Committee Reports::Report - Leopardstown Park Hospital (Trust Deed Amendment) Bill, 1972 [Private]::21 November, 1973::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Comhchoiste á thuairisciú gur scrúdaigh sé an Réamhrá a ghabhann leis an mBille agus go bhfuil cinnte aige go bhfuiltear tar éis na líomhaintí ann a chruthú chun a sástachta.


2. Tá an Coiste tar éis an Bille a bhreithniú agus leasuithe a dhéanamh air d’fhonn (a) deireadh a chur le hamhrais i dtaobh cearta frithdhílseoirí, (b) gan an t-ioncam ó mhuirir a úsáid ach le haghaidh críocha carthanúla an ospidéil laistigh den Stát, agus (c) a shocrú go mbeidh cumhachtaí diúscairte na nIontaobhaithe infheidhme le toiliú Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla.


3. Bhí tuarascáil ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla os comhair an Choiste agus é ag scrúdú an Bhille agus bhreithnigh sé an tuarascáil sin. Tá sé tar éis éifeacht a thabhairt don mholadh atá sa tuarascáil tríd an leasú dá dtagraítear i mír 2 (c) a dhéanamh.


VIVION DE VALÉRA


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


21 Samhain, 1973.