Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::14 January, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 14 Eanáir, 1970.

Wednesday, 14th January, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí de Búrca, Ó Ceallaigh, Mac Giolla Dhuinn, Ó Maoil Eoin, Nic Eoghain agus Mac Síthigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na cúig ionstraim reachtúil is daichead a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Táilli) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 212 de 1969].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Ualachlínte) (Tiortha an Choinbhinsiúin), 1969.


An tOrdú fán Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 (Tosach Feidhme), 1969 [I.R. Uimh. 123 de 1969].


An tOrdú um Lárionad Chuan Iascaigh (Na Cealla Beaga), 1969 [I.R. Uimh. 210 de 1969].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin agus Tíortha Leasaithe an Choinbhinsiúin), 1969 [I.R. Uimh. 224 de 1969].


An tOrdú um an Ordú i dtaobh Iomportail Madra agus Cat, 1929 (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 204 de 1969].


An tOrdú um an Ordú i dtaobh Iompórtáil Madra agus Cat, 1929 (Leasú), (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 220 de 1969].


An tOrdú i dtaobh Iomportáil Madra agus Cat (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 249 de 1969].


An tOrdú Monaíochta (Glaoch Isteach) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 113 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Táillí Loctha), 1969 [I.R. Uimh. 169 de 1969].


An tOrdú um Éanlaith, Conablaigh Éanlaithe, Uibheacha Éanlaithe agus Táirgí Éanlaithe (Srian le hAllmhairiú), 1969 [I.R. Uimh. 177 de 1969].


Ordú Bhord na Móna (Ús a Tharscaoileadh agus Aisíoc Airleacan a Chur Siar), (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 208 de 1969].


Ordú Bhord na Móna (Aisíoc Airleacan a Chur Siar), 1969 [I.R. Uimh. 266 de 1969].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (Alt 33) (Tosach Feidhme), 1969 [I.R. Uimh. 250 de 1969].


An tOrdú um Chonfadh (Ainmhithe a Allmhairiú agus a Chur i dTír), 1969 [I.R. Uimh. 248 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Cóireála) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 141 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 221 de 1969].


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 142 de 1969].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1969 (I.R. Uimh. 143 de 1969].


An tOrdú um Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934, 1969 [I.R. Uimh. 125 de 1969].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Olltoghcháin de Dháil Éireann), 1969 [I.R. Uimh. 95 de 1969].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Bainne) (Béal Átha na Sluaighe) (Cúlghairm), 1969 [I.R. Uimh. 167 de 1969].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (An Lá Ainmniúcháin), 1969 [I.R. Uimh. 154 de 1969].


An tOrdú Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhairiú go dtí an Róidéis Theas a Rialú), 1969 [I.R. Uimh. 105 de 1969].


An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú (Feidhmchoimeád) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 184 de 1969].


An tOrdú um Thobhach Cruithneachta, 1969 [I.R. Uimh. 226 de 1969].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Réóin) (Eisiamh), 1969 [I.R. Uimh. 189 de 1969].


Na Rialacháin um Údaráis Tithíochta (Ranníocaí agus Bainistí Muirear Iasachtaí) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 109 de 1969].


Ordú na mBannaí Talún (Uimh. 2), 1969 [I.R. 112 de 1969].


Ordú na mBannaí Talún (Uimh. 4), 1969 [I.R. Uimh. 270 de 1969].


An tOrdú Caomhanta Éan Géim, 1969 [I.R. Uimh. 161 de 1969].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Cheatharlach (Teorainn a Athrú), 1969 [I.R. Uimh. 264 de 1969].


An tOrdú um Chiste na Nótaí Dlíthairgthe (Foirm Shócmhainne Bhreise), 1969 [I.R. Uimh. 119 de 1969].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Próisiú Prátaí) (Eisiamh), 1969 [I.R. Uimh. 202 de 1969].


An tOrdú Aerloingseoireachta (Rialacha an Acir) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 147 de 1969].


Na Rialacháin Teileafóin (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 185 de 1969].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir), 1969 [I.R. Uimh. 102 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 183 de 1969].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha a Ghlactha) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 211 de 1969].


Rialacháin Acht na Leanaí, 1941 (Alt 21), 1969 [I.R. Uimh. 216 de 1969].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (An Róidéis Theas) (Uimh. 2), 1969 [I.R. Uimh. 106 de 1969].


An tOrdú um Pinsin an Gharda Síochána, 1969 [I.R. Uimh. 136 de 1969].


An tOrdú um Thumadh Caorach (Dipeanna a Thástáil) (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 245 de 1969].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Lacáistí agus Íocaíochtaí Seachtainiúla) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 134 de 1969].


Na Rialacháin um Blianachtaí Saoil (Talamh a Dhíol le Coimisiún na Talún) (Leasú), 1969. [I.R. Uimh. 67 de 1969].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.