Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::10 December, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 10 Nollaig, 1970.

Thursday, 10 December, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, P. Ó hÓgáin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That Deputy Patrick Hogan be the Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


4. Ordaíodh: go suífeadh an Coiste go poiblí le linn dó fianaise a ghlacadh, ach, mar gheall ar an gcineál ábhair a bhí le scrúdú, go dtabharfaí de chumhacht don Chathaoirleach daoine a dhúnadh amach, as a chonlán féin, le linn fianaise áirithe a bheith á ghlacadh.


5. Bhreithnigh an Coiste an méid feidhme a bhí ag Airteagail 15.12 agus 15.13 den bhunreacht maidir le comhaltaí an Choiste agus maidir le finnéithe i láthair an Choiste. Thug sé aird ina mbreithniú gur luadh i dTuarascáil an Choiste ar an mBunreacht, Nollaig, 1967, gur bhreithnigh an Coiste sin ponc dlí ar comhréir leis agus gur cuireadh faoi bhráid an Ard-Aighne é lena scrúdú ag coiste dlíthiúil arbh é an tArd-Aighne an Cathaoirleach air.


Ordaíodh: go ndéanfaí fiosrú féachaint an bhféadfaí tuairim an choiste dhlíthiúil, má bhí sí ar fáil, a chur in iúl don Choiste.


6. Ordaíodh: go bhfostófaí abhcóide i ndáil leis an ábhar dá dtagraítear i mír 5 thuas, go n-iarrfaí ceadú an Aire Airgeadais le haghaidh an chaiteachais ba ghá, agus go rachfaí i gcomhairle freisin leis an abhcóide maidir leis na nósa imeachta lena nglacfadh an Coiste.


7. Ordaíodh: gur faoi mhionn a ghlacfaí fianaise an bhfinnéithe go léir nó, ar chúis mhaith, trí dhearbhasc.


8. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar an gCeann Comhairle údarás a thabhairt do Rúnaí an Choiste, de réir alt 3 den Acht Mionnaí Finnithe Oireachtais, 1924, daoine a chur faoi mhionn.


9. Ordaíodh: dá ndiúltódh finné an mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh, go n-iarrfaí air a chúiseanna a lua, agus go ndéanfadh an Coiste an t-ábhar a bhreithniú ansin.


10. Ordaíodh: go bhféadfadh finnéithe a bheith acu leo, d’aontoisc chun comhairlithe, abhcóidí, aturnaetha nó comhairleoirí de réir mar a chinnfidh an Coiste i ngach cás iomchuí; ach nach gceadófaí do na haturnaetha ná do na comhairleoirí sin aon fhinné a scrúdú ná an Coiste a aitheasc.


11. Ordaíodh: go mbreithneofaí go fabharach aon iarratas le dea-chúis ó fhinné gan a ainm ná a shloinneadh a fhoilsiú.


12. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.45 p.m. go dtí 6.30 p.m. inniu. Chruinnigh an Coiste arís ar 6.30 p.m.


13. Thug an Coiste dá n-aire go buíoch go bhfuarthas ón Taoiseach “Advance Extract from report of Attorney General’s committee on legal points referred to the Attorney General by the all-Party Committee on the Constitution.”* Thug an Coiste dá n-aire go buíoch freisin gur cuireadh an doiciméad sin ar fáil gan srian le úsaid ag an gCoiste.


14. Ordaíodh: go n-údarófaí don Rúnaí abhcóide a fhostú agus é a mhionteagasc (i) i dtaobh an ábhair dá dtagraítear ag mír 5 thuas, (ii) i dtaobh na nós imeachta lenar ghlac an Coiste agus (iii) i dtaobh an bhféadfadh an Coiste, nó ar cheart don Choiste, dul ar aghaidh leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Choiste gan a iarraidh go n-achtófaí reachtaíocht maidir le hábhar mhír 5; agus go dtabharfaí cuireadh don abhcóide chun an chéad chruinnithe eile.


15. Ordaíodh: go dtionólfaí i Seomra 91 an chéad chruinniú den Choiste ag a nglacfaí fianaise agus go ndéanfaí fiafraí i dtaobh Seomra an tSeanaid a bheith ar fáil le haghaidh cruinnithe.


