Committee Reports::Report - Leopardstown Park Hospital (Trust Deed Amendment) Bill, 1972 [Private]::21 November, 1973::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

11 Iúil, 1973:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1972, eadhon Bille dá ngairtear Acht do leasú na nIontaobhas i nDintiúr tíolacais in Iontaobhas dar dáta an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1917, a rinneadh idir Gertrude Frances Dunning de pháirt agus an Ró-Onórach John Hodge Sir Matthew Nathan agus Joshua Albert Flynn den pháirt eile trína ndearnadh tailte áitribh agus oidhreachtáin áirithe i mBaile na Lobhar, Baile Cormáin agus Baile Uí Mhurchú i Leath-Bharúntacht Ráth an Dúin agus i gContae Bhaile Átha Cliath a thíolacadh ar iontaobhas do bhunú agus do chothabháil an Ospidéil ar a dtugtar Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar chun deireadh a chur le sriantacht ar an aicme daoine atá i dteideal cóireála san Ospidéal sin, do leathnú cumhachtaí a Iontaobhaithe agus chun críocha eile a bhaineann leis sin.


26 Iúil, 1973:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1972, a bhreithniú.


14 Samhain, 1973:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Breandán Ó hAllagáin, Eoin Ó Riain agus Séamas Ó Sanfai.


14 Samhain, 1973:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Vivion de Valera.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA

12 Iúil, 1973:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 11ú lá d’Iúil, 1973, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1972, a bhreithniú.


27 Iúil, 1973:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1972 a bhreithniú.


8 Samhain, 1973:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste: —Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh, Seán Easmann agus Séamas Ó Tonnaí.


8 Samhain, 1973:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Vivion de Valera.