Committee Reports::Report - Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::02 July, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 2 Iúil, 1975.

Wednesday, 2nd July, 1975.

1. Tionóladh an Tríú Cruinniú Déag den Choiste ar 8 p.m. i Seomra 91.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Barra Deasún, Easmann, Eoghan MacGearailt, Ó hAirt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


Pribhléid (Líomhaintí a rinne dhá Chomhalta in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil).


3. Dúirt an Ceann Comhairle go ndearna an Teachta Ó Maoildhia líomhaintí sa Dáil an 25 Meitheamh, 1975 in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil, an Teachta Séamus Ó Táithligh. Shéan an tAire na líomhaintí go foirmiúil i míniú pearsanta sa Teach an 2 Iúil ach níor chuí leis an Teachta Ó Maoildhia iad a tharraingt siar agus, sna himthosca, bhí d’iallach ar an gCathaoir de réir fasaigh an t-ábhar a tharchur chun an Choiste lena imscrúdú. I dtaca leis seo do thagair an Ceann Comhairle do chás dá shamhail i 1948 maidir le ráitis ó Aire Talmhaíochta na linne sin a ba chaitheamh anuas ar an Teachta Ó Comhraí. D’ainneoin míniú pearsanta ón Teachta Ó Comhraí níor tharraing an tAire na ráitis siar agus rinne Ceann Comhairle na linne sin an t-ábhar a tharchur chuig an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí. Tar éis an cheist a phlé, mhol an Coiste don Teach gur chóir do Bhinse Fiosrúcháin imscrudu a dhéanamh ar an ábhar a tarchuireadh chuig an gCoiste.


Dúirt Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh gur thacaigh an Teachta Ó Críonáin sa Teach leis na líomhaintí a rinne an Teachta Ó Maoildhia agus gur chóir na ráitis ón Teachta Ó Críonáin a chur san áireamh in aon imscrúdú a dhéanfadh an Coiste.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That the Committee should itself investigate the allegations made by Deputies Crinion and Molloy against the Minister for Local Government to determine, as a result of this investigation, whether there has been a breach of privilege on the part of Deputies Crinion and Molloy or either of them”.


Tairgeadh leasú (an Teachta Ó Leathlobhair):


“To delete all words after ‘Committee’ and substitute:


‘recommend to the House that a police investigation be instituted to substantiate or otherwise the allegations made by Deputy Molloy’.”


Cuireadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh mar chuid den bhuncheist na focail a thairgtear a scriosadh”: rinne an Coiste vótáil: Tá 7; Níl 6.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Easmann, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire agus de Uidheas.


Fáisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leís an gCeist.


Cuireadh an bhuncheist: rinne an Coiste vótáil: Tá 7; Níl 6.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Easmann, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire agus de Uidheas.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Ordaíodh: Go n-iarrfaí ar an Teachta Ó Críonáin, ar an Teachta Ó Maoildhia agus ar an Aire Rialtais Áitiúil láithriú os chomhair an Choiste ar 11.30 a.m. amárach leis na líomhaintí a phlé.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.10 p.m. go dtí 11.30 a.m. amárach.