Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments::14 March, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 14 Márta, 1973.

Wednesday, 14th March, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Dhuinn agus Nic Eoghain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 28 Meitheamh agus an 13 Meán Fomhair, 1972, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndéanfar na meabhráin a fuarthas ó Roinn an Taoisigh, ón Roinn Oideachais agus ó Ollscoil na hÉireann, i dteannta na meabhráin a fuarthas ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ón gColáiste Ollscoile, Corcaigh, maidir leis an moill a bhain le reachtanna a leagan faoi bhráid Sheanad Éireann a chorprú i dTuarascáil an Choiste.


(ii) Beartaíodh: Go dtarraingeofar aird speisialta Sheanad Éireann (a) ar an eilimint chúlghabhálach sna reachtanna a scrúdaigh an Coiste agus (b) ar an leagan amach a bhí orthu, ar fhoras (iii) agus (v) faoi seach den Rún Tagartha.


4. Atráth.


Chuaigh an Choiste ar atráth ar 5.15 p.m.