Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments::13 September, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair, 1972.

Wednesday, 13th September, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Dhuinn agus Nic Eoghain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 28 Meitheamh, 1972, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar na reachtanna seo a leanas:—


An Coláiste Ollscoile, Corcaigh. Reachtanna LXXXII, LXXXIV, LXXXVI, LXXXVII agus LXXXIX.


(ii) Beartaíodh: Go dtarraingeofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an Reacht seo a leanas ar fhoras (ii) den Rún Tagartha:—


An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Reacht LXXI.


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar Roinn an Taoisigh meabhrán a chur isteach do mhíniú conas mar atá an scéal faoi láthair maidir leis an gceart achomhairc i gcoinne reachtanna arna ndéanamh ag Ollscoil na hÉireann agus ag a comhcholáistí dá bhforáiltear le hAlt 5 den Irish Universities Act, 1908.


(iv) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar Ollscoil na hÉireann meabhrán a chur isteach do mhíniú gnéithe áirithe de na reachtanna ollscoile a cuireadh faoi bhráid an Choiste.


4. Atráth.


Chuaigh an Coiste ar atráth ar 4.30 p.m.