Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::27 June, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 27 Meitheamh, 1972

Tuesday, 27 June, 1972

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, R. de Burca, E. Ó Coileáin, Ó Dunlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh Tairiscint (An Teachta Mac Searraigh):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. D’athchrom an Coiste ar bhreithniú cumarsáidi (gan clóbhualadh) a fuarthas ó fhinnéithe a thug fianaise go príobháideach i dtaobh ceist foilsithe a bhfianaise.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Gearailt):


“That the Committee consider the publication of each booklet of the Minutes of Evidence taken by it in private, having regard to (a) the Committee’s duty to report to the Dáil as fully as possible on the evidence given to it, (b) the desirability of avoiding embarrassment to individuals who have given such evidence whose identity might become known if the evidence were published, and (c) the willingness of the witnesses concerned to agree to the publication of their evidence.”


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Tonnaigh):


“To delete all words after the word ‘That’ and substitute ‘the Minutes of Evidence taken in private be not published’.”


Cuireadh an Cheist:—“Go ndéanfar an leasú”.


Rinne an Coiste vótáil.


Tá, 5; Níl, 3.


Tá:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

A. Mac Giobúin

R. Mac Searraigh

S. Ó Tonnaigh

Níl:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

G. Mac Gearailt

Fáisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Cuireadh agus aontaíodh an Bhun-Cheist, mar a leasaíodh—na Teachtaí de Búrca, Ó Coileáin agus Mac Gearailt ag easaontú.


Ordaíodh: Go gcuirfí in iúl do fhinnéithe a thug fianaise go príobháideach nach bfoilseofar Miontuairiscí na Fianaise a tógadh go príobháideach.


6. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 22 Meitheamh, 1972 ó C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, an Roinn Airgeadais, maidir leis an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine, 1970.


(i) Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Gearailt):


“That the Committee publish the secret semi-official letter of 21 May, 1970, from the then Secretary of the Department of Justice to the Secretary, Department of Finance.”


Tarraingíodh siar an tairiscint, faoi chead.


(ii) Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Gearailt):—


“That a letter be issued to the Minister for Finance stating that the Committee intends to publish the secret semi-official letter of 21 May, 1970 from the then Secretary of the Department of Justice to the Secretary, Department of Finance, and that presumably the Minister will wish to duly authorise publication.”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá, 3; Níl, 5.


Tá:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

G. MacGearailt

Níl:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

A. Mac Giobúin

R. Mac Searraigh

S. Ó Tonnaigh

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


(iii) Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Searraigh):


“That the Committee disregard the secret semi-official letter of 21 May, 1970 from the then Secretary of the Department of Justice to the Secretary, Department of Finance.”


Tarraingíodh siar an tairiscint, faoi chead.


(iv) Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Searraigh):—


“That the Committee do not publish the secret semi-official letter of 21 May, 1970 from the then Secretary of the Department of Justice to the Secretary Department of Finance or give the substance of it in its Report.”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá, 5; Níl, 3.


Tá:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

A. Mac Giobúin

R. Mac Searraigh

S. Ó Tonnaigh

Níl:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

G. MacGearailt

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


7. Thug an Coiste dá aire litir* den 21 Meitheamh 1972, ó Cathal Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais, ina raibh cóip de théacs an Mhionteagaisc a ullmhaíodh don Aire Airgeadais a bhí ann cheana maidir leis an Meastachán Fóirlíontach don Deontas-igCabhair.


8. Thug an Coiste dá aire lena breithniú i ndáil lena Thuarascáil litir* den 22 Meitheamh 1972 ó Chathal Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais, maidir le hairgead a eisiúint do Chumann Croise Deirge na hÉireann.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (8) (a).


* Foscríbhinn 4 (8) (b).