Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::30 June, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 30 Meitheamh, 1971.

Wednesday, 30 June, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn agus Mac Searraigh.


3. Cuireadh in iúl don Choiste nach raibh an tArd-Aighne sásta cead a thabhairt don Phríomh-Aturnae Stáit gníomhú don Choiste ar an bhforas go bhféadfadh leasanna codarsna a theacht i gceist.


4. Ordaíodh: go ndéanfaí an tArd-Cheannfort Seán Pléimeann a chur faoi ghairm do chruinniú an Mháirt seo chugainn.


5. Ordaíodh: go ndéanfadh an Coiste Máirtín Ó Mearáin, aturnae, a fhruiliú faoi réir cheadú an Aire Airgeadais a fháil maidir leis an gcaiteachas ba ghá.


6. Ordaíodh: go mbeadh rogha ag an gCathaoirleach i dtaobh an aturnae agus an abhcóide a fhruileofaí dá dtabharfadh na himthosca go mba ghá sin.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m. go dtí 3.45 p.m. Dé Máirt seo chugainn.