Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::18 August, 1971::Report

TUARASCÁIL

CUID I

1. Tar éis a cheaptha, scrúdaigh an Roghchoiste, sa tréimhse dar chríoch an 15 Nollaig, 1970, an 179 n-ionstraim atá ar liosta sna hImeachtaí. Maidir leis na hionstraimí a scrúdaíodh, chinn an Coiste gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na sé ionstraim a bhfuil mioneolas ina leith tugtha i gCuid II den Tuarascáil seo.


2. De réir a théarmaí tagartha, rinne an Roghchoiste, sular thug sé an tuarascáil, caoi a thabhairt do gach Roinn Rialtais lena mbaineann cibé míniúcháin ba chuí leo a chur ar fáil. Gheofar cóipeanna de na míniúcháin a cuireadh ar fáil i bhFoscríbhinní I go V.


CUID II

3. Mheas an Roghchoiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhoras (iii) den Rún Tagartha.


4. Ar fhoras (i), is é sin “go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forálacha á cheangal íocaíochtaí a dhéanamh leis an Státchiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon seirbhísí a bheidh le déanamh, nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíochtaí den sórt sin”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Thumadh Caorach (Dipeanna a Thástáil) (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 245 de 1969].


Tá san Ordú seo, a bhfuil sé sainráite ann gur faoi údarás altanna 3, 6, 10 agus 35 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966, a rinneadh í, foráil go n-íocfar táille £100 leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh i leith tástáil dipe. Toisc nár léir don Choiste go ndearnadh údarás chun táille a mhuirearú ar dip a thabhairt le halt ar bith de na haltanna a luaitear sa lua údaráis, iarradh ar an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh an pointe a shoiléiriú. Tá míniú na Roinne le fáil i bhFoscríbhinn II.


Tá comhairlithe don Roinn go dtugann ailt 3 agus 6 cumhacht don Aire táillí a mhuirearú. Bhí *comhfhreagras idir Coiste roimhe seo agus an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh, i gcás roinnt de na horduithe um an nGalar Crúb agus Béil maidir le fairsinge na gcumhachtaí ginearálta a thugtar don Aire faoi alt 3 chun orduithe a dhéanamh nach dtugtar dó in áit ar bith eile san Acht. Tar éis an comhfhreagras sin agus fianaise béil a thug ionadaí ón Roinn a mheas ch nn an Coiste aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hordu the agus ar na forchumhachtaí a éilítear d’alt 3.


Tabharfar chun cuntais gur in alt 6 atá an t-aon tagairt do tháillí san Acht—


“Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha agus, ach amháin mar a n-ordaítear a mhalairt, ní éileofar ná ní ghearrfar aon táille ná muirear eile i leith aon cheapacháin, deimhnithe, dearbhaithe, ceadúnais ná ní faoin Acht seo ná i leith aon iniúchadh nó gníomh eile a dhéanfar sula ndeonófar nó sula ndéanfar deimhniú, dearbhú, ceadúnas, nó ní eile.”


B’fhacthas don Choiste go ndearnadh foráil leis an alt sin le haghaidh díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí, ach de réir na comhairle a tugadh don Roinn, dealraíonn sé go bhfuil sé ar chumas an Aire freisin faoin alt táillí a mhuirearú i leith ábhair a bhfuil sé sainráite san alt go bhfuil siad díolmhaithe ó dhleacht stampa agus ó tháillí.


Ní fhéadann an Coiste a shamhlú go raibh sé i gceist ag an Oireachtas, nuair a d’achtaigh sé alt 6, údarás chun táillí a mhuirearú a éileamh leis an alt sin. Tabharfar chun suntais dá mbeadh leis an abairt ar a seastar, is sé sin, “ach amháin mat a n-ordaítear a mhalairt” an chiall “a fhor-ordaítear in áit eile san Acht”, dhealródh sé nach mbeadh mórán brí le díolúine neamhéifeachtach a thabhairt le halt 6. I ndáiríre, níl cumhacht shonrach chun táillí a mhuirearú in aon áit san Acht. Is cumhacht í sin a thugann an tOireachtas de ghnáth nuair a bhíonn gá léi. Is é tuairim an Choiste gur úsáid nach gnách nó úsáid nach raibh coinne léi, de na cumhachtaí a thug an Reacht, an muirearú táillí faoin alt sin agus dá réir sin tá an Coiste freisin ag díriú aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim ar fhoras (ii) den Rún Tagartha.


5. Ar fhoras (ii) is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Thumadh Caorach (Dipeanna a Thástáil) (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 245 de 1969].


Rinne an Coiste tagairt san alt sin roimhe seo don chúis a bhí aige aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo ar fhoras (ii) den Rún Tagartha.


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Lacáistí agus Iocaíochtaí Seachtainiúla) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 134 de 1969].


Tá sé sainráite go ndearnadh na rialacháin sin faoi údarás atá in alt 36 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, lena gcumhachtaítear le fo-alt 2 (a) don Aire Saothair rialacháin a dhéanamh, á cheangal “ar fhostóir atá i dteideal lacáiste é a éileamh agus d’fhorordú an ama nach foláir éileamh den sórt sin a dhéanamh laistigh de.” I bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí sin rinneadh foráil leis na Rialacháin Iomarcaíochta (Lacáistí agus Íocaíochtaí Seachtainiúla), 1968, go ndéanfaí éileamh ar lacáiste “roimh dhul in éag do shé mhí ón dáta ar íoc an fostóir an chnapshuim iomchuí”. Tá an fhoráil sin leasaithe anois le hairteagal 2 (a) de na rialacháin láithreacha lena dtugtar údarás don Aire Saothair á cheadú, in imthosca áirithe, go ndéanfaí éileamh ar lacáiste “laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe nó in aicme cásanna”. B’fhacthas don Choiste gurbh é éifeacht an leasaithe sin a cheadú go gcinnfí trí ghníomh riaracháin an t-am nárbh fholáir éileamh ar lacáiste a dhéanamh laistigh de a ndealraíonn sé ón reacht bunaidh go bhforordófaí le rialacháin é. Iarradh dá réir sin ar an Roinn Saothair meamran míniúcháin a thabhairt maidir leis an bpointe sin.


