|
TUARASCÁIL1. BrollachSa tuarascáil seo tá beartaithe ag an gComhchoiste déileáil le hábhar a bhfuil baint aige leis an urlámhas is inoibrithe ag an Oireachtas maidir le hionstraimí ó institiúidí na gComhphobal nó, mar a thugtar de thuairisc orthu uaireanta, reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal, a chur i ngníomh sa tír seo. Baineann sé freisin le ceart an duine aonair chun a thabhairt go gcuirfí i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann cearta a thig chuige de bhua na reachtaíochta sin. 2. Forálacha Bunreachtúla agus ReachtaíochtaThug leasú Airteagal 29 den Bhunreacht, trí bhíthin an Achta um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1972, cumhacht don Stát bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha. De bhua an leasaithe sin ní dhéanann foráil ar bith sa Bhunreacht “aon dlighthe d’achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail, do chur ó bhail dlighidh ná cosc do chur le dlighthe d’achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac na Comhphobail, nó institiúidí de na Comhphobail, ó fheidhm dlighidh do bheith acu sa Stát”. Le hAcht na gComhphobal Eorpach, 1972, cuireadh na Conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, agus na gníomhartha láithreacha agus todhchaí arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal, ina gceangal ar an Stát, agus rinneadh cuid dá dhlí baile díobh faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí. Dá bhrí sin ní foláir dul ar iontaoibh na gConarthaí chun a fháil amach cad é an éifeacht ó thaobh dlí an Stáit atá ag reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal Eorpach. De réir mar atá léirithe ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach tá cuid d’fhorálacha na gConarthaí agus cuid den reachtaíocht thánaisteach infheidhme go díreach sa dóigh a thuairiscítear sa chéad mhír eile. 3. Infheidhmeacht DhíreachMá bhíonn gníomh institiúide de chuid na gComhphobal infheidhme go díreach de bhua forála i gConradh, gabhfaidh éifeacht leis láithreach agus beidh sé ina foinse do chearta, dlíthiúla a fhéadfaidh an saoránach príobháideach a chur i bhfeidhm i gCúirteanna na hÉireann gan idirghabháil reachtaíochta baile. Mura mbíonn sé infheidhme go díreach ní féidir leis an saoránach príobháideach a chur i bhfeidhm ach amháin na cearta sin a thugtar de bhíthin na reachtaíochta baile lena gcuirtear i gcrích é; ach d’fhéadfadh an ionstraim Chomhphoblach bonn a chur ar fáil le haghaidh imeachtaí i gcoinne Rialtas na hÉireann ag an gCoimisiún nó ag Ballstáit eile i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. 4. Urlámhas ParlaiminteachMá bhíonn ionstraim de chuid na gComhphobal infheidhme go díreach tá sí lasmuigh d’urlámhas an Oireachtais, ach d’fhéach Tithe an Oireachtais le tionchar éigin a choinneáil ar fhorálacha ionstraime den chineál sin trína chur de dhualgas ar an gCoiste seo tograí lena n-aghaidh a scrúdú le linn iad a bheith fós i bhfoirm dhréachta. Mura mbíonn an ionstraim infheidhme go díreach d’fhéadfadh sí, áfach, bheith ina ceangal ar an Stát de bhua forála i gConradh, ach ní fhéadfaí í a chur i bhfeidhm i gCúirteanna na hÉireann go dtí go bhforáiltear amhlaidh le reachtaíocht ón Oireachtas. Más gá reachtaíocht ón Stát a bheith de thaca ag ionstram Chomhphoblach is é is dóichí gur i bhfoirm ionstraime reachtúla arna déanamh faoi Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, nó faoi reacht éigin eile, a bheidh sí. Tá de dhualgas ar an gCoiste seo na hionstraimí sin a scrúdú agus tuarascáil orthu a thabhairt do Thithe an Oireachtais. Féadfaidh Tithe an Oireachtais, má chinneann siad amhlaidh, ionstraim a neamhniú, ach más faoi údarás Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a rinneadh an ionstraim ní féidir leo í a neamhniú mura mbeidh sin molta ag an gCoiste seo. Braitheann sé mar sin ar ghníomh institiúide de chuid na gComhphobal a bheith, nó gan a bheith, infheidhme go díreach, cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh Tithe an Oireachtais aon urlámhas a oibriú ar a fheidhmiú. Braitheann éifeacht an urlámhais, sa chás ina mbeadh sin acu, ar éifeacht na modhanna a ghlactar chun an t-urlámhas sin a choinneáil. 