|
FOSCRÍBHINNCásanna a chinn Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal maidir le hinfheidhmeacht dhíreach TreorachaFranz Grad v. Finansami Traunstein (Cás 9/70) Transports Lesage v. Hauptzollant Freilburg (Cás 20/70) [1971] Haselporst v. Finanzant Dusseldorf-Altstadt (Cás 23/70) C.M.L.R.I. Le hAirteagal 4 de Chinneadh an 13 Bealtaine 1965 ón gComhairle foráladh nárbh fholáir a luaithe a bheadh comhchóras cánach láimhdeachais ceaptha ag an gComhairle, agus tugtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, é sin a chur chun feidhme ar iompar earraí in áit cánacha sonracha a bhí leagtha ar an iompar sin in ionad na cánach láimhdeachais. Chuir Airteagal 1 de Threoir an 11 Aibreán 1967 ón gComhairle de cheangal ar na Ballstáit comhchóras breisluacha a chur in ionad a gcóras cánach láimhdeachais agus reachtanna náisiúnta a fhógairt chun éifeacht a bheith tugtha don athrú sin um an 1 Eanáir 1970. Le Treoir eile fadaíodh an tréimhse sin go dtí an 1 Eanáir 1972. I bPoblacht Chónaidhme na Germáine achtaíodh reacht chun an cháin bhreisluacha a thabhairt isteach le héifeacht ón 1 Eanáir 1968, chun seirbhísí iompair a thabhairt faoina réim agus chun cánacha a gearradh ar na seirbhísí sin i 1955 a aisghairm. Leag reacht Gearmánach ina dhiaidh sin cáin eile don bhliain 1970 ar iompar idirnáisiúnta, agus fadaistearach, earraí de bhóthar laistigh de Phoblacht na Cónaidhme. Measúnaíodh an cháin sin ar na gearánaithe sna trí chás thuasluaithe agus d’fhéach siad lena bhunú i gCúirt Ghearmánach nach reibh an reacht ag réiteach le dlí CEE. Chuir an Chúirt Gearmánach roinnt ceisteanna faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach d’fhonn cuidiú a fháil chun teacht ar chinneadh. I gceann de na ceisteanna sin fiafraíodh an raibh éifeacht dhíreach ag Airteagal 4 de Chinneadh na Comhairle, in éineacht le hAirteagal 1 de Threoir na Comhairle ar an gcaidreamh dlíithiúil idir Ballstáit agus daoine aonair, agus ar dhílsigh siad do dhaoine aonair cearta a gcaithfeadh Cúirteanna na mBallstát éifeacht a thabhairt dóibh. Thug an Chúirt freagra deimhneach ar an gciest sin. Deir Airteagal 189 de Chonradh CEE go bhfuil Rialachán infheidhme go díreach ach ní fhágann sin nach bhféadh gníomhartha eile bheith amhlaidh choíche. Ós rud é go nagabhann ceangal le Cinneadh, bheidh sé bunoscionn leis sin bac ó phrionsabal a bheith ar dhaoine aonair leas a bhaint as, go háirithe dá mba rud é go lagódh sin éifeacht úsáideach an bhirt. Tugann Airteagal 177 cumhacht do Chúirteanna Náisúnta ceisteanna a chur faoi bhráid na Cúirte maidir le bailíocht agus léiriú beart, gan idirdhealú, agus is tuigthe uaidh sin go bhfeadfaidh daoine aonair bearta den chineál sin a agairt sna Cúirteanna Náisúnta. Dá bhrí sin nímór nádúr dlíthiúil, leagan amach agus foclú gach uile fhoráil a scrúdú féachaint an foráil í atá infheidhme go díreach. Bhí cumhachtaí fairsinge ag an gComhairle faoi Airteagal 75 chun comhbheartas iompair a chur i ngníomh agus ghlac sí de rogha oibleagáidí a legan síos i dtéarmaí a bhí neamhchinníollach, soiléir agus beacht. Dá bhrí sin bhí na forálacha a tugadh i gceist infheidhme go díreach. Sace v. Roinn Airgeadais na hIodáile (Cás 37/70) [1973] C.M.L.R. 123Chair Reacht Iodálach a ritheadh i 1950 táille i leith seirbhísí riarcháin de mhuirear ar earraí a allmhairiódh, de réir 0.5 faoin gcéad dá luach. Faoi Airteagal 13 (2) de Chonradh CEE ceanglaíodh ar na Ballstáit muirir ar chomhéifeacht le dleachtanna custam ar allmhairí a dhíothú i rith na hidirthréimhse agus bhí an tráthchlár don díothú sin le socrú i dTreoir. Le Cinneadh 66/532 ón gComhairle, ar an 26/7/1966, tugadh ar aghaidh go dtí an 1 Iúil, 1968, an dáta deiridh chun na muirir go léir idir Ballstáit an Chomhphobail a dhíothú Ar bhonn an Chinnte sin d’eisigh an Coimisiún Treoir 60/31 den 22 Nollaig, 1967 chuig Rialtas na hIodáile á cheangal air muirir áirithe riaracháin a bheith díothaithe um an 1 Iúil, 1968. In imeachtaí a thionscain an Coimisiún i 1970 thug Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach de bhreith go raibh Airteagal 13 (2) á shárú ag an Iodáil trí reacht 1950 a fhágáil gan aisghairm. D’agair na gearánaithe an dlí ar Roinn Airgeadais na hIodáile i gCúirt Iodálach chun aisíocaíocht a fhail in aghaidh muirear riaracháin a leagadh orthu tar éis an 1 Iúil, 1968. D’fhiafraigh an Chúirt Iodálach de Chúirt na gComhphobal an raibh forálacha Airteagal 13 (2), nó forálacha na Treorach féin, tar éis teacht chun bheith infheidhme go díreach sa dlíchóras Iodálach de dhroim Treoir 68/31 a eisiúint. Ghlac Cúirt na gComhphobal Eorpach leis gur bhain an cheist go fírinneach leis an éifeacht a bhí ag Airteagail 9 agus 13 (2) den Chonradh, ag Cinneadh 66/532 agus ag Treoir 68/32 i dteannta a chéile, Ba léir go raibh sé d’éifeacht ag Airteagail 9 agus 13 (2) i dteannta a chéile toirmeasc a chur ar mhuirir áirithe tar éis na hidirthréimhse, agus bhí sin infheidhme go díreach de thairbhe a nádúir. Chun éifeacht na Treorach a mheas b’éigean breithniú a dhéanamh ní amháin ar fhorirm an bhirt ach ar a shubstaint agus ar a fheidhm i gcóras an Chonartha freisin. Ní dhearna Treoir 66/532 modhnú ar ná dúr na hoibleagáide a leagadh ar Bhallstáit agus dá bhrí sin d’fhéadfadh éifeachtaí díreacha a bheith leis an obleagáid roimh dheireadh na hidirthréimhse chomh maith le tar éis na hidirthréimhse. Le Treoir 68/31 ceapadh dáta deitidh le haghaidh comhlíonadh na hoibleagáide a bhí ingheidhme go díreach í fé de bhua Airteagail 9 agus 13 (2) den Chonradh agus dá bhrí sin a d’fhéadfadh daoine aonair a agairt sa Chúirt Náisiúnta. Van Duyan v. Home Office (Cás 23/70) [1975] C.M.L.R.I.Bhain an cás seo le náisiúnach den Ísiltír, Iníon Van Duyn, dar diúltóidh cead isteach sa Ríocht Aontaithe chun gabháil le fostaíocht mar rúní ag an Eaglais Éargneolaíochta. Ba í cúis a tuadh gur mheas an státrúnaí é a bheith míchuibhiúil cead a thabhairt do dhuine ar bith teacht isteach sa tír ar ghnó, nó i bhfostaíocht, Eaglais na hÉargneolaíochta. Bhí sé ag gníomhú faoi chumhachtaí lánroghnacha a tugadh dó san Immigration Act, 1971. Thionscain Iníon Van Duyan imeachtaí in Ard-Chúirt Shasana ag seasmh di ar Airteagal 48 de Chonradh CEE a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe agus ar Airteagal 3 de Threoir 64/221, a léann mar a leanas: “Bearta a dhéanfar ar fhorais an oird phoiblí nó na slándála poiblí, bunófar iad ar iompar pearsanta an duine aonair.” D’airr an Ard-Chúirt ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal réamhrialú a thabhairt faoi Airteagal 48 den Chonradh agus Treoir 64/221 a bheith, nó gan iad a bheith, infheidhme go díreach ar dhoigh go dtabharfaidís do dhaoine aonair cearta a bheadh inchurtha i bhfeidhm acu i gCúirteanna Ballstáit. Tar éis rialú a thabhairt go raibh Airteagal 48 den Chonradh infheidhme go díreach, thug an Chúirt de bhreith ina theannta sin go raibh Airteagal 3 (1) de Threoir 64/221 infheidhme go díreach freisin. Seo mar atá ráite sa chuid iomchuí den bhreithiúnas: “[13] Trína fhoráil go gcaithfeadh bearta a ghlacfaí ar fhorais an oird phoiblí a bheith bunaithe go hiomlán ar iompar pearsanta an duine áirithe, tá sé ceaptha d’Airteagal 3 (1) de Threoir 64/221 teorainn a chur leis an gcumhacht lánroghnach a thugann dlíthe náisiúnta de ghnáth do na húdaráis a bhíonn freagrach as náisiúnaigh iasachta a ligean isteach nó a ruaigeadh amach. Sa chéad ait leagann an fhoráil síos oibleagáid nach bhfuil faoi réir aon eisceachta ná coinníill agus, de bhua a nádúir, nach gá di idirghabháil aon ghnímh ag institiúidí an Chomhphonbail ná Ballstáit. Sa dara háit, ós rud é go gcuireann an fhoráil sin d’oibleagáid ar Bhallstáit gan tosca lasmuigh d’iompar pearsanta a chur sa chuntas nuair a thugtear feidhm do chlásal a mhaolaíonn ar cheann de phrionsabail bhunúsacha an Chonartha i bhfabhar daoine aonair, éilíonn an chinnteacht dhlíthiúil do na daoine a bhíonn i gceist go mbeadh ar a gcumas seasamh ar an oibleagáid sin, cé gur in ionstraim reachtaíochta nach ngabhann aon éifeacht dhíreach léi, go huathrialach, ina hiomláine a leagadh síos í.” |
||||||||||||