Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::23 January, 1975::Report

TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 24 MEÁN FÓMHAIR 1974

TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 IÚIL 1969

Táillí seirbhísí gairmiúla i ndáil le tionscadail foirgníochta.

1. Tugann an Coiste dá aire de bharr an mheamraim ón Aire Airgeadais go bhfuil an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna, de thoradh uiríolla leis an gCoimisiún Cleachtas Srianta agus leis an Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta, tar éis comhairleoir a fhruiliú chun an t-ábhar sin a scrúdú. Tá geallta ag an Aire eolas faoi gach a dtarlóidh a choinneáil leis an gCoiste.


Deacrachtaí maidir le foireann Státseirbhise a fhruiliú.

2. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire ón ráiteas ón Aire go bhfuil feabhas mór ar an scéal maidir le folúntais a líonadh agus go bhféadfaí a thuiscint óna laghad folúntas a bhí sa bhunachas údaraithe an 1 Aibreán 1974, i ngrádanna earcaíochta áirithe Seirbhíse Ginearálta go bhfuil formhór na ndeacrachtaí a bhaineann le foireann a fháil geall le bheith sáraithe. Tá súil ag an gCoiste gur cinnte, de bharr na socruithe nua i dtaobh foireann a fháil, go mbeidh cúrsaí foirne sa tseirbhís phoiblí sásúil i gcónaí.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 12 SAMHAIN 1970

Rialú dúbláideach ar ghníomhaíochaí áirithe sa Roinn Cosanta.

3. Fanfaidh an Coiste le tuilleadh eolais atá geallta ag an Aire a thabhairt nuair a bheidh scrúdú déanta ar mholtaí na Buíne Athbhreithnithe i ndáil leis an Roinn Cosanta. Tugann an Coiste dá aire go nglacfaidh sin roinnt ama mar gurb ábhair roinnt casta atá i dtrácht, ach tá súil aige go ndéanfar gach dícheall leis an scéal a dheifriú. Timpeall ceithre bliana ó shin a tharraing an Coiste anuas é.


Easnaimh in Ospidéil Shaorálacha.

4. Tugann an Coiste dá aire faoin moladh go ndéanfaí airgead Státchiste le heasnaimh ospidéal shaorálacha a shlánú a eisiúint díreach chuig údaráis na n-ospidéal as gnáth-airgead fomírcheann in ionad é a eisiúint go hindíreach as airgead deontas-i-gcabhair, gur glacadh leis an moladh sin agus go bhfuil sin á dhéanamh ó 1 Aibreán 1974.


Caiteachas reatha ar scoileanna cuimsitheacha.

5. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil curtha i bhfios don Aire ag an Roinn Oideachais go bhfuil nósanna imeachta feabhsaithe maidir le buiséadú agus costas a rialú i ndáil le scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna comhphobail á bhfeidhmiú ó 1 Aibreán 1974 agus go dtabharfar, gach ráithe, don Roinn sin tuairisceáin ar chaiteachas i gcomórtas le meastacháin faoi mhór-mhírchinn caiteachais. Is ceart go gcinnteodh sin rialú níos éifeachtaí ar airgeadasú na scoileanna sin. Tugann an Coiste dá aire freisin go mbeartaíonn an tAire a bheith san aireachas féachaint cá éifeachtaí iad na socruithe sin. Tá an Coiste, sna cúinsí sin, sásta glacadh le moladh na Roinne, moladh a dtugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire leis, agus ní iarrfaidh an Coiste, faoi láthair, go n-iarrfaí cuntais bhliantúla i leith gach scoile cuimsithí a chur isteach nó go mbeidh taithí ar na socruithe rialaithe nua. Tá an Coiste á chur in iúl go soiléir, ámh, gur chuir sé athleagan ar a mholadh faoin ábhar sin ar choinníoll go leanfar d’airgead Stáit faoi chomhair caiteachais ar na scoileanna cuimsitheacha a chur ar fáil as gnáthairgead fhomhírcheann agus go leanfaidh an caiteachas sin de bheith faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus athbhreithniú a dhéanamh air.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL 1972

Deontais-i-gCabhair.

6. Is feasach an Coiste go bhfuil roinnt difir idir an ráiteas is déanaí uaidh: “Ní aontaíonn an Coiste go mb’fhéidir go mbeadh ceart ann caiteachas as airgead deontas-i-gcabhair áirithe a dhíolmhadh óna iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste” (mír 7 dá Thuarascáil dar dáta 28 Feabhra 1974) agus an ráiteas uaidh i mír 81 (1) (5) dá Thuarascáil dar dáta 13 Iúil 1972. Seo an ráiteas sin:—


“(5) Go mbeidh de cheart ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh a dhéanamh ar leabhair aon duine nó comhlachta a gheobhaidh Deontas-i-gCabhair mar a mbeidh ráiteas soiléir dá mhalairt sa Mheastachán a tugadh don Dáil agus ar aontaigh an Dáil leis”.


Tá an Coiste á chur in iúl gur tháinig sé ar an tuairim sin is déanaí aige faoin ábhar tar éis dó breithniú a dhéanamh ar gach a mbaineann le cuntas a thabhairt in airgead deontais-i-gcabhair agus de bharr an eolais atá faighte ó úsáid níos mó a bheith á dhéanamh den mhodh sin i ndáil le cistiú caiteachais phoiblí.


Tugann an Coiste dá aire ón meamram ón Aire go bhfuil na deontaisi-gcabhair go léir faoi réir a scrúdaithe, faoi láthair, ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar gurb eisean iniúchóir an deontaí nó. i gcásanna eile, mar go bhfuil ceart aige chun leabhair agus cuntais an deontaí a iniúchadh, agus nach ndéanfar aon athrú ar an ngnás sin gan dóthain cúise agus go gcuirfear aon athrú i bhfios don Dáil.


Tá an Coiste sásta glacadh, faoi láthair, leis an gcaoi a bhfuil na cúrsaí sin. Tá sé á chur in iúl go láidir, ámh, nach dtagann de dheontasi-gcabhair a bheith faoi réir a scrúdaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach a bheith saor ó bheith air a dheimhniú dó féin gur go díreach mar a bhí ceaptha ag Dáil Éireann a chaithfí an t-airgead a vótáladh amhlaidh a caitheadh é


Airgead a aisghabháil.

7. Tugann an Coiste dá aire nach bhfuil an scéal faoi dhlí na Gearmáine léirithe go hiomlán fós ach go meastar go bhfuil súil ag an Ard-Aighne gur gearr go mbeidh sé in úd an tAire a chomhairliú. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí eolas leis faoin ábhar sin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973

Réimniú airgeadais i ndáil le Cistí Stáit.

8. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na Ranna go léir tar éis na cistí faoina ríalú a scrúdú agus go bhfuarthas amach nach bhfuil aon chiste ann arb iomchuí aon athrú a dhéanamh ina leith.


Iniúchadh Cuntas Comhlachtaí Stát-urraithe.

9. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí ag comhthrácht le Ranna faoi thograí i dtaobh córais chun athbhreithniú Parlaiminte a dhéanamh ar chomhlachtaí Stát-urraithe, ag féachaint don aidhm atá ann an tseirbhís phoiblí a athchóiriú ar bhonn Aonaid Aireachta/Feidhmiúcháin agus go gcuirfear an t-ábhar faoi bhráid an Rialtais go luath tar éis an comhthrácht sin a bheith críochnaithe. Tá an Coiste á thathaint go ndéanfaí cinneadh go luath maidir leis an ábhar sin agus ba mhaith leis fios a fháil nuair a dhéanfar sin.


Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i- gCabhair).

10. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil a thrácht faoi fhoirne forbartha contae tugtha dá aire ag an Aire agus go gcoimeádfaidh sé an Coiste san eolas faoi gach a dtarlóidh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 FEABHRA 1974

Caiteachas a mhuirearú faoi fhomhírcheann nach raibh soláthar ann dó.

11. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire lena thuairim gur sárú ar phrionsabal tábhachtach cuntasaíochta rialtais íocaíocht a mhuirearú faoi fhomhírcheann nach dtagann leis an íocaíocht faoina réim agus gur cheart a cheadú a iarraidh le cuntas a thabhairt sa chaiteachas i bhfomhírcheann nua.


(i) Cuntas ar chostais reatha agus ar chostais chaipitiúla na gColáisti Teicniúla Réigiúin.


(ii) Coistí Gairmoideachais do thabhairt suas iarmhéideanna nár caitheadh.


