Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::30 May, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 30 Bealtaine, 1974.

Thursday, 30th May, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Gríofa):


“That Deputy H. Gibbons take the Chair.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta A. Mac Giobúin i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Statseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méaduithe ar Phinsin agus Liúntais, Luach Saothair.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Cathal Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.