Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::04 April, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 4 Aibreán, 1974.

Thursday, 4th April, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Stondún agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Rialtas Áitiúil, Roinn na Gaeltachta, Cosaint, Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh M. Laighléis (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), L. Toibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 25 Aibreán, 1974.