Committee Reports::Report No. 11 - Directives, Implementation and Direct Applicability)::02 July, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 2 Iúil, 1975

Wednesday, 2nd July, 1975

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas) Ó Coileáin, Dockrell, Easmann, Ó Fathaigh, Ó Flanagáin agus Stondún; na Seanadóirí Ó Luineacháin agus Bean Mhic Roibín. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Deasún, Mac Gearailt agus Ó Droighneáin agus ó na Seanadóirí Mac Gearailt, Ó Riain agus Yeats faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Chomhlíonadh agus ar Infheidhmeacht dhíreach Treoracha.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 8 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil, An Teachta Easmann ag easaontú.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6 p.m.