Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::26 October, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 26 Deireadh Fómhair, 1972.

Thursday, 26th October, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That Deputy E. Collins be Chairman of the Committee”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta E. Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


4. Bás Comhalta.


Thug an Cathaoirleach moladh don Teachta Pádraig Ó hÓgáin a fuair bás agus a bhí ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Aontaíodh d’aon-ghuth le rún comhbhróin lena ghaolta.


5. Rinne an Coiste breithniú.


6. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1969-70.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1969-70. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Garda Síochána, Príosúin. Na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac a’Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Dé hAoine, 3 Samhain, 1972.