Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::31 May, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 31 Bealtaine, 1972.

Wednesday, 31 May, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Nualláin):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 30 Bealtaine 1972 ó C. Ó Muireadhaigh maidir le comhad na Roinne Airgeadais.


Ordaíodh: go n-iarrfaí* ar C. Ó Muireadhaigh an mionteagasc dá dtagraítear sa litir a chur chun an Choiste ar an mbun go rachfaí i gcomhairle leis an Aire ar aon togra maidir lena fhoilsiú.


6. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Tuarascála Deiridh a bhreithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.10 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (8) (b).