Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::28 March, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Márta, 1974.

Thursday, 28th March, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí S. Mac Fheorais, de Valera, A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Páidín):


“That Deputy de Valera be Chairman of the Committee”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Valera i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, Na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas (Vóta Barrachais), Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac a’Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.