12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil curtha in iúl don Aire ag an Roinn Oideachais gur chuir na Coistí Gairmoideachais iomchuí, tar éis tosach na bliana airgeadais 1971-72, meastacháin agus ráitis airgeadais bhliantúla ar leithligh isteach i leith na gColáistí Teicniúla Réigiúin. Tugann sé dá aire freisin go ndéantar na costais reatha agus na costais chaipitiúla a íoc as na fomhírchinn iomchuí den Vóta le haghaidh Gairmoideachais.


Tugann an Coiste dá aire freisin go n-aontaíonn an tAire nach ceart, ach deontais-i-gcabhair a fhágáil as áireamh, eisiúintí a dhéanamh as fomhírchinn ach amháin i leith dliteanas a bhíonn aibí. Tá súil aige go gcloífear go docht leis an bprionsabal cuntasaíochta rialtais sin feasta sa Roinn Oideachais.


Athruithe ar riachtanais chóiríochta i Scoileanna Náisiúnta.

13. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil deimhnithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí don Aire go ndéanfaidh siad gach dícheall i gcónaí, i gcomhar leis an Roinn Oideachais, le nach mbeidh ann ach a laghad is féidir de chásanna a mbainfidh moill le hathrú i ndáil le cóiríocht. Tuigeann sé go maith go dtiocfadh go gcaithfí, mar a deir an tAire, mar gheall ar an uimhir mhór tithe atá á dtógáil ar lán-luas i nua-cheantair uirbeacha agus, freisin, scoileanna larnacha a bheith á bhforbairt, athrú cóiríochta a dhéanamh tobann go leor i gcásanna áirithe. Dá ainneoin sin, déarfadh an Coiste, dá ndéantaí pleanáil go cuí roimh ré faoi thuairim an ama le theacht agus na gníomhaireachtaí iomchuí go léir ag comhoibriú le chéile, go mbeadh cásanna ann nár ghá aon athrú den sórt sin fiú amháin sna cúinsí speisialta atá luaite.


Staidéar costais/sochair ar scéimeanna siltin artairí.

14. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an staidéar costais/sochair ar thograí i dtaobh draenála i ndáil le hAbhantrach na Máighe críochnaithe agus go bhfuiltear ag dréachtú tuarascála. Tá sé á iarraidh go dtabharfar an tuarascáil dó nuair a bheidh sí críochnaithe.


Ranníoc atá dlite den Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i leith costas oibreacha a rinneadh sa Phríomh-Stáisiún Téacháin, Tithe an Rialtais.

15. Is maith leis an gCoiste a fhios a bheith aige go bhfuil comhaontaithe ag údaráis Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar mhodh íoctha na suimeanna a measúnaíodh gurb iad na ranníocaí caipitiúla iad atá dlite den Choláiste i leith costas an ghléasra théacháin agus an chórais dháilithe leictrigh a fhreastalaíonn do Choláiste na hEolaíochta.


Breosla baile a úsáid le foirgnimh a théamh a dhéantar chun an Stát á n-áitiú.

16. Tá fáilte ag an gCoiste roimh an ngealltanas ón Aire go ndéanfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, nuair a bheidh foirgnimh á ndearadh chun an Stát á n-áitiú, socrú a mhéid is féidir é, chun breosla baile, mar atá móin agus antraicít, a úsáid. Glacann sé chuige go bhféadfadh cúinsí speisialta a bheith ann a bhéarfadh gur le leictreachas a chaithfí foirgnimh áirithe a théamh. Dá ainneoin sin, is deacair aige a thuiscint nach raibh ach 4 cinn de na 115 thionscadal a luadh i dTuarascáil an 28 Feabhra 1974 a raibh gléasraí iontu a dearadh faoi chomhair breoslaí baile (móin nó gual antraicíte). Nuair a smaoinítear ar chrualacht cúrsaí breosla faoi láthair agus ar fheidhm ró-thromaí na cruálachta sin ar gheilleagar na tíre, d’áiteodh an Coiste gur cheart go gcuirfeadh na Coimisinéirí dlús le húsáid níos mó a dhéanamh de bhreoslaí baile i bhfoirgnimh a thógtar chun an Stát á n-áitiú.


Malartú stoc Rialtais idir Cuideachta Arachais agus Cuntas Taisce an Bhainc Thaisce.

17. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire go bhfuil orduithe tugtha


(1) go ndéanfar, má bhíonn gá ann, agus ní dóigh go mbeidh gá ann, idirbheart den sórt dá dtagraítear a dhéanamh aris, taifead scríofa, ina mbeidh sonraí iomlána ar gach ní a bhain leis an ábhar, a dhéanamh agus a choimeád; agus


(2) go ndéileálfar go scioptha feasta le gach fiafraí ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Soláthar le haghaidh Trealaimh Raidió.

18. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an soláthar le haghaidh trealaimh raidió aistrithe, mar mhol sé, as an soláthar ilghnéitheach faoi Fhomhircheann B (Costas Taistil agus Costas Teagmhasach) de Vóta an Gharda Síochána agus go bhfuil cuntas á thabhairt go sonrach ina leith faoi fhomhírcheann nua den vóta céanna.


CUID II—CUNTAIS ÁIRITHE

AN GARDA SÍOCHÁNA

19. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mhuirear £306,148 ar Fhomhírcheann H.—Aoisliúntas agus Íocaíochtaí NeamhÉifeachtacha eile, i leith pinsin ex-gratia agus gan aon nóta a bheith ar éadan an mheastacháin iomchuí ag díriú aird Dháil Éireann go raibh soláthar á dhéanamh ann faoi chomhair na bpinsean ar pinsin de ghné eisreachtúil iad. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise gur chuir an tAire in iúl don Dáil agus an meastachán á thabhairt isteach aige, cé nach raibh tagairt shonrach d’íocaíochtaí ex-gratia san fhomhírcheann, go raibh airgead faoi chomhair íocaíochtaí ex-gratia ar áireamh ann. Is cuimhneach leis an gCoiste an gealltanas a thug an tAire Airgeadais i 1931 nach ndéanfaí, dá mbeartófaí pinsean a dhámhadh i gcúinsí neamhghnácha nach raibh, go dearfa, faoi réim reachta nó údaráis san am, aon íocaíocht a thabhairt nó go mbeadh Meastachán a d’inseodh go sainráite gur pinsean eisreachtúil é tíolaicthe don Dáil agus rite. Glacann an Coiste aige gur mhíthuiscint faoin gcor ba chúis nach ndearnadh de réir an ghealltanais sin sa chás seo agus is maith leis an tOifigeach Cuntasaíochta á rá go mbeadh an t-eolas riachtanach sa mheastachán iomchuí don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1974. Dá ainneoin sin measann sé go bhféadfaí a mheabhrú d’Oifigigh Chuntasaíochta i gcoitinne nach foláir uaidh seo amach déanamh go cinnte díreach de réir an ghealltanais i 1931 ón Aire Airgeadais.


ROINN NA GAELTACHTA

Foscríbhinn 5.


20. Cuirtear airgead Státchiste chun críocha caipitiúla ar fáil do Ghaeltarra Éireann ar dhá mhodh, (a) airleacain inaisíoctha a eisíonn an Roinn Airgeadais as an Státchiste ar mholadh ó Roinn na Gaeltachta agus (b) airgead caipitiúil deontais-i-gcabhair a vótálann Dáil Éireann go bliantúil agus a eisíonn Roinn na Gaeltachta as an Vóta sin le toiliú na Roinne Airgeadais. Cuirtear airleacain inaisíoctha in áirithe faoi Achtanna Tionscal na Gaeltachta faoi chomhair caiteachais ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do thionscail Ghaeltarra féin, ag ceannach talún, ag tógáil foirgneamh le ligean agus ag ceannach scaireanna i gcuideachtaí comhlachais. I gcás airgead caipitiúil deontasi-gcabhair vótálann Dáil Éireann go sonrach é faoi chomhair caiteachais ar dheontais a thugann Gaeltarra Éireann do chuideachtaí comhlachais agus do thionscail bheaga.


Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairisc faoi iarratas ó Ghaeltarra Éireann ar Roinn na Gaeltachta i bhFeabhra 1972 ag iarraidh airleacan inaisíoctha faoi chomhair caiteachais ag tógáil monarchana, ag ceannach scaireanna i gcuideachtaí comhlachais agus ar a ghníomhaíochtaí féin. Bhí a cionroinnt iomlán féin airleacan inaisíoctha don bhliain 1971-72 faighte cheana féin ag Gaeltarra, ach d’eisigh Roinn na Gaeltachta, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas £275,000 as airgead caipitiúil a vótáladh don bhliain sin. Ó dhealraigh sé don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur chun críocha seachas na críocha dar vótáladh a eisíodh airgead deontais-i-geahbair, d’iarr sé ar an Oifigeach Cuntasaíochta tuairim a thabhairt faoin ábhar. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh fheasach don Roinn, an tráth a fuarthas an t-iarratas ar airleacain inaisíoctha ó Ghaeltarra Éireann, nach mbeadh an deontasi-gcabhair go léir do 1971-72 caite ag Gaeltarra faoi dheireadh na bliana sin ach go gcaithfeadh sé an iarmhéid i 1972-73. Bhí a fhios san am céanna go mbeadh níos mó ná a chionroinnt airleacan inaisíoctha caite ag Gaeltarra Éireann i 1971-72 agus go slánófaí an t-easnamh as an gcéad eisiúint airleacan do 1972-73. Sheas an tOifigeach Cuntasaíochta nach chun críocha seachas na críocha dar vótáladh an deontas-igcabhair £275,000 a eisíodh é. Mar gheall ar nach raibh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste sásta faoin suim £275,000 a eisiúint as fomhírcheann an deontais-i-gcabhair, mheas sé gurbh inmhianaithe aird Dháil Éireann a dhíriú ar an ábhar.


Bhreithnigh an Coiste an t-ábhar sin ar feadh i bhfad. Aontaíonn an Coiste le seasamh an Oifigigh Chuntasaíochta, ina fhreagra ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a d’aithris sé ina fhianaise os comhair an Choiste agus arís i meamram uaidh, nach chun aon chríocha a bhí an £275,000 d’airgead caipitiúil deontas-i-gcabhair a eisíodh beartaithe seachas na críocha dar vótáladh é. Dá ainneoin sin, níl an Coiste sásta gur cuireadh sin in iúl go soiléir do Ghaeltarra Éireann. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste os comhair an Choiste nach raibh aon fhianaise sa chomhad iomchuí i Roinn na Gaeltachta a thaispeánfadh gur cuireadh in iúl do Ghaeltarra Éireann nach raibh an t-airgead deontas-i-gcabhair sin le húsáid chun na gcríocha ar ina leith a loirgíodh na hairleacain inaisíoctha. Ina theanta sin, chuir sé in iúl don Choiste gur thug sé faoi deara agus cuntais Ghaeltarra á n-iniúchadh aige go ndearnadh an £275,000 a áireamh i gcéaduair mar airleacain inaisíoctha i leabhair Ghaeltarra agus gur baineadh úsáid astu go sealadach sa cháil sin. Sna himthosca sin ní foláir don Choiste glacadh leis gur bhain Gaeltarra Éireann úsáid as airgead deontas-i-gcabhair chun críocha seachas iad sin ar chucu a vótáladh iad agus ní foláir a leithéid sin d’úsáid, fiú más go sealadach féin é, a dhímholadh. Tá taobh eile den scéal sin is cúram leis an gCoiste. D’admhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go raibh a fhios aige, nuair a d’eisigh sé an £275,000 airgid deontas-i-gcabhair chuig Gaeltarra Éireann i mí Feabhra 1972, gurbh eol dó nach bhféadfadh Gaeltarra Éireann é a úsáid chun na gcríocha ar chucu a vótáladh é faoi dheireadh na bliana airgeadais. Ní féidir leis an gCoiste aontú leis an mbarúil a nocht an tOifigeach Cuntasaíochta ag tabhairt fianaise dó, go mba locht so-mhaite sin. Aon airgead a vótáladh i leith seirbhíse bliana áirithe, agus nach mbíonn ag teastáil le haghaidh seirbhíse na bliana sin. is ceart é a thabhairt suas don Státchiste agus níor cheart é a éisiúint faoi chomhair caiteachais i mbliain ina dhiaidh sin. Is bun-phrionsabal chuntasaíocht rialtais é sin agus má dhéantar sárú air is ábhar cúraim don Choiste é.


OIFIG AN tSOLÁTHAIR

21. Le linn a scrúdaithe dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste, cé gur £25,000 a bhí de sholáthar i bhFomhírcheann F.— Innealra Oifige agus soláthairtí eile oifige—i leith innill Rank Xerox ar fháil ar cíos agus a úsáid in aghaidh 1971-72, gur £51,752 an muirea iarbhír a bhain leis. Mhínigh sé nach féidir innill Rank Xerox a fháil ach amháin ar cíos agus gur bhain an cíos a íocadh leis an méid úsáide a baineadh astu. Tuigtear don Choiste go bhfuil socrú sna téarmaí a réitíodh le Rank Xerox i dtaobh lascaine a thabhairt i gcomaoin ar úsáid nach beag a bhaint as na hinnill agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó an ar bhonn a n-úsáide ag Ranna Rialtais amháin a ríomhtar an lascaine nó an bhfuil ar áireamh ann úsáid ag gníomhaireachtaí eile de chuid na seirbhíse poiblí arb é an Státchiste a mhaoiníonn iad go hiomlán nó go páirteach.


I nóta a cuireadh isteach mar eolas don Choiste chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl go raibh £110,342 ar fad le híoc ag Oifig an tSoláthair i leith cíos agus úsáid innill chóipeála Rank Xerox sa bhliain 1973. Sin breis agus 100% de mhéadú ar mhuirear 1971-72. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar chostas na seirbhíse seo ba mhaith leis an gCoiste a bheith deimhin de go bhfuil rialú dian docht á dhéanamh ar úsáid na n-inneall cóipeála sin.


Tugann an Coiste dá aire ón nóta a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta isteach go bhfuil cead ag Ranna a gcuid inneall cóipeála féin a cheannach—seachas Rank Xerox—agus gurb é Roinn na Seirbhíse Poiblí a roghnaíonn na hinnill sin tar éis breithniú a dhéanamh ar rudaí ar nós costas, an úsáid a fhéadfaí a bhaint as, luas cóipeála, seirbhísiú agus feabhas an earra chóipeáilte. Teastaíonn ón gCoiste ráiteas a fháil á insint cé mhéid úsáide a bhaintear i Ranna Rialtais as innill chóipeála seachas innill le Rank Xerox. Ba mhaith leis freisin go gcuirfí i bhfios dó an bhfuil aon staidéar déanta ar chostais oibrithe na n-inneall cóipeála eile sin i ndáil leis na costais a bhaineann le cíos agus úsáid inneall inchomparáide de chuid Rank Xerox.


LUACHÁIL AGUS SUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS

22. Le linn dó a bheith ag tabhairt fianaise os comhair an Choiste luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur socraíodh le hAcht a ritheadh i 1874 na ranníocaí a bhí á n-íoc ag údaráis áitiúla i leith costas athbhreithniú bliantúil na luachálacha agus nár tugadh cothrom le dáta iad ó shin. Ag féachaint don mhéadú atá tagtha le céad bliain ar chostas luachálacha athbhreithniú measann an Coiste go bhfuil sé i bhfad thar am na ranníocaí sin a athbhreithniú, d’fhonn iad a ardú go leibhéal níos réadúla, agus tá sé á mholadh go gcuirfí dlús gan mhoill leis an athbhreithniú sin.


TUARASCÁIL GHINEARÁLTA—PRIONSABAIL CHUNTASAÍOCHTA Á SÁRÚ

23. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste go háirithe ar mhíreanna 41, 52, 53, 58 agus 67 dá Thuarascáil ina bhfuil foilsiú ar shárú a bheith déanta ar phrionsabail sean-bhunaithe cuntasaíochta Rialtais. Baineann míreanna 52, 53, 58 agus 67 le hairgead a chaitheamh chun críocha seachas iad sin a ndearna Dáil Éireann an t-airgead a vótáil chucu agus baineann míreanna 41 agus 53 le híocaíochtaí a mhuirearú sa bhliain faoi bhreithniú is íocaíochtaí nár fhreagair do dhliteanais aibithe sa bhliain sin. Bhreithnigh an Coiste gach ceann de na míreanna sin nuair a tháinig an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach os a chomhair agus tá trácht áirithe ar gach ceann acu sa Tuarascáil seo. Mar gheall ar an tábhacht a chuireann sé le prionsabail chuntasaíochta Rialtais a chomhlíonadh go beacht, agus ós bun-phrionsabail iad i ndáil le hurláimh a bheith ag parlaimint ar chaitheamh airgid vótáilte, teastaíonn ón gCoiste tuairim ghinearálta a lua ar an ábhar sin.


