Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments::17 January, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 17 Eanáir, 1973.

Wednesday, 17th January, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Gearóid agus Máire Bean Mhic Róibín.


3. Breithniú ar Reachtanna Ollscoile.


Tar éis na trí reacht a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar na reachtanna seo a leanas:—


An Coláiste Ollscoile, Corcaigh. Reacht XCI.


An Coláiste Ollscoile, Gaillimh. Reacht LXXXVI.


Ollscoil na hÉireann. Reacht CLXV.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar Ollscoil na hÉireann meabhrán a chur isteach do mhíniú na moille a bhain le reachtanna áirithe a leagan faoi bhráid Sheanad Éireann.


4. Atráth.


Chuaigh an Coiste ar atráth ar 4.20 p.m.