5. Rialacháin agus TreorachaAn chuid is mó de reachtaíochta thánaisteach institiúidí na gComhphobal, is i bhfoirm Rialachán nó Treoracha CEE a bhíonn sí, agus tá a n-éifeacht sin leagtha síos in Airteagal 189 de Chonradh CEE. Is féidir a rá go bhfuil an éifeacht chéanna le Rialacháin agus Treoracha a eisítear faoi Chonradh CEFA, agus go bhireagraionn Cinntí agus Moltaí faoi Chonradh CEGC do Rialacháin (agus Cinntí) agus Treoracha, faoi seach, ó CEE. Foráiltear le hAirteagal 189 go mbeidh “feidhm ghinearálta ag Rialachán” agus go mbeidh sé “ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.” Ní mór a shonrú, áfach, bíodh gur follas go bhfuil Rialachán infheidhme go díreach gur minic a theastóidh reachtaíocht bhaile chun é a dhéanamh lánéifeachtach. Mar shampla, leagadh síos le Rialachán 1769/72/CEE ón gCoimisiún, arna leasú, ceanglais áirithe maidir leis na doiciméid a ghabhfadh le coinsíneachtaí fíona ach ba ghá ionstraim reachtúil ón Stát, I.S. Uimh. 195 de 1974, chun pionóis a fhoráil mar gheall ar na ceanglais sin a shárú. De réir Airteagal 189 beidh Treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chun a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Ar an gcéad amharc dhealródh sé, dá bhrí sin, gur ghá i gcónaí reacht nó reachtaíocht fho-ordaitheach le Treoir a chur chun feidhme. Thug Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach de bhreith le déanaí, áfach, i gcás Van Duyn v Home Office, go bhféadfadh foráil i dTreoir a chuireann oibleagáidí ar Bhallstáit, in imthosca áirithe, éifeachtaí a bheith aici go díreach ar an gcaidhreamh dlíthiúil idir na Ballstáit agus daoine aonair agus ceart a bhunú do dhaoine aonair na hoibleagáodí sin a agairt sna Cúirteanna Náisiúnta. Tá na fíorais a bhaineann le hábhar agus na páirteanna iomchuí den bhreithiúntas in Van Duyn v Home Office leagtha amach i bhFoscríbhinn na tuarascála seo mar aon le sonraí áirithe i dtaobh ceithre chás roimhe sin inar réamhchomharthaíodh an cinneadh sin. 6. Comhlíonadh TreorachaCheapfaí, b’fhéidir, má tá foráil Treorach infheidhme go díreach nach é amháin gur neamhghá, ach fós gur rud neamhfhóinteach é, reachtaíocht bhaile a rith a d’airbheartódh éifeacht a thabhairt di. Sin é an léargas atá ag Roghchoiste Theach na dTiarnaí sa Bhreatain ar na Comhphobail Eorpacha (Deichiú Tuarascáil, 1974/75). Is é is cúram don Chomhchoiste féachaint chuige nach mbainfear de chumhacht an Oireachtais, an t-aon údarás reachtaíochta amháin sa Stát, ach an méid is lú is gá chun freastal d’oibleagáidí an Chonartha. B’fhearr leis riail shimplí go gcaithfí gach Treoir a chur i ngníomh le reacht nó le hionstraim reachtúil ach amháin nuair a bhíonn reachtaíocht Éireannach ann cheana féin a chuir an t-údarás is gá ar fáil. Níl sé lándearfa de go ndéanann an infheidhmeacht dhíreach i gcás forálacha áirithe i dTreoracha ach toise eile a chur leis an gceannas a admhaítear a bheith ag dlí na gComhphobal ar reachtaíocht náisiúnta sna limistéir a chumhdaítear leis an gConradh. Más rud é, áfach, go measann an Rialtas nár mhaith an rud é féachaint le foráil a chorprú i ndlí na hÉireann de bhrí go gcomhairlítear dó go bhfuil an fhoráil sin infheidhme go díreach de bhua ionstraim na gComhphobal, creideann an Comhchoiste nach bhfuil aon fhorais agóide ag Tithe an Oireachtais. Is dóigh leis an gComhchoiste, áfach, go bhfuil de dhualgas ar an Údarás Feidhmiúcháin a áirithiú, nuair a chuirtear Treoir Chomhphoblach i ngníomh gan idirghabháil reachtaíochta baile, go bhfuil forálacha na Treorach infheidhme go díreach nó go bhfuil reachtaíocht ina gcomhair ar fáil cheana féin. 7. Scéimeanna a bhunaítear ar ThreorachaI bhfianaise na gcúrsaí atá luaite chuir sé ionadh ar an gComhchoiste a fháil amach nach raibh ar intinn ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste a chorprú i reacht ná in