Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::09 May, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 9 Bealtaine, 1974.

Thursday, 9th May, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an tSoláthair, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), P. Mac Guill (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), S. Mac Niocail (Coimisinéir Luachála), P. Céitinn (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha) agus an t-Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.