Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::09 November, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 9 Samhain, 1972.

Thursday, 9th November, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta E. Ó Coileáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Ó Dúnlaing, A. Mac Giobúin, Mac Goibheannaigh, Ó Nualláin, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1969-70.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1969-70. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Sláinte, An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. S. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), C. Ó Fearghail (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 16 Samhain, 1972.