Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::16 May, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 16 Bealtaine, 1974.

Thursday, 16th May, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Dúnlaing, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa agus Stondún.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Saothar.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Duibhgeannáin (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), C. Ó Fearghail (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m.