Lasmuigh de chás amháin, tugann an Coiste dá aire go mbaineann na sáruithe go léir a cuireadh in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an ócáid seo le hairgead arbh é Rúnaí na Roinne Oideachais an tOifigeach Cuntasaíochta a bhí freagrach ina leith. Meabhraíonn sé go mba ghá i dtuarascálacha le déanaí aird a tharraingt ar sháruithe den tsamhail chéanna a rinneadh ar phrionsabail Chuntasaíochta Rialtais i ndáil le caitheamh airgid vótáilte ag an Roinn Oideachais. Tá imní ar an gCoiste go bhféadfadh go dtarlódh nach bhfuil tuiscint cheart ag foireann na Roinne Oideachais ar thábhacht na bprionsabal cuntasaíochta atá i gceist nó fiú nach bhfuil leor-eolas acu ar na prionsabail sin agus gur mar gheall air sin a rinneadh sárú chomh minic sin ar na prionsabail sin.


Tugann an Coiste dá aire freisin gur tharla i gcás cuid de na sáruithe a cuireadh in iúl dó, go bhfuarthas toiliú roimh ré ón Roinn Airgeadais chucu. Dhearbhaigh Rúnaí na Roinne sin don Choiste gur aontaigh a Roinn go hiomlán leis na prionsabail chuntasaíochta a bhí luaite ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus nach seasfadh a Roinn le haon sárú ar na prionsabail sin. Maidir le hábhar Mhír 67 de Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ghabh Rúnaí na Roinne Airgeadais a leithscéal toisc gur cheadaigh a Roinn-sean deontais chaipitiúla a eisiúint chun Gaeltarra Éireann as Vóta Roinn na Gaeltachta in ionad a údarú go n-eiseofaí airleacan inaisíoctha as an bPríomh-Chiste.


Rinne an Coiste plé fada ar an ábhar seo. Ba mhaith leis a chur in iúl go láidir arís gurábhar mórthábhachta leis na prionsabail chuntasaíochta Rialtais a chomhlíonadh go beacht gach tráth, prionsabail atá, mar a dúradh, ina mbonn riachtanach má tá urlámh le bheith ag parlaimint ar chaitheamh airgid vótáilte. Molann sé go mb’fhéidir gur tráthúil an t-am é seo chun aird gach oifigigh chuntasaíochta a tharraingt ar an ábhar seo. Ar réim níos fairsinge ba mhaith leis deimhniú a fháil go bhfuil saoráidí oiriúnacha ar fáil ag seirbhísigh phoiblí, go háirithe ag daoine atá tar éis teacht isteach sa tseirbhís phoiblí, le eolas maith a fháil ar phrionsabail na cuntasaíochta Rialtais. Ba mhaith leis tuairimí a fháil ón Roinn Airgeadais agus ó Roinn na Seirbhíse Poiblí ar an ábhar sin.


EISIÚINTÍ FAOIN ACHT UM THAISCÍ STÁIT TEORANTA, 1963

24. Phléigh an Coiste na cúinsí inar sháraigh Taiscí Stáit Teoranta forálacha an Achta um Thaiscí Stáit Teoranta, 1963, trí dhul thar an teorainn reachtúil £7.5 milliún ar chomhiomlán iasachtaí na cuideachta a bhí gan aisíoc. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chomhshocraíocht a rinne an Roinn Airgeadais trínar fhéad an chuideachta airgead eatraimh a fháil ón gCuideachta Chairde Thionscail ó Dheireadh Fómhair 1971 amach go dtí go n-achtófaí reachtaíocht ag bunú Fóir Teoranta, an chuideachta a cuireadh ina dhiaidh sin in ionad Taiscí Stáit Teoranta. Sholáthraigh an Chuideachta Chairde Thionscail £962,326 faoin gcomhshocraíocht sin suas go dtí an 31 Márta 1972, agus thug sin comhiomlán an airgid a fuair Taiscí Stáit Teoranta ar iasacht suas go dtí an dáta sin go dtí £8,450,302, is é sin, £950,302 de bhreis ar an teorainn reachtúil.


I dteannta é a chur ar chumas Taiscí Stáit Teoranta gabháil thar teorainn reachtúil a chuid airgid iasachta chuir an chomhshocraíocht a rinne an Roinn Airgeadais ar chumas na cuideachta freisin, cé go raibh deireadh lena feidhm chun airgead a fháil ar iasacht ón bPríomh-Chiste, airgead a fháil go neamhdhíreach ón gCiste sin sa mhéid gur trí airleacain ón bPríomh-Chiste sa deireadh thiar a tháinig an t-airgead eatraimh a sholáthraigh an Chuideachta Chairde Thionscail dó.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh í an chúis a bhí le comhshocraíocht a dhéanamh do sholáthar iasachta eatraimh do Thaiscí Stáit Teoranta an mhoill a bhain le hachtú na reachtaíochta ag bunú Fóir Teoranta. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste gur tugadh isteach agus gur cuireadh timpeall an Bille do bhunú Fóir Teoranta i nDeireadh Fómhair 1970, dhá mhí dhéag sula ndearnadh an sárú ar an Acht um Thaiscí Stáit Teoranta atá luaite ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, sárú a rinneadh i nDeireadh Fómhair 1971. Dúirt sé freisin nár achtaíodh an Bille go dtí Eanáir 1972 d’ainneoin gur cuireadh i gcuimhne arís agus arís, ó bhéal agus i scríbhinn, go raibh práinn leis an reachtaíocht a achtú in am. Dúirt sé freisin go raibh an tAire Airgeadais tar éis a chinneadh idir an dá linn nach raibh aon rogha ag an Roinn ach socraíochtaí ad hoc a dhéanamh faoina bhféadfadh an Chuideachta Chairde Tionscail airgead eatraimh a sholáthar do Thaiscí Stáit Teoranta.


Glacann an Coiste le faisnéis an Oifigigh Chuntasaíochta go raibh na bearta ba ghá déanta ag a Roinn le cinntiú go mbeadh an Bille um Fhóir Teoranta ullamh in am agus nach raibh aon fheidhm aici maidir le ham na reachtaíochta a achtú. Glacann sé leis freisin, mura rud é nach ndearnadh airgead eatraimh a sholáthar do Thaiscí Stáit Teoranta faoin gcomhshocraíocht ad hoc a rinne an Roinn Airgeadais, nach bhféadfadh an chuideachta déileáil le roinnt iarratais phráinneacha ag lorg cúnaimh airgid agus go mbeadh an baol dearfa ann, mura bhfaighidís an cúnamh sin, go mbeadh na comhlachtaí áirithe sin i ndroch-chaoi ó thaobh airgid agus go mbeadh fostaíocht i bpriacal. Mar sin féin, ní féidir leis an gCoiste glacadh leis go mba ghá forálacha d’Acht Oireachtais a shárú d’fhonn an cúnamh airgid sin a chur ar fáil. Is deacair leis a thuiscint cén chúis nár ritheadh in am an reachtaíocht leasaitheach ba ghá chun cumhachtaí Thaiscí Stáit Teoranta maidir le hairgead a fháil ar iasacht a mhéadú.


TALMHAÍOCHT

25. I 1967 cheadaigh an Roinn Airgeadais go soláthrófaí cúnamh airgid, £505,565 de réir meastacháin, chun na foirgnimh Déirí-Eolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Corcaigh, a mhéadú. Tuigeadh de thoradh tairiscintí a cuireadh isteach i 1969 don obair go rachadh an costas thar mhilliún punt agus, dá dhroim sin, rinneadh athmheas ar an tionscadal ar iarratas ón Roinn Airgeadais. Rinneadh conarthaí i 1968 agus i 1969 le haghaidh na sean-fhoirgnimh a leagan chun láthair a chur ar fáil agus le haghaidh tolladóireacht triaileach agus ullmhú dúshraithe. I nDeireadh Fómhair 1971 cinneadh ar na foirgnimh Déirí-Eolaíochta a bheith in áit eile mar chuid de phlean forbairte cuimsitheach a bhí beartaithe don Choláiste ar chostas measta athscrúdaithe £630,000. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh gar do £217,000 caite ar oibreacha ar an láithreán tréigthe agus toisc gur dhóigh leis-sean gur chaiteachas gan tairbhe cuid de sin, ar a laghad, mheas sé go mba chóir aird a tharraingt ar an scéal.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go ndeachaigh an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, i gcéaduair i mbun a n-uachtarlann turgnamhach agus a bhfoirgnimh Déirí-Eolaíochta a atógáil ar an sean-láithreán. Tráth níos déanaí nuair a tháinig an tÚdarás Ard-Oideachais, a bhfuil feidhm aige maidir leis na hOllscoileanna a mhaoiniú, agus Aonad Tógála na Roinne Oideachais, chun bheith bainteach leis an scéal d’fhéachadar ar phleanáil iomlán Choláiste Ollscoile Chorcaí, mar bhí a lán tógála le déanamh i dteannta na bhfoirgneamh Déirí-Eolaíochta. Socraíodh dá réir sin malairt láithreáin a fháil do na foirgnimh acadúla agus turgnaimh agus dá thoradh sin tréigeadh an chéad láithreán. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur chinneadh é sin ina raibh údaráis an Choláiste Ollscoile, an tÚdarás Ard-Oideachais, an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais go huile bainteach.