16. Ordaíodh: go gcinnfeadh an Rúnaí, ar dhul dó i gcomhairle le húdarás an Tí, an líon daoine a ligfí isteach go dtí cruinnithe an Choiste, is é sin daoine de na haicmí (a) comhaltaí de na Tithe, (b) ionadaithe údaraithe nuachtán agus (c) daoine eile a chinnfeadh an Rúnaí.


17. Ordaiodh: go n-iarrfaí Ordú Dála chun fianaise gach lae, mar aon le foscríbhinní iomchuí, a chlóbhualadh.


18. Ordaíodh: gurb é an chúrsaíocht chéanna a bheidh ag na miontuairiscí fianaise neamhcheartaithe a bhíonn ag díospóireachtaí na Dála agus go n-iarrfar ar Oifig an tSoláthair a áirithiú go mbeidh leorsholáthar díobh ar fáil.


19. Ordaíodh: go dtabharfaí na miontuairiscí fianaise neamhcheartaithe do gach finné agus go gcuirfí in iúl dó nach cead aon athrú ná ceartú a dhéanamh agus, más mian leis aon chuid den fhianaise a cheartú go gcaithfeadh sé iarratas a dhéanamh chun an Choiste agus go bhféadfadh siadsan é a athscrúdú.


20. Ordaíodh: go dtoghairmfí gach finné trí litir a sheachadfar dó go pearsanta nó leis an bpost cláraithe.


21. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar na finnéithe réamhráitis a thabhairt agus go n-iarrfaí orthu na doiciméid iomchuí go léir ina gcumhacht nó faoina n-urláimh nó atá ar fáil acu a thabhairt roimh ré don Choiste nó, mura féidir sin, iad a thabhairt leo chun an Choiste.


22. Ordaíodh: go mbreithneodh an Coiste i ngach cás ar leith diúltú nó mainneachtain ag aon duine teacht i láthair a toghairmeadh chun fianaise a thabhairt.


23. Ordaíodh: go n-aisíocfaí le finnéithe a gcostais riachtanacha taistil agus go ndéanfaí liúntais chothaithe agus liúntais i leith cailleadh tuillteanais a íoc leo freisin de réir rialachán iomchuí ach nach gcúiteofaí le finnéithe aon chaiteachas a bheidh tabhaithe acu de bharr abhcóidí, aturnaetha nó comhairleoirí eile a bheith leo.


24. Ordaíodh: gurb é an Cathaoirleach a thosódh ag ceistiú finnéithe agus go gcuirfeadh chuig gach finné cibé ceisteanna a chinnfidh an Coiste, agus go bhféadfadh gach comhalta den Choiste ceisteanna a chur ansin ar an gCathaoirleach glaoch air.


25. Ordaíodh: go n-iarrfadh an Cathaoirleach, i gcás finné do chur i gcoinne ceist nó do dhiúltú ceist a fhreagairt, ar an bhfinné a chúiseanna a lua, agus go bhféadfadh an Cathaoirleach daoine a dhúnadh amach dá n-éireodh saincheist den sórt sin.


26. Ordaíodh: go n-iarrfaí na codanna iomchuí de scríbhinn na fianaise a tugadh le linn na Trialach Arm a bhí ar siúl le gairid.


27. Ordaíodh: go bhfruileofaí teangairí de réir mar a theastódh.


28. Ordaíodh: go dtabharfaí cuireadh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bheith i láthair ag an gcéad chruinniú eile.


29. Ordaíodh: go dtabharfaí an tuarascáil eatramhach sula dtosófaí ag glacadh fianaise, agus cibé sonraí a bheith sa tuarascáil i dtaobh na nósa imeachta lenar ghlac an Coiste agus a chinnfidh an Coiste.


30. Ordaíodh: go dtabharfaí roimh ré do na finnéithe cóip den tuarascáil eatramhach nuair a bheidh sé faoi réir.


31. Ordaíodh: go ndéanfaí fiosruithe féachaint an bhféadfaí an fhianaise a ghlacfaí a thaifeadadh go meicniúil, agus go ndéanfaí socruithe chun glacadh na fianaise a athchraoladh go dtí seomra eile, dá mba ghá sin.


32. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar athló 9 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn, 15 Nollaig.


* Foscríbhinn 1 de Thuarascáil Eatramhach an Choiste den 15 Nollaig 1970.


† Foscríbhinn 4 (24).