Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::13 March, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 13 Márta, 1975.

Thursday, 13th March, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha, C. Ó Murchú, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Rialtas Áitiúil, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Niocail (Coimisinéir Luachála), G. Ó Meachair (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), C. Ó Fearghail (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.