tar éis a dhaingniú go raibh feidhm i gcónaí ag údarás tarmligthe i gcás caiteachais ar chláir thógála chomhthiomsaithe do Ghairmscoileanna a mhaoinítear as Ciste na nIasachtaí Áitiúla agus go mhaineann an leathnú ar údarás tarmligthe leis na cláir thógála do mheánscoileanna a thosaigh i 1966 agus do scoileanna comhphobail a thosaigh i 1970. Tugann an Coiste sonrú do thuairim an Aire, is é sin, dá mbeadh cead ag teastáil i gcás gach scoile ar leithligh, cibé acu scoil nua nó scéim feabhsuithe, go mba ghá ceadanna ar leithligh a thabhairt le haghaidh suas go 300 cás sa bhliain, rud a chuirfeadh go mór leis an ualach oibre agus a dteastódh tuilleadh foirne lena aghaidh. Glacann sé leis go bhféadfadh cúiseanna bailí a bheith ann, ar fhorais riaracháin nó eile, le húdarás a tharmligean ach ba mhaith leis béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé féachaint chuige i ngach cás go gcaithfear airgead poiblí go beacht de réir nósanna imeachta agus prionsabail cheadaithe cuntasaíochta.


Tugann an Coiste dá aire freisin nach bhfuil údárás tarmligthe tugtha do ranna eile cosúil leis sin atá i gceist i gclár tógála comhthiomsaithe na Roinne Oideachais ach go bhfuiltear tar éis an t-údarás tarmligthe a bhíodh leis na blianta ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le scoileanna náisiúnta a thógáil, a threalmhú agus a throscánú a aistriú chun na Roinne Oideachais tar éis an fhoráil airgeadais iomchuí a bheith aistrithe ón Vóta do Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí go dtí an Vóta do Bhun-Oideachas.


Cúis áthais don Choiste fios a fháil go n-aontaíonn an tAire Airgeadais le tuairimí an Choiste go ndeachaigh an Roinn Oideachais thar a n-údarás tarmligthe i gcás an chaiteachais ar Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann agus go bhfuil sé tar éis é sin a chur i bhfios don Roinn dá réir sin agus béim a leagan ar an ngá atá le cead roimh ré a fháil ón Roinn Airgeadais in aon chás eile dá leithéid.


Meán-Oideachas—An Cuntas Fionraíochta a úsáid i leith aonaid thógála réamhdhéanta.

18. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh deireadh i 1974 leis an scéim chun rang-sheomraí réamhdhéanta soghluaiste a cheannach ar an mór-gcóir agus go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis a leithscéal a ghabháil mar gheall ar ré ró-fhada an chuntais fionraíochta agus a chur in iúl go nglanfar an cuntas sa bhliain reatha.


Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair—Cuntasaíocht le haghaidh cúrsa i gcúram leanaí.

19. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire Airgeadais lena thuairim, is é sin, maidir leis an deontas a rinneadh as gnáth-mhírcheann le stiúrthóirí an chúrsa a tugadh maidir le haireachas leanaí gur cheart aon iarmhéid a bhí fágtha gan chaitheamh an 31 Márta 1972 a thabhairt suas don Státchiste. Cuis áthais dó a aireachtáil go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis ráiteas cuntais agus clár comhardaithe, agus iad iniúchta, maidir leis an gcúrsa a chur ar aghaidh go dtí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus go bhfuil an Roinn sin tar éis socruithe a dhéanamh ráiteas cuntais iniúchta a fháil gach uair a bheidh cúrsaí maidir le haireachas leanaí ar siúl feasta agus leabhair chuntais an deontaí a chur á scrúdú ag oifigigh na Roinne le bheith cinnte go mbeidh íocaíochtaí in ordú agus go mbeidh gach rud eile ceart ó thaobh cuntasaíocht Rialtais.


Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

20. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil faisnéis tugtha don Aire Airgeadais go ndéanfaidh an Roinn Oideachais, agus sin de réir mar ba mhaith leis an gCoiste, soláthar le haghaidh forbairt iomlán láithreáin oibre agus tírdhreachú i láithreán Plassy i Luimneach faoi mhírcheann amháin agus go gcuirfidh sí san áireamh é go hiomlán i gcostais chaipitiúla an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas.


Iompar agus Cumhacht—Ioc Úis ag CIE.

21. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon tuairim leis gur ag an bParlaimint is ceart ceannas a bheith agus cinneadh á dhéanamh faoi chúrsaí airgeadais chomh maith le rudaí eile agus go bhfuil sé á mheabhrú sin don Roinn Iompair agus Cumhachta agus do CIE. Tá sé sonraithe aige freisin gur íoc CIE leis an Státchiste an 29 Márta 1973 iarmhéid an úis, £422,951, a bhí dlite i leith na leathbhliana dar chríoch 31 Márta 1972.


Deontais Forlíontacha do Chóras Iompair Éireann.

22. Tugann an Coiste dá aire gur dóigh leis an Aire Airgeadais, cé go bhfuil an tAcht Leithreasa ann féin ina údarás reachtúil, oiread agus is gá agus is leor, le haghaidh soláthar a eisiúint, gur mhaith an rud reachtaíocht speisialta a achtú, in aon chás inar féidir, chun foráil reachtúil láithreach maidir le hairgead vótáilte a athrú nó a mhodhnú. Tugann sé dá aire fós go measann an tAire, sa chás neamhghnách nárbh indéanta reachtaíocht speisialta a achtú, gur chóir nóta a bheith ar aghaidh an mheastacháin chumasúcháin á chur in iúl go soiléir don Dáil go bhfuil deontas, agus é forlíontach ar an deontas reachtúil, á bheartú.


Ní aontaíonn an Coiste leis an mbarúil go bhféadfaí forálacha Achta ón Oireachtas a leasú ar bhealach seachas le tuilleadh reachtaíochta. Glacann sé leis go bhféadfadh go mba ghá meastachán a thabhairt isteach go han-phráinneach a bheadh ar neamhréir le forálacha reachtúla láithreacha ach measann sé go mba chóir do mheastachán mar sin é a chur in iúl go soiléir, ní amháin go bhfuil deontas forlíontach do dheontas reachtúil á bheartú, ach gur ar an gcoinníoll go n-achtófar an reachtaíocht leasaitheach riachtanach ba chóir é a vótáil.


Maidir leis an deontas breise £4,464,000 a vótáladh i 1971-72 gan ceadú reachtúil sonrach, ní bhfuair an Coiste aon fhianaise shásúil á chur in iúl nárbh indéanta an reachtaíocht leasaitheach riachtanach a achtú agus sula ndéanfaidh sé a thuilleadh tráchta ar an ábhar sin ba mhaith leis cibé fianaise den sórt sin a bhfuil teacht uirthi a fháil.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

OIFIG AN AIRE DLÍ AGUS CIRT

23. Tarraingíodh aird an Choiste ar threoir na Roinne Airgeadais a cheanglaíonn nár mhór go mbeadh ar gach pá-liosta de fhostaithe Stáit is inárachaithe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh deimhniú ó oifigeach freagrach go ndearnadh na cártaí árachais iomchuí a stampáil go cuí. Níor comhlíonadh an treoir sin i gcás roinnt fostaithe inárachaithe in oifigí faoi rialú na Roinne Dlí agus Cirt. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl, ó b’ionann stampaí árachais agus airgead, nár mhór an rialú céanna a bheith ar a n-úsáid sin agus a bheadh i bhfeidhm maidir le gnó airgid ag féachaint go háirithe don méadú a bhí tagtha ar luach stampaí árachais. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste go raibh deacrachtaí foirne ar leibhéil éagsúla i mBrainse na gCuntas dá Roinn agus dúirt sé gur de bharr míthuiscinte a tharla sé nár comhlánaíodh na deimhnithe ba ghá ar phá-liostaí. Dúirt sé go rabhthas tar éis struchtúr nua foirne a bhunú sa Roinn agus go raibh muinín aige go gcinnteodh sin nach dtarlódh na deacrachtaí cuntasaíochta sin arís.


Tugann an Coiste dá aire na bearta atá déanta sa Roinn Dlí agus Cirt do réiteach a cuid deacrachtaí cuntasaíochta agus tá súil aige go n-éireoidh leo. Ba mhaith leis tathant ar gach uile Roinn féachaint chuige do ndéanfar go beacht de réir treoracha na Roinne Airgeadais.


AN ROINN AIRGEADAIS

Ct. 126.


Foscríbhinn 8.


