Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::07 June, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 7 Meitheamh, 1972

Wednesday, 7 June, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, MacGearailt, A. MacGiobúin, MacSearraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar Chathal Ó Muireadhaigh, an Roinn Airgeadais, á rá,* maidir le hairgead a eisiúint do Chumann Croise Deirge na hEireann, ar iarr sé treoir ón Aire a bhí ann ag an am cibé acu an raibh an t-airgead seo le heisiúint don Chumann faoi alt 2 den Acht Croise Deirge, 1938, nó nach raibh.


6. Ordaíodh: maidir le litir* Chathail Uí Mhuireadhaigh den 1 Meitheamh gan téacs an Mhionteagaisc a fhoilsiú mar choinníoll i leith é bheith á chur ar fáil.


7. Ordaíodh: maidir le litir Chathail Uí Mhuireadhaigh den 3 Márta 1972 maidir leis an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine 1970 ó Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt a bhí ann roimhe sin, a chur in iúl don Uasal Ó Muireadhaigh go meastar go mbaineann an litir le hábhar, go dtagróidh an Coiste ina thuarascáil do cheisteanna a thig dá barr, agus go mb’fhéidir gur ghá téacs na litreach a fhoilsiú.


8. Ordaíodh: nach bhfoilscofaí trí dhoiciméad inmheánacha a cuireadh ar aghaidh le litir* an Uasail Uí Mhuireadhaigh den 30 Bealtaine 1972.


9. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.30 p.m. go dtí 7.30 p.m.


10. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


11. Ordaíodh: go scríobhfaí de réir téarmaí ceadaithe go dtí finnéithe a thug fianaise go príobháideach maidir le ceist foilsithe na fianaise.


12. Ordaíodh: go n-údarófaí don Chathaoirleach Sealadach, le linn an Cathaoirleach a bheith as láthair, treoracha a thabhairt idir cruinnithe don Rúnaí i dtaobh ábhair a éireoidh.


13. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Tuarascála Deiridh a bhreithniú.


14. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.15 p.m. go dtí 11.30 a.m. Déardaoin 22 Meitheamh 1972.


* Foscríbhinn 4 (8) (b).


† Foscríbhinn 4 (8) (a).