Aontaíonn an Coiste le tuairim an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bhfuil sé le dímholadh, i gcoitinne, airgead poiblí a chaitheamh gan tairbhe. Measann sé, i gcás tionscadail chaipitiúla, go bhféadfaí de ghnáth aon chaiteachas mar sin a sheachaint trí phleanáil dea-chomhairlithe roimh ré. Glacann an Coiste leis, áfach, go raibh gnéithe speisialta ag baint leis an gcás seo a thug go mba dheacair gan roinnt éigin airgid a chaitheamh gan tairbhe. Fairis sin tugann sé dá aire go rabhthas ábalta ar an gclár iomlán tógála a phleanáil ar bhealach i bhfad níos buntáistí de dhroim gur cinneadh na foirgnimh nua a bheith ar láithreán eile. Tríd is tríd ní theastaíonn ón gCoiste a thuilleadh a rá faoin scéal.


26. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste nach ndearna Córas Beostoic agus Feola, comhlacht stát-urraithe a fhaigheann airgead ar mhodh deontas-i-gcabhair as an Vóta Talmhaíochta, nach ndearna sé a chuntais sínithe don bhliain 1971-72 a chur faoina bhráid lena ndeimhniú aige mar iniúchóir na cuideachta. Mhínigh sé gur bhain moill le rialtacht a chur ar roinnt míreanna sna cuntais sin a cuireadh in iúl le linn an iniúchta a críochnaíodh chomh fada siar le Nollaig 1972 agus go raibh sé tar éis cúnamh an Oifigigh Chuntasaíochta a lorg le déanaí d’fhonn dlús a chur leis an scéal.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur labhair sé le hoifigigh na cuideachta chomh luath agus fuair sé scéala ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus go bhfuair sé amach go raibh roinnt rudaí nár mhór ceadú na Roinne Airgeadais a fháil leo sula bhféadfaí cuntais na cuideachta do 1971-72 a imréiteach. Dúirt sé go raibh na ceadanna ba ghá faighte aige ón Roinn sin agus curtha ar aghaidh aige chun na cuideachta. Dúirt sé freisin dá mbeadh fios a cuid deacrachtaí curtha in iúl dá Roinn-sean ag an gcuideachta níba luaithe go bhféadfadh sé dul i bplé leis an Roinn Airgeadais i bhfad níba thúisce ag iarraidh na ndeacrachtaí a ghlanadh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta fós go raibh dóchas aige go bhféadfaí cuntais na bliana 1971-72 a shíniú agus a chur go dtí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go luath agus go gcuirfí cuntais na cuideachta in aghaidh na mblianta 1972-73 agus 1973-74 le haghaidh a ndeimhnithe roimh dheireadh 1974.


Ní thig leis an gCoiste a thuiscint cén chúis nár cuireadh cuntais na cuideachta stát-urraithe seo do 1971-72 faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena ndeimhniú faoi Mheitheamh 1974. Tugann sé dá aire, cé gur críochnaíodh iniúchadh na gcuntas sin agus gur cuireadh scéala in iúl i Nollaig 1972 i dtaobh na míreanna nárbh fholáir a chur ina gceart, nach ndeachaigh an chuideachta, de réir dealraimh, i dtadhall leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh le hintinn na ceadanna ba ghá a fháil ón Roinn Airgeadais agus gur fágadh faoin Oifigeach Cuntasaíochta tús birt a ghlacadh tar éis don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do dhul i dtadhall leis go luath in 1974. Is rí-dhona leis an gCoiste ró-mhoill na cuideachta ag cur a cuid cuntais ar aghaidh lena ndeimhniú. Tá dóchas aige go bhfuil na cuntais a bhí amuigh imréitithe anois agus ba mhaith leis a chur in iúl gur rí-thábhachtach an ní leis go ndéanfadh gach comhlacht stát-urraithe cuntais iniúchta a thabhairt ar aird ar an bpointe.


TAILTE

27. D’iarr an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairimí an Oifigigh Chuntasaíochta maidir le cás ina bhfuarthas 41½ acra talún i 1963 chun faoiseamh a thabhairt ó chúngrach agus go raibh an talamh sin fós i seilbh an díoltóra an 31 Nollaig 1971. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta gearr-chuntas ina fhreagra ar na himthosca speisialta a chuir cosc le Coimisiún an Talún beart a dhéanamh chun an talamh sin a aisghabháil. Luaigh sé gur cuireadh tograí socraíochta leis an díoltóir ar aghaidh le déanaí a thabharfadh ar ais don díoltóir na tailte a fuarthas i 1963 mar mhalairt ar achar de ghabháltas eile dá chuid maoine. Dúirt sé freisin nach gcaillfeadh Coimisiún na Talún aon airgead ar an ngnó sin agus mar gheall ar an ardú i luach na talún ó 1963 go bhféadfaí na tailte a fuarthas mar mhalairt a ath-dhíol ar phraghas i bhfad níos airde.


B’ábhar imní leis an gCoiste go bhféadfadh dúil a bheith ag Coimisiún na Talún greim a choinneáil ar thalamh go ceann tamaill d’fhonn praghas níos airde a fháil air in ionad an talamh a chur de láimh ar an bpointe. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste ina chuid fianaise, cé nárbh fhéidir i gcónaí talamh a chur de láimh chomh grod agus b’inmhianaithe, nach rabhthas d’aon toisc ag coinneáil greim ar thalamh d’fhonn praghsanna níos airde a fháil. Ar an gCoiste dá iarraidh, thug sé ina dhiaidh sin, i ndáil leis na tailte go léir a cionroinneadh i 1973-74, sonraí ar bhliain a bhfála, ar an bpraghas ceannaigh agus ar an bpraghas athdhíola. Luaigh sé gurbh é praghas ceannaigh na talún an praghas margaidh tráth an cheannaigh agus gur comhaontaíodh é leis an úinéir nó gur shocraigh an Binse Achomhairc é.


Dúirt sé go gcuireann Coimisiún na Talún an luach reatha san áireamh agus go socraítear praghsanna athdhíola i gcoibhneas leis an mblianacht a bhfuil an talamh mar urrús ina leith. Dúirt sé freisin go raibh ráta blianachta ag brath ar ráta úis Bannaí Talún arb é an ráta úis reatha é nuair a ceannaíodh nó nuair a fuarthas na tailte agus, dá réir sin, go raibh praghas athdhíola na talún go mór faoi fheidhm ag an earnáil Bannaí Talún a bhí ar rith nuair a ceannaíodh nó a fuarthas an talamh.


Tá an Coiste tar éis breithniú a dhéanamh ar na sonraí a fuarthas ón Oifigeach Cuntasaíochta i ndáil leis na tailte a cionroinneadh i 1973-74. Ach amháin i dtuairim 10% de na cásanna athdhíola ar an liosta, tugann sé dá aird nach raibh an praghas athdhíola mórán níos mó ná an praghas ceannaigh. I bhformhór na gcásanna is beag difríocht a bhi idir an praghas athdhíola agus an praghas ceannaigh, má bhí difríocht ar bith. Ón bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta is léir don Choiste nach gnách le Coimisiún na Talún praghsanna brabaigh a bhaint amach ar thalamh a athdhíolann sé.


BUNOIDEACHAS

Foscríbhinn 17.


28. Chaith an Coiste tamall maith ag breithniú na nósanna imeachta le haghaidh caiteachas caipitiúil a údarú as na vótaí arb é Rúnaí na Roinne Oideachais an tOifigeach Cuntasaíochta ina leith. Tháinig an cheist faoi phlé le linn breithniú a bheith á dhéanamh ar mhír i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste inar tarraingíodh aird ar dheontais faoi chomhair chostas tógála Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann a eisíodh thar an teorainn a bhí ceadaithe ag an Roinn Airgeadais chuige sin. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste go raibh an Roinn Oideachais tar éis suimeanna dar mhéid £441,530 a íoc faoin 31 Márta 1973 cé gur £371,810 an t-uasmhéid a ceadaíodh. Dúirt sé gurbh ábhar imní dó é sin toisc gur dhiúltaigh an Roinn Airgeadais glan i 1969 agus arís i 1970 a thuilleadh caiteachais chaipitiúil a cheadú as airgead poiblí le haghaidh an tionscadail sin.


