Committee Reports::Report No. 09 - Employmen Training and Working Conditions::04 June, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Scrúdaigh an Comhchoiste togra do Threoir ón gComhairle maidir le comhionannas córach d’fhearoibrithe agus do bhanoibrithe (caoi ar fhostaíocht agus gairmoiliúint a fháil agus ar dhul chun cinn, agus coinníollacha oibre). Is cuid thábhachtach den Chlár Gníomhaíochta Sóisialta lenar ghlac an Chomhairle an 21 Eanáir, 1974 an togra sin, agus ceaptar go nglacfaidh an Chomhairle leis i mbliana. Féadfar é a bhreithniú i ndáil le cúlra na reachtaíochta a thug isteach le déanaí prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann.


2. Tograí an Choimisiúin

Tugtar coimriú ar fhorálacha na dréacht-Treorach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Is é is príomhchuspóir dóibh feabhas a thabhairt ar staid na mban i réim na fostaíochta trí chomhionannas córach le fearoibrithe a áirithiú dóibh. Tá sin le gnóthú trí ghlacadh le prionsabal an comhionannais chórach ar a dtugtar de shainmhíniú “díchur gach idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, nó ar stádás maidir le pósadh nó le clann, lena n-áirítear bearta iomchuí a ghlacadh chun comhdheis a thabhairt do mhná i bhfostaíocht, i ngairmoiliúint agus i gcoinníollacha uaschéimnithe agus oibre”. Cuirfear de cheangal ar Bhallstáit na tograí a chur i gcrích laistigh de bhliain.


3. Dearcadh an Chomhchoiste

Aontaíonn an Comhchoiste go hiomlán leis an gcuspóir bunúsach comhionannas córach a áirithiú d’fhearoibrithe agus do bhanoibrithe. Fáiltíonn sé roimh na tograí mar fhorbairt thábhachtach a bhfuil sé ceaptha di saol na ndaoine a shaibhriú agus sochaí cothromasach a thionscnamh. Má tá an Comhchoiste ag cur béime sa tuarascáil seo ar na deacrachtaí is léir dó a bheith ag baint leis na tograí a chur i gcrích go hiomlán, tá sin á dhéanamh mar go gcreideann sé gur féidir na deacrachtaí sin a shárú agus le súil nach mbeadh feidhmiú prionsabail atá rímhaith á chur ó rath ag cora fírinneacha.


4. Slándáil Shóisialta

De réir na dréacht-Treorach cuirfear deireadh le hidirdhealú a bheidh bunaithe ar ghnéas nó ar stádas maidir le pósadh nó le clann i gcás coinníollacha oibre, agus áirítear san earnáil sin forálacha i dtaobh slándála sóisialta.


In Éirinn, féachtar ar na seirbhísí sóisialta, fiú na cinn a bhaineann go díreach le slándáil lucht oibre, mar rud is ionann agus gustal gann a úsáid chun freastal do na riachtanais is géire. Ní fhéadfadh prionsabal an chomhionannais chórach gan bheith ag cur as, a bheag nó a mhór, don dearcadh sin óir, má léirítear go beacht é, dhealródh sé gurb é is ciall dó an sochar céanna a bheith le fáil ag cách, cibé acu fear nó bean an duine, nó cleithiúnaithe a bheith, nó gan iad a bheith, aige nó aici. Ina theannta sin bhéarfadh sé, b’fhéidir, go gcuirfí deireadh le sochar ar nós an liúntas máithreachais a íoctar le mná amháin.


Fad is gá teorainn leis an cistí do scéim shlándála sóisialta ní ghlacfadh an Comhchoiste leis gur féidir di bheith cothromasach má thugann sí neamhaird ar riachtanais an té a thairbheodh di. Faoina réir sin bheadh an Comhchoiste i bhfabhar deireadh a chur le haon idirdhealú idir fir agus mná nuair is mar a chéile a staid phearsanta.


