Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::05 July, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 5 Iúil, 1972

Wednesday, 5 July, 1972

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, MacGearailt, MacSearraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tonnaigh):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Tuarascáil Deiridh an Choiste.


(i) Aontaíodh míreanna 62 go 90 go huile.


(ii) Aontaíodh míreanna 57 agus 58.


(iii) Aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil Deiridh.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 13 Iúil 1972.