Tá le léamh i mír 1 de fhreagra na Roinne (léigh Foscríbhinn III) go nglacann an Roinn le tuairim an Choiste, is é sin, gur chóir, de réir dhlúthléiriú ar alt 36 (2) (a) den Acht, go mbeadh an teorainn ama, ar laistigh de a fhéadfar éileamh ar lacáiste a dhéanamh, infhionnta ó na rialacháin.


6. Ar fhoras (iv), “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas:


Na Rialacháin um Acht na Leanaí, 1941 (Alt 21), 1969 [I.R. Uimh. 216 de 1969].


Rinneadh: 30 Deireadh Fómhair, 1969;


Leagadh: 8 Nollaig, 1969.


Tabharfar chun suntais ón míniú a sholáthraigh an Roinn Oideachais (léigh Foscríbhinn I), gurbh é ba chúis leis an moill a bhain leis an ionstraim a leagan faoi bhráid Sheanad Éireann, ceann na rannóige a bhaineann leis an ábhar sin a bheith ar saoire bhreoiteachta.


Rinneadh tagairt i dtuarascálacha Coistí roimhe seo don riachtanas atá ann ionstraimí a chur faoi bhráid Sheanad Éireann laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir tar éis a ndéanta agus is é tuairim an Choiste go bhfuil sé an-tábhachtach gach cúram a dhéanamh chun a chinntiú go leagfar ionstraimí faoi bhráid Sheanad Éireann laistigh de sheacht lá ó dháta a ndéanta.


7. Ar fhoras (V), is é sin, “go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na trí ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam, (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 3), 1969. [I.R. Uimh. 127 de 1969].


Deir na rialacháin sin gur faoi alt 13 den Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947, a rinneadh iad agus ceanglaítear leis an alt sin 13 toiliú an Aire Airgeadais a fháil i gcás rialacháin a dhéantar faoin alt sin. Tabharfar chun suntais go ndearna an tAire Iompair agus Cumhachta na rialacháin sin an 1 Iúil, 1969, ach nár thoiligh an tAire Airgeadais leo go dtí 3 Iúil. Toisc nach bhfuil aon chlásal san ionstraim ag lua dáta tosach feidhme na hionstraime, d’éirigh ceist faoin dáta a ghlac na rialacháin éifeacht, iarradh ar an Roinn Iompair agus Cumhachta an pointe sin a shoiléiriú.


Cuireadh dlí-chomhairle ar an Roinn (léigh Foscríbhinn IV) agus dúradh léi nár tháinig an ionstraim i ngníomh go dtí gur tugadh an toiliú riachtanach, is sé sin, an 3 Iúil, bíodh is go ndearnadh í an 1 Iúil.


Rinneadh tagairt cheana i roinnt Tuarascálacha ó Choistí roimhe seo do cheist na n-ionstraimí sin nár mhór breis agus aon údarás amháin iad do shíniú. I mír 9 de thuarascáil dar dáta 19 Márta, 1969, rinne an Coiste lenar bhain tagairt do na malairt tuairimí ba chosúil a bheith ann i gcás dáta feidhme ionstraimí nár mhór breis agus síniú amháin leo agus nocht sé an tuairim nár chóir a cheadú go mbeadh malairt dátaí síniúcháin ina chuis le hamhras a bheith ann faoi dháta tosach feidhme aon ionstraime. Dá réir sin, mhol an Coiste sin go ndéanfaí, i gcás aon ionstraim a bhféadfadh amhras den sórt sin a bheith ann maidir léi, clásal iomchuí a chur san ionstraim a shocródh go dtiocfadh sí i ngníomh ar dháta áirithe. Dealraíonn sé go ndearnadh dearmad ar an moladh sin sa chás áirithe seo. Tá an Roghchoiste sásta nach mbeidh air amach anseo a mheabhrú do Ranna an riachtanas atá ann déanamh de réir an mholta seo.


Na Rialacháin um Mianaigh (Bainisteoirí agus Oifigigh), 1970 [I.R. Uimh. 74 de 1970].


Na Rialacháin um Mianaigh agus Cairéil (Fógra i dtaobh Tionóiscí), 1970 [I.R. Uimh. 77 de 1970].


Tá síniú an Aire Saothair os cionn na sceideal a ghabhann le gach ceann de na hionstraimí sin. Tá aird speisialta á dhíriú orthu ag an gCoiste mar nach gceapann an Coiste go bhfuil na sceidil fianaithe mar is ceart.


Feicfear ón míniú a thug an Roinn Saothair (léigh Foscríbhinn V) nár tugadh faoi deara de bharr broid oibre sa Roinn, go raibh sé riachtanach déanamh de réir mholadh ó Choiste roimhe seo, is é sin, gur roimh shíniú an Aire ba chóir na sceidil a ghabhann le hionstraimí a chur d’fhonn iad a cheart-fhianú.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


18 Lúnasa, 1971.


*T.218—Pr . 778, 19 Márta, 1969.