24. Le linn a chuid fianaise gheall an tOifigeach Cuntasaíochta féachaint an bhféadfaí tábla a chur in imleabhar bliantúil na gCuntas Leithreasa, mar eolas don Choiste, ag leagan amach fáltais agus íocaíochtaí idir an Státchiste agus na Comhphobail Eorpacha. I meamram a cuireadh faoi bhráid an Choiste ina dhiaidh sin luaigh sé go raibh léargas le fáil ar na hidirbhearta idir an Státchiste agus C.E.E. sna táblaí sa tuarascáil, “Forbairtí sna Comhphobail Eorpacha”, agus dúirt sé go mb’fhéidir go ndéanfadh an t-eolas iontu sin cúis don Choiste. Tar éis don Choiste ábhar na dtáblaí sin a bhreithniú tá sé sásta nach bhfuil aon ghá na sonraí sin a chur in imleabhar bliantúil na gCuntas Leithreasa.


RIALÚ AR EISIÚINT AIRGEAD POIBLÍ CHUN COMHLACHTAÍ STÁT-URRAITHE

Cta. 569-570.


Cta. 758-763.


25. Bhreithnigh an Coiste míreanna 11, 57 agus 76 de Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste inar tarraingíodh aird ar airgead poiblí a eisiúint de bhreis ar ar theastaigh láithreach d’airgead chun trí chomhlacht Stát-urraithe, an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, Gaeltarra Éireann agus Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste gurbh é ba chúram dó i gcásanna den sórt sin féachaint chuige nach n-eiseofaí airgead poiblí as an Státchiste sula mbeadh sé ag teastáil ná i suimeanna níos mó ná mar is gá le haghaidh na seirbhíse ar chuici a bheidh sé á eisiúint.


Maidir leis an airgead a eisíodh chun na Gníomhaireachta Náisiúnta Foirgníochta Teoranta chuir Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta Rialtais Áitiúil in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndéantar aon rialú mionsonrach ar bhainistíocht cuntas lá-go-lá na Gníomhaireachta ag an Aire Rialtais Áitiúil, ar ar a mholadh a thugtar eisiúintí don Ghníomhaireacht as an bPríomh-Chiste. Nuair a bhíonn an tAire sásta, ag féachaint do chaiteachas na Gníomhaireachta ar a clár cinntriallach, a dliteanais conarthacha ag an am, an tréimhse den bhliain agus dáiliú uileghabhálach na Gníomhaireachta faoin mBuiséad Caipitil, gur cheart an t-airgead a eisiúint, cuireann sé na moltaí is gá ar aghaidh chun an Aire Airgeadais. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go ndearnadh an tráthchuid deiridh de chion caipitil na Gníomhaireachta do 1972-73 a eisiúint de réir mar a bhí sé ag teastáil faoi chomhair caiteachais ar oibreacha a rinneadh sa bhliain agus faoi chomhair dliteanais chonarthacha láithreacha. Chuir Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta Thionscail agus Tráchtála in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, i gcás Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, nach raibh, tráth deireadh gnó ar 31 Márta 1973, sonraisc agus deimhnithe ailtirí dár mhéid £388,847, a bhain le caiteachas 1972-73, tíolactha don chomhlacht agus thárla de sin go raibh an t-iarmhéid airgid ní b’airde ná mar a tharlódh sa ghnáth-shlí dá mbeifí tar éis na cuntais a fháil in am le haghaidh íocaíochta. Dúirt sé freisin go raibh athrú déanta ar mhodh airleactha an airgid chun na cuideachta agus go mbeadh foriarratais ar airgead á ngrinnscrúdú i gcónaí ag an Roinn. Le linn a scrúdaithe ag an gCoiste dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh an fhadhb a bhain le rialú ar eisiúint an airgid á réiteach trí na heisiúintí chun na cuideachta a dhéanamh an tráth céanna a bheadh sé ceaptha dóibhsean a gcuid billí a íoc.


Maidir le Gaeltarra Éireann chuir Oifigeach Cuntasaíochta Vóta Roinn na Gaeltachta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tuigeadh, ó bhí an t-airgead Stáit a sholathraítear go bliantúil do Ghaeltarra ag méadú go mór, nár mhór rialú níos déine a dhéanamh ar eisiúintí agus go raibh bearta déanta á chur sin i gcrích.


Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin aird Oifigigh Chuntasaíochta na Roinne Airgeadais ar cheist sin na heaspa rialaithe a bhí ar eisiúintí airgid Státchiste, toisc go raibh freagracht ghinearálta ar an Roinn Airgeadais maidir le rialú airgid phoiblí. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina fhreagra go raibh na Ranna lena mbaineann tar éis socruithe a thabhairt isteach, nó go raibh treoir tugtha dóibh socruithe a thabhairt isteach, a chuirfeadh in áirithe nach n-eiseofaí chun comhlachtaí Stát-tionscanta ach amháin na méideanna ba ghá faoi chomhair riachtanais láithreacha agus nár chóir i gcúinsí ar bith ligean d’iarmhéideanna móra méadú ina lámha. San fhianaise a thug sé don Choiste dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur ar na Ranna lena mbaineann a bhí an phríomh-fhreagracht san ábhar sin; cé go bhféadfadh a Roinnsean bun-rialacha ginearálta a leagan síos ba cheist í go príomha don Roinn lena mbaineann cá mhéid a dhéanann comhlachtaí Stáit nó gníomhaireachtaí eile atá faoina n-urlámh de réir na rialacha sin. Chuir sé in iúl ina theannta sin go raibh sé go hiomlán i bpáirtíocht bhuartha leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus leis an gCoiste faoi airgead a bhí á íoc as an Státchiste de bhreis agus de bharraíocht ar na méideanna ba ghá faoi chomhair riachtanais reatha agus láithreacha an ghnó áirithe.


Is ró-thromaí leis an gCoiste gur theip ar na Ranna lena mbaineann eisiúint airgid an Státchiste a rialú mar ba cheart. Ba mhaith leis a chur in iúl go láidir fós arís gur chuid bhunúsach den dea-chuntasaíocht rialú den sórt sin. Tugann sé dá aire go bhfuil bearta déanta chun an cor míshásúil atá léirithe i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a leigheas agus tá súil aige go mbeidh feidhm leo.


AN PHRÍOMH-OIFIG STAIDRIMH

26. Thug an Coiste dá aire go ndearnadh an caiteachas i leith cóipinnill agus trealamh coimhdeach a fháil in áit cinn a bhí i rannóg chlódóireachta na hOifige a íoc as Fo-mhírcheann B—Costais Taistil agus Costais Theagmhasacha. Rinne an meastachán don bhliain a bhí faoi bhreithniú soláthar faoin bhfo-mhírcheann sin do threalamh oifige (£18,000) agus do chíos ríomhaire (£22,500).


Ceistíodh an tOifigeach Cuntasaíochta i dtaobh nár mhó ba iomchuí agus nár mhó an t-eolas a bheadh ar fáil, go háirithe ag féachaint don chostas, dá mba faoi fho-mhírcheann ar leith a dhéanfaí soláthar do na hítimí sin. D’aontaigh sé nach dtarraingeodh sé aon deacrachtaí ar a Oifigsean dá n-osclófaí fo-mhírcheann speisialta do na hítimí sin. Molann an Coiste go mbreithneofaí an t-ábhar sin nuair a bheadh meastacháin á n-ullmhú san am le teacht don Phríomh-Oifig Staidrimh agus nuair a bheadh aon mheastachán eile á ullmhú a mbeadh soláthar réasúnta mór ann do threalamh faoin bhfo-mhírcheann—Costais Taistil agus Costais Theagmhasacha.


RIALTAS ÁITIÚIL

27. D’inis an tOifigeach Cuntasaíochta, le linn dó a bheith á scrúdú ag an gCoiste, gur thionscain an Garda Síochána imeachtaí in aghaidh 28,000 duine i 1972 agus in aghaidh 34,899 duine in 1973 mar gheall ar gan cáin bóthair a bheith íoctha acu ar ghluaisteáin dá gcuid. Bhraith an Coiste gur cúis bhuartha an fhianaise sin faoi sheachaint chánach, go háirithe ós rud é nach bhfuil ar áireamh na bhfigiúir a thug an tOifigeach Cuntasaíochta an uimhir daoine a bhfuarthas gluaisteáin acu gan cáin a bheith íoctha orthu ach nár tugadh faoi dhlí ar chúis amháin nó eile. Níl ar áireamh orthu ach oiread an uimhir daoine a raibh gluaisteáin acu gan cáin a bheith íoctha agus nár tugadh faoi deara. Cé gur feasach an Coiste feabhas na nGardaí ag lorgaireacht sna cúrsaí sin chuir sé i gceist an bhféadfaí imeachtaí riaracháin a bhaineann le motar-fheithiclí a chur faoi cháin a fheabhsú ionas gur dheacra éalú ó cháin a íoc, agus beidh fáilte aige roimh thuilleadh tuairimí ón Oifigeach Cuntasaíochta faoin ábhar sin.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

28. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar Oifig na nOibreacha Poiblí do cheannach áitribh ar £26,000, le ceadú na Roinne Airgeadais lena úsáid ag Gael Linn le haghaidh cúrsaí léinn Gaeilge. I gceantar cónaithe atá an t-áitreabh, agus ar Ghael Linn do dhéanamh iarratais, tar éis an t-áitreabh a bheith ceannaithe, ar athrú úsáide a cheadú, dhiúltaigh an t-údarás pleanála dó agus dhiúltaigh an tAire Rialtais Áitiúil dó ar achomharc. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina fhianaise don Choiste gur críochnaíodh an ceannach sin ar fhoras dearbhú béil ó oifigeach don údarás pleanála go gceadófaí athrú úsáide agus chuir sé in iúl gur ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí go rialta le faisnéis bhéil. D’inis sé freisin go ndearna Gael Linn iarratas athuair ar Bhardas Bhaile Átha Cliath ach gur diúltaíodh don iarratas sin agus go rabhthas ag feitheamh le toradh achomhairc eile chun an Aire Rialtais Áitiúil faoin ábhar. Glac Gael Linn seilbh ar an áitreabh idir an dá linn agus bhí roinnt ranganna Gaeilge á seoladh acu ann. Faisnéiseadh d’Oifig na nOibreacha Poiblí gur tuairim £2,450 sa bhliain a bheadh sa chíos tráchtála. Mar gheall ar theorainn a bheith leis an úsáid, measadh gur lú ná an cíos iomlán tráchtála ba cheart a bhaint de Ghael Linn. Cinneadh ar £2,000 ach mheas Gael Linn go raibh an tsuim sin ró-mhór agus d’iarr siad go ligfí don scéal nó go mbeadh a fhios cad é an toradh a bheadh ar a n-achomharc pleanála. Níor ghéill Oifig na nOibreacha Poiblí don iarratas sin ach ní bhfuarthas aon chíos ó Ghael Linn. Bhreithnigh an Coiste trí ghné ar leith den idirbheart sin, áitreabh a cheannach sula bhfuarthas ceadú, úsáid a athrú, fabhar a dhéanamh do Ghael Linn trí gur cíos laghdaithe a gearradh orthu faoin áitreabh agus gan an cíos sin a bhailiú ón eagras. Tugann an Coiste dá aire gur críochnaíodh an ceannach ar fhoras dearbhú béil ó oifigeach do Bhardas Bhaile Átha Cliath go gceadófaí athrú úsáide. Glacann sé le ráiteas an Oifigigh Chuntasaíochta go nglacann Oifig na nOibreacha Poiblí go rialta le fianaise bhéil, ach mholfadh sé go bhfaighfí daingniú i scríbhinn feasta i gcásanna den sórt sin, go háirithe nuair a bhíonn muirear nach beag ar chistí poiblí i gceist. Tugann an Coiste dá aire freisin gur le toiliú scríofa an Aire Airgeadais a cinneadh gur cíos laghdaithe a ghearrfaí ar Ghael Linn agus, sna himthosca sin, ní mian leis an gCoiste trácht thairis sin ar an ábhar sin. Maidir le Gael Linn do mhainniú an cíos a íoc ar ar cinneadh maidir leis an áitreabh d’aslódh an Coiste ar Oifig na nOibreacha Poiblí gach ní a dhéanamh is féidir chun an fiach sin a ghnóthú má tá sé gan íoc fós. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí san eolas é maidir leis an gcás sin.


Foscríbhinn 10.


29. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ina Thuarascáil ar íocaíochtaí, £168,000 san iomlán, a bhí déanta teacht 31 Márta 1973 i leith foirgneamh a chur ar fáil a ndearnadh conradh ar £112,525 dó i Lúnasa 1969 agus a bhí ionann is a bheith críochnaithe i Meán Fómhair 1971. Thug sé barúil gur dhealraitheach beagnach 50% de bhreis ar chonradh £113,000, a críochnaíodh nach mór i mbeagán le cois dhá bhliain, a bheith ró-mhór ar fad, ach dúirt sé nach mbeadh sé ar a dheis aige a bheith deimhnitheach faoin ábhar go dtí go mbeadh cuntas deiridh an chonartha socraithe.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste go raibh sé, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an gcuntas deiridh, cuntas a socraíodh idir dhá linn, sásta go maith leis an scéal mar bhí sé; rinneadh a bhfuil déanta faoin gconradh a thuairisciú don Roinn Airgeadais agus bhí costas iomlán na scéime ceadaithe aici sin.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina fhianaise os comhair an Choiste gur suim thart ar £170,000 an tsuim chonartha a bhí ar áireamh faoi dheoidh sa chás sin. Chuir sé síos go mion ar na suimeanna breise iomaí ba chúis leis an mbreis thar an tsuim bhunaidh £112,525 agus i nóta a chuir sé faoi bhráid an Choiste (Foscríbhinn 10) thug sé sonraí na méaduithe faoina bpríomh-cheannteidil. D’inis an tOifigeach Cuntasaíochta gur suim de réir £10.86 an troigh chearnach a tháinig costas críochnaitheach an fhoirgnimh agus, mar chuir lucht eolais in iúl dó, gur bhfiú go maith an méid sin foirgneamh críochnaithe dá chaighdeán a bhí ag teastáil agus a cuireadh ar fáil.


Tá an Coiste sásta ón bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta agus é faoi scrúdú agus ón eolas a thug sé don Choiste dá éis sin nach raibh an bhreis a bhí le híoc thar an bpraghas conartha bunaidh míchuíosach ard agus go bhfuair Oifig na nOibreacha Poiblí luach an airgid sa chás sin.


TALMHAÍOCHT

30. Thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste do scéim shealadach, a tugadh isteach le ceadú an Rialtais sa Mhárta 1972, le hiasachtaí airgid saor ó ús a sholáthar do mhonarchana tionscail chonablach a raibh deacrachtaí airgid ag gabháil dóibh, agus chuir sé in iúl gur tugadh £906,792 san iomlán amach ina iasachtaí sa bhliain 1972-73. Bhí socrú sa scéim chun na hiasachtaí a aisghabháil trí asbhaint as íocaíochtaí fóirdeontais i leith conablaigh mhairteola a onnmhairiú a íocfaí as an Vóta (Fo-mhírcheann E.4) nuair a rachadh an ráta fóirdheontais thar 1.25p an punt. De bharr nach ndeachthas thar an ráta sin aon tráth idir an dáta a tosaíodh ar an scéim fóirdheontas gan ús agus Nollaig 1972 nuair a cuireadh deireadh leis an scéim, níor bhféidir an tslí a oibriú a raibh sé beartaithe na hiasachtaí a aisghabháil. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndearnadh aon socrú eile chun na hiasachtaí a aisghabháil agus dúirt sé ina fhianaise os comhair an Choiste go raibh an scéal á phlé aige i gcónaí leis an Roinn Airgeadais féachaint conas is féidir críoch a chur air.


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na hiasachtaí sin gan aisíoc le tuilleadh agus dhá bhliain agus áitíonn sé gur cheart malairt socrú a dhéanamh gan a thuilleadh moille lena n-aisghabháil, mura bhfuil socrú den sórt sin déanta cheana féin. Ba mhaith leis go gcoinneofaí san eolas é faoin scéal.


OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS

31. Ceanglaíonn an tAcht um an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha 1971 ar an mBord a chuntais a chur in aghaidh na bliana faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. Thuairiscigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach bhfuarthas aon chuntais fhoirmiúla ón mBord fós lena n-iniúchadh cé gur bhunaigh an tAire Oideachais an Bord 1 Bealtaine 1972. Lean an Roinn Oideachais uirthi ag íoc thar ceann an Bhoird tar éis dáta a bhunaithe agus tá an caiteachas sin iniúchta mar chuid den chaiteachas a bhí ar áireamh sa Chuntas Leithreasa don Vóta sin.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur iarr an Bord ar an Roinn Oideachais leanúint uirthi ag íoc ar a son agus féachaint i ndiaidh a gcuntas agus d’aontaigh an Roinn sin a dhéanamh go dtí an 31 Nollaig 1974 ach go mbeadh orthu féin an gnó sin a dhéanamh uaidh sin amach. Chuir sé in iúl gur comhaontaíodh ar an bhfoirm chuntas leis an Roinn Airgeadais agus gur cuireadh ar aghaidh chun an Choláiste í agus go raibh an Coláiste freagrach sna cuntais a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste san fhoirm sin.