Thug an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste cóipeanna de chomhfhreagras idir a Roinn-sean agus an Roinn Airgeadais i dtaobh na ceiste sin. Dúirt an Roinn Airgeadais ina litir nár ghá ceadú sonrach uaidh le haghaidh íocaíochtaí caipitiúla le coláistí oiliúna ar leithligh ar an gcoinníoll nach ndeachthas thar an meastachán caipitiúil do na coláistí sin go huile agus nach raibh aon difear mór idir an méid a caitheadh agus an méid a ceadaíodh i gcás gach coláiste.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste gurbh é rud a tharla, maidir leis an Roinn Airgeadais dá rá i 1969 nach raibh sé togarthach lena thuilleadh caiteachais chaipitiúil a údarú ar Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann, gur bhain an diúltú sin le hiarratas ón Roinn Oideachais ag lorg cead chun tuilleadh talún láimh leis an gColáiste a cheannach. Dúirt sé gurbh é éifeacht an bhoilscnithe ar chostais tógála ba mhó ba chúis leis an méadú a tháinig ar an meastachán bunaidh agus dá gcaithfeadh a Roinn cead a lorg le haghaidh méaduithe praghais i gcás gach tionscadail ar leith, nár mhór na céadta iarratas a dhéanamh chun na Roinne Airgeadais gach bliain i leith méaduithe boilscniúcháin, i gcás bunscoileanna, meánscoileanna, scoileanna gairmoideachais agus scoileanna comhphobail chomh maitl le coláistí réigiúin, coláisti oilíúna, etc. Dúirt sé freisin dá mba é tu an Choiste go mba chóir ceadú sonrach a lorg le haghaidh an chaiteachais bhreise i gcás Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann go gcuirfeadh sé iarratas láithreach chun na Roinne Airgeadais.


Ba chúram leis an gCoiste a fháil amach cá mhéid a rinne an Roinn Airgeadais údarás a tharmligean chun na Roinne Oideachais chun suimeanna a chaitheamh ar thionscadail chaipitiúla éagsúla laistigh den mhórshuim uileghabhálach airgid a bhí curtha ar fáil do na tionscadail chaipitiúla sin. Toisc gur dhealraigh sé go raibh amhras éigin faoin ábhar sin d’iarr an Coiste ar ionadaí na Roinne Airgeadais meabhrán a chur ar fáil chun an scéal a léiriú. Tuigeann an Coiste ón meabhrán sin go bhfuil difear san urlámh atá á fheidhmiú anois ag an Roinn Airgeadais ar chlár tógála na Roinne Oideachais maidir le (a) cláir thógála comhthiomsaithe ar nós bunscoileanna, meánscoileanna agus ollscoileanna agus (b) tionscadail thógála aonmhara ar nós coláistí oiliúna oidí, An Coláiste Náisiúnta Corpoideachais, an Scoil Choinneála i mBaile Obraí, etc. Tugann sé dá aire a luaithe a chomhaontaítear suim iomlán airgid faoi chomhair oideachais laistigh den chlár caipitiúil iomlán go ndéanann an Roinn Oideachais an tsuim sin a dháileadh ar na limistéir éagsúla de réir a cuid tosaíochtaí féin ach cead sonrach a fháil roimh ré ón Roinn Airgeadais i ndáil le tionscadail aonmhara agus i ndáil le bunscoileanna agus scoileanna dara-leibhéil a mbíonn athrú le déanamh ina gcás ar ghnáth-chaighdeán na cóiríochta do scoileanna dá leithéid.


Tugann sé faoi deara freisin ón meabhrán go bhfuil an t-údarás, a ndearna an Roinn Airgeadais é a tharmligean chun Aonad Tógála na Roinne Oideachais maidir le cláir thógála comhthiomsaithe, go bhfuil sé cosúil leis an údarás atá tarmligthe le roinnt mhaith blianta maidir le bunscoileanna faoi Oifig na nOibreacha Poiblí. Luaitear sa mheabhrán freisin nach baileach go bhfuil an oiread céanna údaráis tarmligthe ag an Roinn Oideachais maidir le tionscadail aonmhara. Tionscadail iad sin atá ceaptha le haghaidh riachtanas áirithe sa chóras oideachais agus i ngach cás ní foláir údarás sonrach roimh ré a fháil ón Roinn Airgeadais agus sonrófar sa chead ón Roinn Airgeadais an tsuim chaipitiúil iomlán a fhéadfar a chaitheamh ar an bhforas. Deir an meabhrán ina theannta sin, i ndáil le tionscadail a mhaoinítear go hiomlán ó chistí stáit, go bhféadfaidh an Roinn Oideachais, gan dul i bplé tuilleadh leis an Roinn Airgeadais, aon bhreiseanna a íoc a thiocfaidh de dhroim méaduithe i gcostais ábhar agus i rátaí pá ó dháta an chonartha a dhéanamh.


Is dóigh leis an gCoiste, maidir le húdarás a tharmligean chun na Roinne Oideachais i ndáil le caiteachas caipitiúil ar chláir thógála chomhthiomsaithe, gur imeacht bunúsach é sin ón nós a bhí ann ar feadh roinnt mhaith blianta maidir leis an urlámh airgeadais a bhí ag an Roinn Airgeadais ar chaitheamh airgid vótáilte. Bhí eolas iomlán ag an gCoiste faoin údarás tarmligthe a bhí á fheidhmiú ar feadh cuid mhaith blianta maidir le bunscoileanna faoi Oifig na nOibreacha Poiblí agus d’fhéach sé air i gcónaí mar rud neamhghnách. Is dóigh leis an gCoiste go mba chóir go mbeadh sé curtha in iúl dó go hoifigiúil go raibh an t-údarás tarmligthe sin á thabhairt don Roinn Oideachais i gcás caiteachais chaipitiúil ar chláir thógála chomhthiomsaithe agus teastaíonn uaidh a fháil amach anois ar tugadh aon údarás tarmligthe mar sin do ranna Rialtais eile.


Maidir leis an gcaiteachas ar Choláiste Oiliúna Eaglais na hÉireann glacann an Coiste leis gur tionscadal aonmhar é sin mar a mhínítear i meabhrán na Roinne Airgeadais, a ndearna Comhlacht Rialúcháin an Choláiste é a mhaoiniú go páirteach. Ar an ábhar nach as airgead Stáit a maoiníodh an tionscadal go hiomlán ní raibh an Roinn Oideachais i dteideal na breiseanna de dhroim méaduithe ar chostais ábhar agus ar rátaí pá a ghlanadh gan dul i bplé tuilleadh leis an Roinn Airgeadais. Ábhar imní don Choiste go ndealraíonn go ndearna an Roinn Oideachais a húdarás tarmligthe a leathnú chun réim a bheith aige maidir leis an tionscadal aonmhar seo agus tá tuairimí na Roinne Airgeadais á lorg aige ar an ábhar sin.


29. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar réamhíocaíochtaí darbh iomlán £9,500 a rinneadh ar mhodh deontas do Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus do choláistí oiliúna áirithe do mhúinteoirí i leith cúrsaí do phríomh-oidí a bhí le bheith ar siúl i mí Iúil 1972. Toisc nár bhain na híocaíochtaí sin le dliteanais a d’aibigh sa bhliain 1971-72 níor cheart iad a mhuirearú in aghaidh an tsoláthair a rinneadh to sheirbhís na bliana sin.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tharla deacrachtaí maidir le cóiríocht a sholáthar le haghaidh na gcúrsaí beartaithe agus d’fhonn is nach gcuirfí clár na gcúrsaí inseirbhíse go léir in aimhréidhe níorbh fholáir réamhíocaíochtaí a dhéanamh chun an t-áitreabh a chur in áirithe agus chun go bhféadfaí feabhsuithe práinneacha áirithe a dhéanamh i gcás amháin.


Tugann an Coiste dá aire na himthosca ina ndearnadh na réamhíocaíochtaí sin. Chítear dó go bhfuil sé buille beag neamhghnách go mba ghá don Roinn Oideachais réamhíocaíochtaí a dhéanamh leis na ceithre institiúid lena mbaineann d’fhonn a bheith deimhin go mbeadh cóiríocht ar fáil do chúrsaí traenála go speisialta nuair a tharla sárú ar phrionsabal cuntasaíochta Rialtais agus sin á dhéanamh. Ábhar dearbh imní don Choiste an sárú sin go speisialta ós eol dó go mb’éigean dá réamhtheachtaithe ina dTuarascáil faoi dháta an 28 Feabhra 1974 aird a tharraingt ar shárú den chineál céanna ag an Roinn Oideachais. Tugann sé dá aire na bearta atá déanta ag an Oifigeach Cuntasaíochta ó shin chun nach ndéanfaí aon sárú mar sin arís agus tá súil aige go n-éireoidh leo sin.


