Committee Reports::Report No. 02 (1971) - Statutory Instruments [6]::18 August, 1971::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN

RÚN TAGARTHA.

10 Nollaig, 1969:— Beartaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste chun breithniú a dhéanamh ar gach Ionstraim Reachtúil a leagfar nó a leagfar ina dréacht, os comhair Sheanad Éireann de bhun ceanglais reachtúil, d’fhonn a chinneadh ar cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt uirthi ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:—


(i)go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forálacha á cheangal íocaíochtaí a dhéanamh leis an Státchiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon seirbhísí a bheidh le déanamh, nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíochtaí den sórt sin;


(ii)go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í;


(iii)go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil;


(iv)go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú;


(v)go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú.


(2) Gur naonúr comhalta a bheidh ar an Roghchoiste agus gur córam triúr acu.


(3) Go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste tuarascáil a thabhairt ó am go ham agus a cheangal ar aon Roinn Rialtais nó údarás eile a dhéanfaidh ionstraim agus a mbainfidh an t-ábhar leo meabhrán a thabhairt ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a bheidh faoi bhreithniú an Roghchoiste nó ionadaí a cheapadh chun teacht ina láthair mar fhinné d’fhonn aon Ionstraim Reachtúil den sórt sin a mhíniú.


(4) Go mbeidh de dhualgas ar an gCoiste, sula dtabharfaidh siad tuarascáil gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar aon Ionstraim Reachtúil, caoi a thabhairt d’aon Roinn Rialtais nó údarás eile a dhéanfaidh ionstraim agus a mbainfidh an t-ábharleo cibé mínithe, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt, is oiriúnach leis an Roinn nó leis an údarás agus go mbeidh cumhacht ag an Roghchoiste aon mheabhráin a tugadh nó aon fhianaise eile a fuair siad ag míniú aon Ionstraime Reachtúla a thuairisciú do Sheanad Éireann ó am go ham.


(5) Go ndéanfar na meabhráin mhíniúcháin a cuireadh faoi bhráid an Roghchoiste a ceapadh le Rún an 7 Iúil, 1965, i ndiaidh a Thuarascála an 19 Márta, 1969, a tharchur chun an Choiste lena scrúdú agus le tuairisc a thabhairt orthu [An Seanadóir Sheldon].


SEANADÓIRÍ A D’AINMNIGH AN COISTE ROGHNÓIREACHTA DON CHOISTE.


10 Nollaig, 1969:— Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Seanadóirí De Búrca, Gearóid, Ó Ceallaigh, Mac Giolla Dhuinn, Ó Maoil Eoin, Ó Súilleabháin, Nic Eoghain, Mac Sithigh-Sceimhealtún agus Sheldon.


31 Márta, 1971:— Ceapadh an Seanadóir Aindrias O Briain chun an folúntas a líonadh a tharla de dheasca an Seanadóir Pádraig Ó Maoil Eoin a thoghadh do Dháil Éireann agus ceapadh an Seanadóir Seán Ó hArgáin in ionad an tSeanadóra Mac Sithigh-Sceimhealtún a fuair bás.