Is ró-thromaí leis an gCoiste go bhfuil mainnithe ag an mBord forálacha alt 15 den Acht um an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha 1971 a chomhlíonadh. Tugann sé dá aire iarrachtaí an Oifigigh Chuntasaíochta ar an ábhar sin a chur ina cheart agus ba mhaith leis go gcuirfí a dtoradh sin in iúl dó.


MEÁN-OIDEACHAS

Cta. 819-840.


32. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ina Thuarascáil ar £40,000 a íocadh sa Mhárta 1973 le hiontaobhaithe deoise i leith láithreáin 16 acra le haghaidh scoile comhphobail i gceantar an Fhál Charraigh i gContae Dhún na nGall. Dúirt sé gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó gur comhaontaíodh ar an bpraghas ceannaigh idir ionadaithe na n-iontaobhaithe deoise agus an Roinn Oideachais, go raibh a fhios ag an Roinn, nuair a d’aontaigh sí an praghas sin a íoc, go raibh láithreáin ag dul £2,500 an t-acra sa cheantar agus gur chuir an Oifig Luachála in iúl gurbh é a dtuairim gur £50,000 margadh-luach iomlán na talún.


D’inis an tOifigeach Cuntasaíochta, ina fhianaise os comhair an Choiste, scéala cheannach an láithreáin. Chuir sé in iúl go raibh scoil ghairmoideachais agus dhá mheánscoil ag obair sa cheantar nuair a chuaigh Brainse Fhorbartha na Roinne i mbun suirbhéireacht a dhéanamh ar shaoráidí oideachais san áit. Tháinig tuairim chun cinn gur scoil chomhphobail ab fhearr a d’fhónfadh sa cheantar. Ba rogha ró-thábhachtach láithreán a thoghadh do scoil den sórt sin agus phlé an tEaspag, an tAire agus an tOifigeach Cuntasaíochta an scéal eatarthu san am, agus chinneadar go n-íocfaí £40,000 ar an láithreán a theastaigh uathu. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur ghnás ag an Roinn luacháil a fháil ón Oifig Luachála, ach ní dhearnadh sin sa chás sin go dtí tar éis an bhirt, agus a fhios ag an mBrainse Fhorbartha go raibh siad féin ag íoc de réir £2,500 an t-acra ar láithreáin in áiteanna eile. Maidir lena an bpraghas ceannaigh a íoc agus a mhuirearú sul a bhfuarthas teideal dlíthiúil chun an láithreáin dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur mheas sé féin gur mhuirear cuí sna cuntais do 1972-73 an íocaíocht sin mar gur thug sé gur fhéad an conraitheoir dul isteach ar an láithreán agus bualadh faoin scoil a thógáil.


Rinne an Coiste breithniú fada ar an idirbheart sin. Is mian leis a chur in iúl go soiléir nach í an chuid polasaí dá dtáinig gur ceannaíodh an láithreán sin is cúram leis ach a fháil amach ar ar mhodh rialta cuntasaíochta agus nós imeachta a rinneadh an t-idirbheart. Maidir leis sin de, tugann sé dá aire ó Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár fiafraíodh faoi luacháil an láithreáin go ceann cúig mhí tar éis an praghas ceannaigh a bheith íoctha. Tugann sé faoi deara freisin ón bhfianaise a fuair sé ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár iarradh ar an Roinn Airgeadais ceadú sonrach a thabhairt leis an bpraghas a íocadh.


Mar gheall ar na himthosca go léir tá ar an gCoiste a dhearbhú go daingean gur cheart fios luachála an láithreáin a fháil sular íocadh an praghas ceannaigh agus gur cheart ceadú sonrach leis an gceannach a iarraidh roimh ré ar an Roinn Airgeadaís. Ní féidir leis aontú gurbh éard an íocaíocht sa chás sin íocaíocht i leith dliteanais fhaibhrithe agus muirear ceart sa bhliain 1972-74. Ina theannta sin, measann an Coiste gur cheart i gcás idirbheart den sórt sin a bhfuil gnéithe neamhghnácha ag gabháil leis é a chur i bhfios do Dháil Éireann trí nóta oiriúnach sa Chuntas Leithreasa.


VIVION de VALERA


Cathaoirleach.


30 Deireadh Fómhair, 1975.