Aon leathnú a dhéanfaí ar an scéim sochair phá-choibhneasa d’fhonn earnáil na dtairbhithe a fhairsingiú, agus leibhéal na n-íocaíochtaí a mhéadú, ba chéim é sa treo is áil leis an gCoimisiún ach is ar éigean a d’fhéadfaí bheith ag coinne le leathnú mór laistigh de bhliain amháin. Go deimhin i gcás slándála sóisialta i gcoitinne dealraíonn an tréimhse a cheaptar a bheith i bhfad róghairid, ag féachaint don chostas a bheadh i gceist.


An prionsabal a chuirfeadh cuspóir an Choimisiúin chun cinn i réim na fostaíochta i gcoitinne, ní gá, dar leis an gComhchoiste, go mbeadh sé inchurtha chun feidhme i gcás na slándála sóisialta. Is dóigh leis an gComhchoiste gurbh é ab fhearr an fhoráil i dtaobh slándála sóisialta a fhágáil amach as an dréacht-Treoir agus go molfadh an Coimisiún tograí ar leith a thabharfadh léiriú níos cruinne ar an gcuma ina bhféadfaí dul i mbun scéimeanna slándála sóisialta atá ann faoi láthair a oiriúnú chun freastal d’aidhmeanna an Chláir Ghníomhaíochta Sóisialta.


5. Oideachas agus Traenáil

De réir na dréacht-Treorach bheadh an chaoi chun oideachas ginearálta agus gairmoiliúint a fháil ag brath go hiomlán ar éirimí agus aidhmeanna an dreama a bheadh á lorg. Dá bhrí sin beidh de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh caighdeáin chomhionanna ar chomhleibhéil, ní amháin sa ghairmoiliúint ach san oideachas ginearálta freisin, ar fáil do chách.


Cuireadh an t-oideachas ginearálta san áireamh ar eagla go mbeadh an córas oideachais, idir ghinearálta agus ghairmiúil, ag treisiú leis na tuairimí traidisiúnta nach bhfuil mná oiriúnach do phoist áirithe. Bheadh scoileanna ann, b’fhéidir, nach gcuirfeadh cúrsaí áirithe ar fáil do bhuachaillí nó do chailíní toisc go gceaptar nach mbeadh tairbhe ar bith iontu don bhuachaill áirithe nó don chailín áirithe sna gairmeacha a bhféadfaidís gabháil leo nó toisc go bhfágann patrún seanbhunaithe ár gcóras oideachais go mbeadh sé deacair dóibh na cúrsaí sin a chur ar fáil. Ní mheastar go ndéanann córas oideachais ghinearálta na tíre seo idirdhealú go comhfhiosach i gcoinne cailíní. D’fhéadfadh beagán neamhionannais a bheith ann toisc gan ábhar léinn áirithe a bheith ar fáil. Is é sin, ar ndóigh, an cineál neamhionannais a bhfuil an dréacht-Treoir ag iarraidh é a chur ar neamhní. Tharlódh nach mbeadh an scoil a bhféadtar freastal uirthi mór go leor, nó d’fhéadfadh tosca socheolaíochta a bheith i gceist. An t-idirdhealú a tharlaíonn amhlaidh mar gheall ar mhéad nó ar líomatáiste na scoile thiocfadh dó oibriú in aghaidh buachaillí chomh maith le cailíní.


Sa síneadh fada, is é is dóichí gur trí leathnú an chomhoideachais a réiteofar an fhadhb sin. Tá sin á fhorbairt cheana féin sa tír seo. De na 833 cinn de scoileanna—idir mheánscoileanna, ghairmscoileanna, phobalscoileanna agus scoileanna cuimsitheacha—atá sa tír, is scoileanna comhoideachais cheana féin 125 mheánscoil, 218 ngairmscoil, 15 phobalscoil agus 14 scoil chuimstitheacha. Creideann an Comhchoiste gur chóir féachaint chuige, de réir mar a bheidh fáil ag mná ar phoist de gach cineál, go bhfreastalóidh an córas oideachais don chor sin, agus thiocfadh dó go mbeadh líon na scoileanna comhoideachais ag dul i méid dá bharr sin.


