Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::13 July, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 13 Iúil, 1972

Thursday, 13 July, 1972

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tonnaigh):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


4. Bhreithnigh an Coiste litir* den 11 Iúil 1972 ó Chathal Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais, maidir le cuairt go Béal Feirste:


Ordaíodh: Go ndéanfar an tuarascáil a tugadh i dteannta na litreach a chlóbhualadh mar Fhoscríbhinn leis an Tuarascáil Deiridh


5. Ordaíodh: Go ndéanfar tagairtí i gcomhfhreagras** do shubstaint na litreach leathoifigiúla faoi rún den 21 Bealtaine 1970 ó Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt a bhí ann san am sin go dtí Rúnaí na Roinne Airgeadais, a scriosadh i bhfianaise litreach na Roinne Airgeadais den 22 Meitheamh 1972.


6. Rinne an Coiste breithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 26 Deireadh Fomhair 1972.


* Foscríbhinn 4 (8) (b).


† Foscríbhinn 7.


** Foscríbhinn 4 (8) (a).