Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::28 June, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 28 Meitheamh, 1972

Wednesday, 28 June, 1972

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, MacGearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Gearailt):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Tuarascáil Deiridh an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Deiridh faoi bhráid an Choiste chun a breithnithe.


Aontaíodh míreanna 1 go 48 go huile.


6. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1 p.m. go dtí 2.30 p.m. inniu.


7. Chruinnigh an Coiste arís ar 2.30 p.m.


8. Tuarascáil Deiridh an Choiste.


(i) Aontaíodh míreanna 49 go 56 go huile.


(ii) Cuireadh míreanna 57 agus 58 ar athló.


(iii) Aontaíodh míreanna 59, 60 agus 61.


9. Ordaíodh: Go n-iarrfaí ar Chathal Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, ráiteas ina bhfuil an t-eolas a tugadh dó le linn a chuairt ar Bhéal Feirste agus ar thug sé fianaise phríobháideach don Choiste ina thaobh, a chur chun an Choiste le go bhféadfadh go bhfoilseofaí é ina Thuarascáil.*


10. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.30 p.m. go dtí 10.30 a.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (8) (b).