Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::25 April, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 25 Aibreán, 1974.

Thursday, 25th April, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin agus Mac Searraigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais.


Cuireadh siar tuilleadh breithnithe ar an gCuntas seo a leanas:—Bunoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh An Dochtíur S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Conchobhair (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.