Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::12 April, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 12 Aibreán, 1972.

Wednesday, 12 April, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Thug an Coiste dá aire litir* den 28 Márta, 1972 a fuarthas ón aturnae do Sheán Ó Ceallaigh.


5. Rinne an Coiste breithniú ar litir den 29 Márta, 1972 ó C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais, maidir leis an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine, 1970.


Beartaíodh: go gceadófaí foirm litreach* chuig an Uasal Ó Muireadhaigh agus go n-iarrfaí air bheith i láthair ar dháta atá le socrú.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 20 Aibreán, 1972.


* Foscríbhinn 4 (16).


† Foscríbhinn 4 (8) (a).


* Foscríbhinn 4 (8) (a).