Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::02 May, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 2 Bealtaine, 1974.

Thursday, 2nd May, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Crotaigh, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscail agus Tráchtáil, Poist agus Telegrafa, Leas Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Slatarra (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), P. L. Ó Colmáin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), P. A. Ó hEidhin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh) agus an t-Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.