Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::22 June, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 22 Meitheamh, 1972.

Thursday, 22 June, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Chuir an Coiste san áireamh cumarsáidí (gan clóbhualadh) a fuarthas ó fhinnéithe a thug fianaise go príobháideach i dtaobh ceist foilsithe a bhfianaise.


(i) Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Dúnlaing):


“That a separate decision be taken on the publication of the evidence of each person, respectively, who gave evidence in private before the Committee.”


Tarraingíodh siar an tairiscint, faoi chead.


(ii) Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tonnaigh):


“That, having regard to the promises given to or understandings with witnesses who gave evidence in private, the Minutes of such evidence be not published except where such a witness requests otherwise.”


Tairgeadh leasú (An Teachta Mac Gearailt):


“To delete all words after ‘regard to’ and substitute ‘the Committee’s obligations to the Dáil, a separate decision be taken on the question of publication of the Minutes of Evidence given in private by each witness’.”


Cuireadh an Cheist:—“Go ndéanfar an leasú”.


Rinne an Coiste vótáil.


Tá, 2; Níl, 5.


Tá:—

An Teachta

E. Ó Coileáin

G. MacGearailt

Níl:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

R. MacSearraigh

T. Ó Nualláin

S. Ó Tonnaigh

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh leasú (An Teachta Mac Gearailt):


“To delete all words after ‘published’ and substitute ‘save where the witness concerned has accepted that the evidence be published’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Nualláin):


“To delete all words after ‘published’ and substitute ‘without the consent of the persons who gave such evidence’.”


Cuireadh an Cheist:—“Go ndéanfar an leasú”.


Rinne an Coiste vótáil.


Tá, 5; Níl, 2.


Tá:—

An Teachta

S. Báróid

E. Ó Coileáin

S. Ó Dúnlaing

G. Mac Gearailt

T. Ó Nualláin

Níl:—

An Teachta

R. Mac Searraigh

S. Ó Tonnaigh

Fáisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Cuireadh an Bhun-Cheist, mar a leasaíodh.


Rinne an Coiste vótáil.


Tá, 3; Níl, 4.


Tá:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

T. Ó Nualláin

Níl:—

An Teachta

E. Ó Coileáin

G. Mac Gearailt

R. Mac Searraigh

S. Ó Tonnaigh.

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Bhun Cheist, mar a leasaíodh.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Máirt seo chugainn.