MEÁNOIDEACHAS

30. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste faoi chuntas fionraí a bheith á úsáid le roinnt blianta faoi chomhair chostas aonad tógála réamhdhéanta le haghaidh úsáide i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus i scoileanna gairmoideachais.


Aon airgead a gnóthaíodh i gcás aonad le haghaidh úsáide i mbunscoileanna agus i scoileanna gairmoideachais, cuirtear chun sochair don chuntas sin é agus ar an 31 Márta 1972 ba é an t-iarmhéid a bhí gan íoc £283,795, suim a bhí dlite go háirithe ó choistí gairmoideachais. Mheas an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh inmholta an rud cuntas fionraí a bheith á úsáid chuige sin ar feadh roinnt blianta toisc baol a bheidh ann go dtiocfadh faillí in urlámh airgeadais dá dhroim. Ina theannta sin, bhí d’éifeacht leis an gcuntas fionraí sin go mbíodh airgead a vótáil Dáil Éireann le haghaidh meánoideachais á úsáid go sealadach chun críocha bunoideachais nó gairmoideachais, críocha nár chucu a vótáladh iad.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tosaíodh ar na haonaid réamhdhéanta sin a sholáthar faoi scéim mhórcheannaigh tar éis an scéim iar-bhunoideachais saor in aisce a thabhairt isteach le haghaidh riachtanas cóiríochta nach bhféadfaí buan-chóiríocht a sholáthar ina leith mar gheall ar phráinn agus ganntanas airgid. Dúirt sé freisin go ndearnadh na socruithe d’fhonn go bhféadfaí conrathóirí a íoc ar an bpointe.


Is eol don Choiste go maith go raibh fadhb mhór agus práinn mhór maidir le cóiríocht bhreise scoile le réiteach ag an Roinn Oideachais tar éis an scéim iar-bhunoideachais saor in aisce a thabhairt isteach. Mar sin féin tá sé ag súil go mbeidh na nósanna imeachta airgeadais a thabharfar isteach faoi chomhair na faidhbe ag freagairt do phrionsabail aitheanta cuntasaíochta Rialtais. Measann sé go bhfuil bonn maith leis na tuairimí a nocht an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag fáil locht air agus tá sé á iarraidh ar an Roinn Oideachais aird a thabhairt orthu.


SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR

31. Déanann Fomhírchinn A agus B den Vóta do Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair foráil le haghaidh deontas ceannsraithe maidir le leanaí a mbíonn cónaí orthu i Scoileanna Ceartúcháin agus i Scoileanna Saothair faoi seach. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar shuimeanna dab iomlán £10,000 agus £39,000, faoi seach, a bheith ina muirear i leith na bhfomhírcheann sin, suimeanna a eisíodh ar mhodh deontas i leith an chostais a bhain le ceithrescoil saothair a athfhoirgniú agus a athnuachan. Mheas sé nár mhuirear cuí ar na fomhírcheanna ceannsraithe na deontais sin.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta a bhí ann cheana in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maidir le deontais ceannsraitheabiníoctha le scoileanna ceartúcháin agus scoileanna saothair, gur dheontais iad sin a bhí ceaptha le haghaidh soláthair faoi chomhair chostas deisithe, feabhsaithe agus oiriúnaithe foirgneamh agus ina theannta sin faoi chomhair chostas ginearálta cothabhála leanaí agus tuarastal na foirne. Dúirt sé freisin gur measadh gurbh é an réiteach ab oiriúnaí scéim a íoc mar ráta deontais cheannsraithe a fhreagródh do riachtanas na gcásanna i gcoitinne agus méideanna breise a íoc ó mhírcheanna A nó B i gcásanna lenar bhain caiteachas neamhghnách. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta ag tabhairt fianaise os comhair an Choiste chuir sé in iúl arís na tuairimí atá curtha ar aghaidh ag a réamhtheachtaí chuig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Ní héasca ar fad leis an gCoiste glacadh le fianaise an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ar an gcéad ásc ní thabharfadh sé go mba chóir deontas i leith scoil saothair a athfhoirgniú agus a athnuachan a eisiúint as an soláthar ceannsraithe do scoileanna ceartúcháin. Thairis sin is eol don Choiste go bhfuil an soláthar a vótáil Dáil Éireann faoi Fhomhírcheanna A agus B bunaithe ar mhéideanna sonraithe leanbh agus ar rátaí sonraithe ceannsraithe in aghaidh gach linbh. Na deontais chnapshuime a tugadh i leith áitribh a athfhoirgniú agus a athnuachan ba dheontais iad a tugadh i dteannta na ndeontas a íocadh de réir an ráta cheannsraithe cheadaithe maidir leis na leanaí a raibh cónaí orthu sna cheithre scoil a bhí i gceist. Thuigfí uaidh sin go raibh ráta ceannsraithe níba airde á íoc nó go raibh líon méadaithe leanaí ina gcónaí sna cheithre scoil áirithe sin. Níl fianaise ar bith faighte ag an gCoiste a threiseodh le ceachtar cás acu sin.


Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh fomhírcheann nua— Fomhírcheann J.—Oiriúnaithe agus Feabhsuithe ar Scoileanna Saothair—a oscailt sa vóta seo ar mhodh mheastacháin fhorlíontaigh i 1973-74 agus, toisc gur dóigh leis gurb é an tslí cheart chun déileáil le deontais athfhoirgníochta agus athnuachana fomhírcheann speisialta a oscailt lena n-aghaidh, níl sé ar intinn aige an scéal a chur níos faide.


32. Íocadh deontas £15,000 as Fomhírcheann B.—Scoileanna Saothair —i leith an chostais a bhain le cúrsa i gcúram leanbh a sheoladh. Mheas an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár cheart deontas den sórt sin a thabhairt as soláthar a vótáladh go sonrach le haghaidh deontas cheannsraithe do scoileanna saothair agus d’fhiafraigh sé den Oifigeach Cuntasaíocht a an ndearnadh aon bhreithniú ar fhomhírcheann speisialta a oscailt chun soláthar don deontas seo. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhreagra, ó tharla gur do dhaoine a bhí bainteach le cúram leanbh i scoileanna saothair agus i scoileanna ceartúcháin a ceapadh an cúrsa agus gurbh as deontais cheannsraithe a chaithfeadh an t-údarás scoile costais na traenála speisialta sin i gcás foghlaimeora aonraic a íoc sa ghnáthshlí, gur measadh é bheith ceart gur amach as Fhomhírcheann B.—Scoileanna Saothair—a íocfaí an deontas i leith costais an chúrsa. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go ndearnadh fomhírcheann nua a oscailt sa vóta i 1972-73 chun deontais a sholáthar do chúrsaí mar sin. Measann an Coiste nach as Fomhírcheann B a ba chóir an deontas £15,000 a thabhairt i 1971-72 agus go mba chóir fomhírcheann speisialta a oscailt, le ceadú an Aire Airgeadais, faoi chomhair an mhuirir sin. Tugann sé dá aire gur osclaíodh fomhírcheann mar sin i 1972-73.


Maidir le deontas £15,000 a eisiúint chun eagróirí na gcúrsaí dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur íocadh £10,000 amach suas go dtí 29 Feabhra 1972 agus, cé go raibh tuairim £8,200 de sin gan caitheamh ag an dáta sin, go ndearnadh iarmhéid an deontais, £5,000, a eisiúint i mí Márta 1972. D’iarr se eolas ar an Oifigeach Cuntasaíochta faoin bhfianaise ar a ndearnadh £15,000 a mhuirearú go hiomlán mar shuim a caitheadh i seirbhís na bliana 1971-72. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó go raibh cuid mhór rudaí curtha in áirithe i mí Márta 1972 maidir leis an gcúrsa ag lucht a sheolta, go gcuirfidís ráiteas cuntas iomlán ar fáil agus nuair a bheadh sé á chinneadh cén deontas a bheadh le tabhairt i leith cúrsa 1972-73 go gcuirfeadh an Roinn san áireamh an t-iarmhéid gan caitheamh de dheontas 1971-72.


Ábhar imní don Choiste go ndearnadh an deontas sin a eisiúint agus a mhuirearú go hiomlán sa bhliain 1971-72 cé nach raibh aon fhianaise ann á thaispeáint gur caitheadh é go hiomlán i seirbhís na bliana sin. Tugann sé dá aire gur amach as gnáth-fhomhírcheann agus nach as fomhírcheann deontas-i-gcabhair a íocadh an deontas.