ionstraim reachtúil. Táthar ag gabháil leis an scéim sin, i gcomhlíonadh Threoir (O.J. L.128: 19.5.1975) an 28 Aibreán 1975 ón gComhairle, maidir le feirmeoireacht sléibhe agus feirmeoireacht i limistéir nach bhfuil bail ar fónamh orthu. Níl an Roinn á thabhairt de thuairim go bhfuil Treoir na Comhairle infheidhme. Go deimhin is ar éigean a dh’fhéadfaí seasamh ar thuairim dá leithéid: dearlraíonn sé go bhfágann an Treoir rogha fhairsing ag Ballstáit agus, sa dóigh sin, níl cosúlacht ar bith aici leis na forálacha Treorach ar thug Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal de bhreith go bhfuil siad infheidhme go díreach. Le hAirteagal l, mar shampla, is amhlaidh a “údaraítear” do Bhallstáit an scéim speisialta cabhracha a thabhairt isteach. Ceapann an Roinn, de réir dealraimh, gur leor mar údarás dlíthiúil don scéim airgead ina comhair a leithreasú san Acht Leithreasa. Is cosúil go bhfuil a dearcadh sin bunaithe ar an gcleachtas atá ag an Roinn sin i gcás scéimeanna eile dá samhail a bhfuil cuid nach beag díobh gan bheith ag brath ar Threoracha ó CEE. Ní cosúil, áfach, gurb é an gnás ginearálta é i gcás ina mbíonn airgead le leithreasú san Acht Leithreasa le haghaidh sceime atá bunaithe ar Threoir CEE, nach meastar aon reachtaíocht eile ón Stát a bheith riachtanach. Cuireadh Scéim Scoir na bhFeirmeoirí, a tionscnaíodh le Treoir Uimh. 72/160 CEE ón gComhairle, 17 Aibreán 1972, i ngníomh le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1974 [I.R. Uimh. 116 de 1974], a rinne an tAire Tailte an 30 Aibreán, 1974, faoi Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Is cuid suime é a shonrú go bhfuil Treoir 72/160/CEE curtha i dtéarmaí éigeantacha. Uime sin foráiltear le hAirteagal l go bhfuil de cheangal ar Bhallstáit sraith beart etc., a thabhairt isteach. 8. MoltaíNí féidir leis an gComhchoiste glacadh leis go bhfuil feidhm leis an Acht Leithreasa de bhreis ar iomlán an chaiteachais náisiúnta is gá do Scéim Chomhphoblach a údarú. I gcás Scéim na Limistéar faoi Mhíbuntáiste creideann an Comhchoiste gur beart reachtaíochta é sonraí mionchruinne na scéime a ordú agus, ós ea, gur ag an Oireachtas amháin is cuí é a dhéanamh, de réir an Bhunreachta. Má tá an fheidhm le comhlíonadh ag Aire Stáit ní féidir leis é sin a dhéanamh ach amháin trí oibriú na gcumhachtaí a tarmligeadh chuige, agus chun na críche sin tugtar cumhachtaí fairsinge dó in Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Mura bhfeidhmítear na cumhachtaí sin trí Rialacháin iomchuí a dhéanamh tá d’éifeacht leis an mainneachtain sin go neamhníonn sí an chumhacht atá coinnithe ag na Tithe chun an scéim a neamhniú dá moladh an Coiste seo é. Rud eile, feictear don Chomhchoiste má ghéilleann an tOireachtas don seasamh sin gur maith an seans go nglacfaí ina dheimhín é go bhfuil an scéim faoi rogha an Aire ar fad ar fad, sa tslí nach bhféadfadh duine arbh éagóir leis an chuma inar déileáladh leis faoin scéim caoi ar bith a fháil chun cinneadh codarsna a chur á athbhreithniú sna cúirteanna náisiúnta. Maidir leis an gceist faoi fheidhmiú Treoracha i gcoitinne molann an Comhchoiste gur cheart éifeacht a thabhairt dóibh le reacht nó le hionstraim reachtúil ach amháin nuair a bhíonn forálacha leormhaithe reachtaíochta ann cheana féin nó nuair a mheastar go bhfuil forálacha na dTreoracha infheidhme go díreach. In aon chás amhrais i dtaobh an phointe dheiridh sin bheadh an Comhchoiste ag coinne le cinneadh i bhfabhar reachtaíocht bhaile a achtú. Ionas go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna a chomhlíonadh, measann an Chomhchoiste gur cheart don Roinn Rialtais lena mbainfidh an Treoir a chur in iúl don Chomhchoiste go foirmiúil, laistigh de mhí tar éis a foilsithe, cé acu Treoir í (a) atá le cur i ngníomh le reacht, (b) atá le cur i ngníomh le hionstraim reachtúil, (c) a chumhdaítear le reachtaíocht atá ann cheana féin nó (d) a mheastar a bheith infheidhme go díreach. (Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 2 Iúil, 1975. |
||||||||||||