Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::06 July, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 6 Iúil, 1971.

Tuesday, 6 July, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E.


Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Rinneadh breithniú ar litreacha den 5 agus 6 Iúil ó aturnaetha do Sheán Ó Ceallaigh* agus do Pháraic Ó hEochaidh, faoi seach, agus ar litir den 5 Iúil ón Ard-Cheannfort Seán Pléimeann.


5. Cuireadh in iúl don Choiste go raibh Seán Ó Ceallaigh, a fuair toghairm bheith i láthair ar 4 p.m. inniu, tar éis Teach Laighean a fhágáil ar a 4.40 p.m.


6. Ordaíodh: go gcuirfí litir** go dtí Seán Ó Ceallaigh á mhíniú go raibh an Coiste ag gabháil do bhreithniú a litre den 5 Iúil go dtí tuairim 4.40 p.m. nuair a cuireadh in iúl dó go raibh sé tar éis Teach Laighean a fhágáil, agus á iarraidh air bheith i láthair Dé Máirt an 13ú lá den mhí seo ar 4 p.m.


7. Ordaíodh: go dtabharfadh an Cathaoirleach ráiteas do na nuachtáin de réir chiall na litre a bhí le cur go dtí Seán Ó Ceallaigh.


8. Ordaíodh: go bhfaighfí comhairle dlí maidir le litreacha an 5 agus 6 Iúil ó aturnaetha do Sheán Ó Ceallaigh agus do Pháraic Ó hEochaidh, faoi seach, agus go gcumhachtófaí don Chathaoirleach cead i mbriathra béil a fháil ón Aire Airgeadais i leith an chaiteachais ba ghá.


9. Thug an Coiste chun suntais litir†† den 30 Meitheamh ón Teachta Brioscú ag éirí as an gCoiste.


10. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.30 p.m. go dtí 8 p.m. inniu.


11. Chruinnigh an Coiste arís ar 8 p.m.


12. Thug an Cathaoirleach scéala don Choiste go ndúirt an tAire Airgeadais leis go raibh an cor maidir le fruiliú abhcóide curtha in iúl i litir§ a Roinne den 5 Iúil, ach go ndéanfadh sé breithniú ar an gceist a bhain le ceadú an chaiteachais ba ghá


maidir leis na litreacha ó aturnaetha do Sheán Ó Ceallaigh agus do Pháraic Ó hEochaidh agus go gcuirfeadh sé a chinneadh in iúl don Choiste tráth níos déanaí.*


13. Thairg an Teachta Ó Nualláin:


“That the Committee proceed on the following basis: that the letters of 5 and 6 July received from the solicitors for Mr. John Kelly and Mr. Páraic Haughey, respectively, be replied to following consideration of legal advice, that Deputy Ó Móráin be recalled to give evidence, that Mr. C. H. Murray be recalled to give evidence, that on completion of these steps the Committee proceed to the preparation of a report, provided that if in the course of such preparation it appears to the Committee that clarification of the evidence given by a witness is required, such clarification be sought; and that the following public announcement be made today:—


‘With a view to enabling the Committee to complete its examination as soon as possible, it invites any other person who believes that he can help the Committee in its inquiries with relevant new evidence, to notify the Secretary to the Committee within the next two weeks.”’


Cuireadh agus aontaíodh an cheist, faoi réir an fhorcoimeádais seo a leanas ag an Teachta Mac Gearailt, atá le nótáil in Imeachtaí an Choiste: Go ndéanann sé forcoimeád ar a sheasamh ag an gcéim seo i dtaobh triúr finnéithe nua a ghlaoch, go sonrach triúr comhaltaí den IRA.


14. Ordaíodh: go gcumhachtófaí don Chathaoirleach freagra a thabhairt ar litreacha den 5 agus 6 Iúil ó aturnaetha do Sheán Ó Ceallaigh agus do Pháraic Ó hEochaidh tar éis breithniú a dhéanamh ar chomhairle dlí a fuarthas (má cheadaítear caiteachas ina leith) gan tuilleadh tagartha don Choiste.


15. Ordaíodh: go gcumhachtófaí don Chathaoirleach an dáta a athshocrú a socraíodh le haghaidh Seán Ó Ceallaigh a bheith i láthair agus an dáta a shocrú le haghaidh Páraic Ó hEochaidh a bheith i láthair.


16. Ordaíodh: go ndéanfaí an litir den 5 Iúil a fuarthas ón Aire Dlí agus Cirt maidir le doiciméid a d’iarr an Teachta Ó Móráin, agus litir an Choiste den 17 Meitheamh a chur go dtí an Teachta Ó Móráin, go gcuirfí in iúl dó go dtabharfadh an Coiste dó na saoráidí a cheadaigh an tAire agus go n-iarrfaí air bheith i láthair an 13 Iúil chun na críche sin.


17. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.15 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (16).


† Foscríbhinn 4 (12).


‡ Foscríbhinn 4 (9).


** Foscríbhinn 4 (16).


‡‡ Gan clóbhualadh


§ Foscríbhinn 4 (8) (b).


* Fuarthas cead i mbriathra béil an 7 Iúil 1971 le haghaidh na criche áirithe.


†Foscríbhinn 4 (14).


‡ Foscríbhinn 4 (21).