|
IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTEPROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEEDé Céadaoin, 4 Meitheamh, 1975Wednesday, 4th June, 19751. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair: Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Deasún, Dockrell, Easmann, Ó Flanagáin, Mac Domhnaill agus Stondún; na Seanadóirí Ó Beoláin, Ó hUiginn agus Ó Luineacháin. Fuarthas leithscéil ó na Teachtaí Ó Coileáin agus Mac Gearailt faoi nár fhéad siad bheith i láthair 3. Dréacht-Tuarascáil ar Dhréacht-Treoir ón gComhairle maidir le Comhionannas Córach d’Fhearoibrithe Agus Do Bhanoibrithe. Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:— (i) Aontaíodh míreanna 1 go 4 go huile. (ii) Mír 5. Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In the third sub-paragraph to delete ‘372’ and substitute ‘125 secondary, 218 vocational, 15 community and 14 comprehensive’”. Aontaíodh an leasú. Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In the third sub-paragraph to delete ‘is likely to’ and substitute ‘should’” Aontaíodh an leasú. Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In the final sub-paragraph to delete ‘although they are not open to or suitable for men’”. Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an mír mar a leasaíodh. (iii) Aontaíodh mhír 6. (iv) Mír 7 Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In the second sub-paragraph to insert ‘Equal Pay Commissioner and the’ before ‘Labour Court’”. Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh. Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh. Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin. 4. Athlá. Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.10 p.m. |
||||||||||||