Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::16 November, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 16 Samhain, 1972.

Thursday, 16th November, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta E. Ó Coileáin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Bhloscaidh, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Ó Nualláin, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1969-70.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1969-70. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais agus Leas Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Slatarra (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), S. Gud (Coimisinéir Luachála), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 23 Samhain, 1972.