Committee Reports::Report - Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::03 July, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 3 Iúil, 1975.

Thursday, 3rd July, 1975.

1. Tionóladh an Ceathrú Cruinniú Déag den Choiste ar 11.30 a.m. i Seomra 91.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí MacAindriú, MacArtúir, Barra Deasún, Eoghan MacGearailt, Ó hAirt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


3. Pribhléid (Líomhaintí a Rinne Dhá Chomhalta in Aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil).


D’athchrom an Coiste ar na líomhaintí a rinne an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil a bhreithniú. Chuir an Teachta Ó Leathlobhair in iúl don Choiste gur chuir an Teachta Ó Críonáin i bhfios nach mbeadh ar a chumas láthriú os comhair an Choiste ar 11.30 a.m. mar go mbeadh air bheith in ospidéal le cóireáil a fháil an tráth sin. Bheadh sé ar fáil ag an gCoiste san iarnóin, áfach, dá mba ghá sin.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Deasún):


“That, noting that Deputy Crinion is unable to be present now, the Committee proceed to interview the Minister for Local Government and Deputy Molloy in the absence of Deputy Crinion.”


Tairgeadh leasú (An Teachta MacAindriú):


To delete all words after “That” and substitute:


“the Committee interview the witnesses in the presence of each other at all times”.


Cuireadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh mar chuid den bhuncheist na focail a thairgtear a scriosadh”: rinne an Coiste vótáil: Tá 7; Níl 6.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Ó hAirt, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí MacAindriú, MacArtúir, Eoghan MacGearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire agus de Uidheas.


Fáisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar eis glacadh leis an gCeist.


Cuireadh an bhuncheist: rinne an Coiste vótáil: Tá 7; Níl 6.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Ó hAirt, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí MacAindriú, MacArtúir, Eoghan MacGearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire agus de Uidheas.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Taispeánadh don Choiste teileagram a fuair an Ceann Comhairle ó ionadaithe dlíthiúla tógálaí.


Láithrigh an tAire Rialtais Áitiúil agus an Teachta Ó Maoildhia os comhair an Choiste.


Dúirt an Teachta Ó Maoildhia gur mhian leis ráiteas a thabhairt ach gur theastaigh uaidh a fháil amach sula dtabharfadh sé é an raibh cainteanna sa Choiste faoi phribhléid mar a bhí sa Dáil. Dúirt an Ceann Comhairle go rabhthas in amhras an raibh an phribhléid Bhunreachtúil a ghabhann le himeachtaí sa Teach ag gabháil freisin le Coistí den Teach. Rinne sé tagairt do chás an Fhiosrúcháin Speisialta ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí maidir leis an Deontasi-gCabhair d’Fhaoiseamh i dTuaisceart Éireann agus dúirt gur ghá, mar gheall ar amhras a bheith ann maidir leis an bpribhléid a bhí ag gabháil leis an gCoiste sin, reachtaíocht a achtú ag forordú na bpribhléidí agus na ndíolúintí a bhain le comhaltaí den Choiste agus le finnéithe agus le doiciméid. Dúirt an Teachta Ó Maoildhia gurbh é a thuairim go raibh imeachtaí an Choiste faoi phribhléid, agus go raibh rún aige ráiteas a thabhairt. Toisc gur dhealraitheach, áfach, go raibh amhras ann faoi phribhléid a bheith ag gabháil le cainteanna sa Choiste gur bheartaigh sé gan a thuilleadh a rá.


Shéan an tAire Rialtais Áitiúil go diongbháilte na líomhaintí a rinne an Teachta Ó Críonáin, agus an Teachta Ó Maoildhia agus dúirt gurbh fhonn leis go ndéanfaí imscrúdú póilíneachta ar an ábhar. D’iarr sé comhairle dlí ar an Ard-Aighne maidir leis an ábhar sin ach comhairlíodh dó, nuair nach raibh cúiseanna coiriúla i gceist sna líomhaintí, nach bhféadfadh na Gardaí baint leis an gcás.


D’fhág an tAire Rialtais Áitiúil agus an Teachta Ó Maoildhia an cruinniú ansin.


Ordaíodh: Go n-iarrfaí ar an Teachta Ó Críonáin láithriú os chomhair an Choiste ar 3.30 p.m. inniu leis na líomhaintí a phlé agus go n-iarrfaí ar an Aire Rialtais Áitiúil agus ar an Teachta Ó Maoildhia freastal an tráth sin freisin.


4. Suí ar Fionraí.


Cuireadh an Suí ar fionraí ar 1.30 p.m. go dtí 3.30 p.m. inniu.


5. Tháinig an Coiste le chéile arís ar 3.30 p.m.


6. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí MacAindriú, MacArtúir, Barra Deasún, Easmann, Eoghan MacGearailt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


7. Pribhléid (Líomhaintí a rinne dhá Chomhalta in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil).


D’athchrom an Coiste ar na líomhaintí a rinne an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil a bhreithniú.


Láithrigh an tAire Rialtais Áitiúil, an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia os comhair an Choiste. D’fhiafraigh an Teachta Ó Críonáin an raibh imeachtaí an Choiste faoi phribhléid mar a bhí imeachtaí sa Dáil. Nuair a chuir an Ceann Comhairle i bhfios go rabhthas in amhras faoi phribhléid a bheith ag baint leis an gCoiste dúirt an Teachta Ó Críonáin nach raibh beartaithe aige aon ráiteas a thabhairt.


D’fhág an tAire Rialtais Áitiúil, an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia an cruinniú ansin.


Léigh an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil:—


Aontaíodh míreanna 1 go 7, go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuarascáil a thabhairt dá réir sin.


Chuir Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Teachta Ó Leathlobhair thar ceann an Choiste a mbuíochas in iúl as an tslí éifeachtach neamhchlaon al áimhsigh an Cathaoirleach agus a fhoireann an gnó.


8. Chuaigh an Coiste ar athló at 5.15 p.m.