Ba chóir, dá bhrí sin, go mbeifí tar éis aon iarmhéid a bhí gan caitheamh an 31 Márta 1972 a thabhairt suas don Státchiste. Toisc nach ndearnadh é sin agus go dtuigtear don Choiste nach raibh aon dearbháin ar fáil mar thacaíocht leis an muirear i 1971-72 ní foláir glacadh leis gur áirigh an Roinn Oideachais an deontas mar dheontas-i-gcabhair. Maidir leis sin ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl gur prionsabal bunaithe cuntasaíochta Rialtais é nach bhféadfar soláthair deontas-igcabhair a mhéadú gan ceadú Dháil Éireann.


Tugann an Coiste dá aire gur gealladh ráiteas cuntas iomlán agus ba mhaith leis fios a fháil ar cuireadh an ráiteas sin ar fáil go fóill.


OLLSCOILEANNA AGUS COLÁISTÍ AGUS INSTITIÚID ARD- LÉINN BHAILE ÁTHA CLIATH

33. D’larr an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste míniú ar an Oifigeach Cuntasaíochta maidir leis an muirear £92,632 i leith Fomhírcheann L.—An Coláiste Corpoideachais (Deontas-i-gCabhair), suim a caitheadh ar obair fhorbartha ar láithreán an Fhorais Náisiúnta um Ardoideachas, Luimneach, d’ainneoin go ndearnadh soláthar sonrach i bhFomhírcheann G. 2 le haghaidh costais forbartha láithreáin an Fhorais. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil an Foras Náisiúnta um Ardoideachas, Luimneach agus an Coláiste Náisiúnta Corpoideachais á bhforbairt ar an aon-láithreán agus nach raibh aon tslí ina bhféadfaí aon chionroinnt bheacht ar chostais oibre láithreáin a dhéanamh idir an dá fhoras.


Cé go n-aontaíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur chóir go sábhálfaí airgead de bharr comhfhorbairt a dhéanamh ar láithreáin an Fhorais agus an Choláiste, mar aon le seirbhísí agus saoráidí comhchoiteanna a sholáthar, is cúram dó nach bhféadfaí méar a choinneáil ar chostas caipitiúil gach forais ar leith acu toisc gan eolas a bheith ar fáil ar leithroinnt an chaiteachais ar fhorbairt láithreáin agus ar sheirbhísí agus saoráidí comhchoiteanna agus go mba dheacair dó a bheith deimhin de gur coinníodh costas an Choláiste Chorpoideachais faoi chuimsiú na méide a bhí ceadaithe ag an Roinn Airgeadais.


Is feasach an Coiste an deacracht a éiríonn de bharr gan cionroinnt ceart a bheith déanta ar chostais oibreacha láithreáin agus ar sheirbhísí comhchoiteanna idir an dá fhoras. Tugann sé dá aire gur áitigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur ar chomhláithreán atá na forais, cé go bhfuil a fhios ag an gCoiste gur ceannaíodh dhá láithreán, cé gur le hais a chéile dóibh, agus gur íocadh dhá tháille ar leith leis na ceantálaithe. Más mar aon láithreán amháin atá na láithreáin á bhforbairt anois, measann an Coiste gur éifeachtúla a rialófaí caiteachas dá mba faoi mhírcheann amháin a dhéanfaí an soláthar iomlán d’oibreacha láithreáin agus do chomhsheirbhísí agus dá n-áireofaí é go huile ar chostas caipitiúil cheann amháin de na forais. Muran réiteach cóiriúil é sin ar an gcéim dheireanach seo den fhorbairt measann an Coiste gur cheart dlús a chur le theacht ar bhonn réasúnach éigin ar a gcionroinnfí an caiteachas a bhaineann leis an ábhar.


IOMPAR AGUS CUMHACHT

34. Vótáil Dáil Éireann deontas breise £4,464,000 ar mhodh cúnaimh do Chóras Iompair Éireann ar choinníoll go ndéanfadh an chuideachta £1,918,000 den tsuim a vótáladh a aisíoc leis an Státchiste mar ús ar airleacain chaipitil. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara, le linn dó a bheith ag iniúchadh, nár íocadh ach £1,496,825 den mhéid iomlán úis a bhí dlite agus d’fhiafraigh sé den Oifigeach Cuntasaíochta faoi. Mhínigh seisean nár fhéad Córas Iompar Éireann an tsuim iomlán úis a íoc mar nach raibh sáith airgid aige, nach raibh airgead a raibh súil leis nuair a ritheadh an Meastachán ar fáil ag an gcuideachta le iarmhéid an úis a íoc, is é sin, £422,591, agus gur mheas an Bord gur den chríonnacht an tsuim a choinneáil aige féin. Cé gur feasach an Coiste a dheacra atá cúrsaí airgid ag C.I.E., is cúis díomá dó gur dhiúltaigh an chuideachta go toiliúil sa chás sin déanamh de réir an choinníll shonraigh ar ar vótáil an Dáil an deontas breise. Tá sé daingean faoi seo: nach foláir cinneadh ag an Oireachtas a bheith chomh críochnaitheach i gcúrsaí airgeadais agus atá sé maidir le cúrsaí eile.


35. Vótáiltear deontais bhliantúla do C.I.E. de réir forálacha an Achta Iompair, 1964. Vótáladh deontais bhreise don chuideachta i 1970-71 de réir forálacha na nAchtanna Iompair, 1969 agus 1970. Níor tugadh aon cheadú reachtúil sonrach den sórt sin leis an deontas breise £4,464,000 a vótáladh i 1971-72 dá bhfuil tagairt sa mhír roimhe seo. I ndáil leis sin, tugann an Coiste dá aire gur thug an Coiste Cuntas Poiblí, i mír 12 dá Thuarascáil dar dáta 20 Márta 1952, de thuairim gur cheart go ndéanfaí, in aon chás uaidh sin amach inar ghá meastacháin ar neamhréir le forálacha reachtúla láithreacha a thabhairt isteach, an neamhréireacht sin a lua go sainráite agus míniú a thabhairt faoi ar éadan an mheastacháin. Tugann an Coiste dá aire gur thug an tAire Airgeadais ina mheabhrán dar dáta 23 Iúil 1952 gealltanas go dtabharfaí aird ar thuairimí an Choiste faoin ábhar sin.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur measadh nár ghá reachtaíocht mar gur cuireadh in iúl go soiléir ar éadan an mheastacháin gur dheontas i dteannta an deontais reachtúil an deontas. Chuir sé in iúl freisin go ndeachthas i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus gur dhúirt an tAire go ndearnadh maith sa chás áirithe sin den ghealltanas a tugadh don Choiste i 1952. Chuir ionadaí na Roinne Airgeadais in iúl ina theannta sin, maidir le reachtaíocht a achtú, gurbh í an tuairim a bheadh ag a Roinn-san go raibh an tsuim ar áireamh dá éis sin sa Bhille Leithreasa a ndearna an tAcht Leithreasa de don bhliain sin agus go dtabharfadh sin údarás dlí don íocaíocht. Is é tuairim an Choiste go bhfuil airíon prionsabail i gceist sa chás seo. Measann sé gur chóir go dtabharfaí ceadú reachtúil le deontais a vótáiltear i dteannta deontas reachtúla. Ní féidir leis a thuiscint, i ndáil leis sin, conas gur measadh gur bhailí deontas breise a íoc i 1971-72 gan ceadú reachtaíochta nuair a measadh gur ghá foráil shonrach do dheontais den sórt sin a íocadh i 1970-71 a chur i dhá Acht Iompair. Ina theannta sin, is cuimhneach leis maidir le ceann de na deontais bhreise sin is déanaí atá i dtrácht go raibh sé curtha in iúl sa mheastachán a bhain leis go rabhthas ag vótáil leis ar choinníoll go n-achtófaí reachtaíocht. Tá an Coiste ar aon-intinn leis na tuairimí atá curtha síos i mír 12 den Tuarascáil dar dáta 20 Márta 1952 a luaitear thuas.


Fairis sin, maidir le héileamh ionadaí na Roinne Airgeadais go mba leor údarás an Achta Leithreasa bhliantúil sa chás seo, ba mhaith leis athlua a dhéanamh ar bharúil a chuir a réamhtheachtaí in iúl sa Tuarascáil dar dáta 20 Márta 1952—


“Ní féidir leis an gCoiste aontú gan choinníoll leis an tuairim gur féidir leis an Dáil forála reachta d’athrú nó a mhodhnú trí mheastachán forlíontach a daingnítear ina dhiaidh san Acht Leithreasa”.


VIVION de VALERA,


Cathaoirleach.


23 Eanáir 1975.