Committee Reports::Report No. 09 - Employmen Training and Working Conditions::04 June, 1975::Appendix

FOSCRÍBHINN

Is iad seo a leanas tograí na dréacht-Treorach:


Scóip

Feidhm phrionsabal an chomhionannais chórach.


Sainmhíniú

Ciallaíonn “Comhionannas Córach” díchur gach idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, nó ar stádas maidir le pósadh nó le clann, agus oideachas ginearálta agus teicniúil chomh maith le gairmoiliúnt agus athoiliúint a chur ar fáil gan idirdhealú den sórt sin.


Cur i ngníomh

(1) Maidir le—


(a) Fostaíocht, agus


(b) Coinníollacha oibre, lena n-áirítear dífhostú agus forálacha slándála sóisialta,


bearta reachtaíochta nó riaracháin chun a áirithiú go mbeidh an dlí, coinníollacha riaracháin, conarthaí agus comhaontuithe comhchoiteanna ag comhtheacht leis an bprionsabal.


(2) Maidir le gairmoiliúint—


(i) caoi ar iodeachas ginearálta agus gairmoiliúint a fháil agus athoiliúint de réir éirimí agus aidhmeanna, agus


(ii) oideachas agus oiliúint a chur ar fáil gan idirdhealú mar atá sin sainmhínithe.


(3) Maidir le huaschéimniú—


a áirithiú gur ar cháilíochtaí duine, agus gan idirdhealú mar atá luaite, a bhunófar struchtúr na slí beatha a bheidh aige nó aici.


An Treoir a chur i bhfeidhm

(1) Teideal oibrí chun na cearta atá beartaithe a chur i bhfeidhm trí phróiseas dlíthiúil, tar éis dul ar iontaoibh údarás eile b’fhéidir.


(2) Cosaint a bheith ann don oibrí a fhéachfaidh lena chur d’iallach ar fhostóir an Treoir a chomhlíonadh, ionas nach bhféadfaidh an fostóir beart díoltais a imirt ar an oibrí trí dhífhostú nó trí éagóir thromchúiseach eile.


(3) Poiblíocht leormhaith ag an Stát.


Tráthchlár

(1) Feidhmiú ag an Stát laistigh de bhliain.


(2) Solas a thabhairt don Choimisiún ar na bearta a bheidh déanta ag an Stát laistigh de dhá bhliain.