Committee Reports::Report - Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::03 July, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Tháinig an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí le chéile an 2 agus an 3 Iúil, 1975 chun breithniú a dhéanamh arna iarraidh sin ag an gCeann Comhairle ar líomhaintí áirithe a rinne an Teachta Breandán Ó Críonáin agus an Teachta Riobárd Ó Maoildhia agus míniú pearsanta a thug an tAire Rialtais Áitiúil, an Teachta Séamas Ó Táithligh, i nDáil Éireann, Dé Céadaoin, 2 Iúil.


2. Dhiúltaigh an Coiste de chinneadh tromlaigh glacadh le togra á mholadh don Teach gur cheart na líomhaintí sin a chur á bhfiosrú ag na Gardaí; ba é barúil an tromlaigh nár chuí na líomhaintí a chur á bhfiosrú amhlaidh.


3. Shocraigh an Coiste de chinneadh tromlaigh na líomhaintí a rinne an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia in aghaidh an Aire a imscrúdú chun a chinneadh an raibh ceachtar de na Teachtaí nó iad araon ciontach i sárú pribhléide.


4. Chinn an Coiste a iarraidh ar an Teachta Ó Críonáin, ar an Teachta Ó Maoildhia agus ar an Aire láithriú os comhair an Choiste an 3 Iúil d’fhonn na líomhaintí a phlé.


5. D’fhiafraigh an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia den Chathaoirleach an mbeadh imeachtaí uile an Choiste faoi phribhléid, agus arna chur in iúl dóibh ag an gCathaoirleach go raibh amhras éigin ann i dtaobh pribhléide, dhiúltaigh an dá Theachta ráiteas ar bith a thabhairt. Shéan an tAire go huile agus go hiomlán a ndearna an dá Theachta de líomhaintí ina choinne.


6. Ós rud é gur dhiúltaigh an Teachta Ó Críonáin agus an Teachta Ó Maoildhia ráiteas ar bith a thabhairt, is é tuairim an Choiste nach réidir dó an t-ábhar os a chomhair a imscrúdú mar ba chuí.


7. Taispeánadh don Choiste teileagram a fuair an Ceann Comhairle ó ionadaithe dlíthiúla tógálaí, agus tá cóip den teileagram sin i gceangal leis an Tuarascáil seo.


(Sínithe) SEÁN Ó TREASAIGH,


Cathaoirleach.


3 Iúil, 1975.