Maidir le gairmoiliúint glacann an Comhchoiste ina áirithe é nach bhfuil sé le tuiscint as prionsabal an chomhionannais chórach gur gá go mbeadh gach uile shaghas oiliúna ar fáil ag fir agus ag mná. Tá, mar shampla, trí chúrsa speisialta oiliúna ar siúl ag AnCO cheana féin do mhná a bheadh ag iarraidh gabháil athuair le fostaíocht. Is cosúil nach bhfuil na cúrsaí sin i gcodarsnacht le beartas ginearálta na dtograí ón gCoimisiún.


6. Reachtaíocht Chosantach faoi láthair

I mórán reachtanna, agus i gcuid mhaith den reachtaíocht fúthu, rinneadh forálacha chun cosaint ar leith a chur ar fáil do bhanoibrithe. I gcásanna a bhfuil sé d’éifeacht leis na bearta sin mná a eisiamh ó chineálacha áirithe fostaíochta tá sé ceaptha na bearta a aisghairm, ós é dearcadh an Choimisiúin nach bhfuil bonn ar fónamh feasta leis na fáthanna a bhí leo.


Mar shampla, an toirmeasc atá ar fhostú ban i gcaitheamh uaire áirithe a chloig i gceirdeanna ar leith, tá sé d’éifeacht leis go n-eisiatar ó uainobair iad agus go laghdaítear amhlaidh a ndeiseanna fostaíochta. In Éirinn is iad seo a leanas na príomhreachtanna atá i gceist: na hAchtanna um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 agus 1944, Achtanna na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 agus 1942, an tAcht Monarchan, 1955 agus an tAcht um Mhianaigh agus Cairéil, 1965.


Is áirithe leis an gComhchoiste gur ar bhonn pragmatach a bheidh an dréacht-Treoir ina leith sin á cur i ngníomh. Má mheastar gur beag is fiú foráil áirithe agus gur léir í a bheith ina bac ar dheiseanna fostaíochta, is follas go n-éilíonn an Treoir í a chur ar neamhní sa chás sin. I gcásanna eile b’fhéidir gurbh é ab fhearr forálacha nua a tharraingt suas a chumhdódh idir fhir agus mhná. Is cosúil, áfach, go gaithfear forálacha áirithe, a bhaineann le mná amháin, a choimeád i bhfeidhm. B’ait an ní é, go deimhin, dá mba rud é go gcaithfí aisghairm a dhéanamh, d’fhonn deiseanna fostaíochta na mban a fheabhsú, ar fhoráil de leithéid na forála chun mná a chosaint ar theacht faoi lé ceimiceán nó radaíochta le linn a mblianta clannmhaireachta.


7. Smachtbhannaí

Cuireann an dréacht-Treoir de cheangal ar Bhallstáit bearta a thabhairt isteach chun go bhféadfadh daoine arb éagóir leo neamhfheidhmiú phrionsabal an chomhionannais chórach a n-éilimh a shaothrú trí phróiseas dlíthiúil tar éis dóibh, más féidir sin, dul ar iontaoibh údarás inniúil eile.


Ar analach an Achta in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, dhealródh sé gur féidir an fhoráil sin a chur i gcrích go réidh maidir le caoi chun fostaíocht a fháil, le huaschéimniú agus le dífhostú, trína chumasú do dhuine éagóirithe gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Pá Comhionann agus leis an gCúirt Oibreachais maille le ceart achomhairc chun cúirte ar phointe dlí. Má chuirtear slándáil shóisialta san áireamh ba leor freisin an córas reachtúil achomharc atá anois ann.


Maidir le hoideachas ginearálta agus le gairmoideachas is léir go bhféadfadh deacracht éigin a bheith ann. Sa chéad áit b’fhéidir go mbeadh sé deacair a aithint cén páirtí a bheadh le cúiseamh in idirdhealú. Is féidir a shamhlú go bhféadfadh sé gurb é an Stát é, nó scoil, nó ceardchumann nó fiú tuismitheoirí. Ach d’ainneoin na ndeacrachtaí dealraíonn sé go n-éileoidh an dréacht-Treoir go mbunófaí comhlacht riaracháin éigin chun gearáin a imscrúdú agus achomharc a bheith indéanta uaidh sin chun cúirte ar phointe dlí.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Meitheamh, 1975.