Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::13 July, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 13 Iúil, 1971.

Tuesday, 13 July, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Beartaithe: go ngéillfí d’iarratas ó RTE pictiúr scannáin a ghlacadh den Choiste ar choinníoll nach mbeadh aon fhuaimthaifead agus nach mbeadh an Coiste ina suí.


5. Ordaíodh: nach ndéanfadh aon chomhalta ach amháin an Cathaoirleach ráitis thar ceann an Choiste.


6. An Suí ar Fionraí


Cuireadh an suí ar fionraí ar 4.30 p.m. go dtí 5 p.m. inniu.


7. Chruinnigh an Coiste arís ar 5 p.m.


8. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, an Roinn Airgeadais (agus A. Ó Fágáin ina theannta).


9. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


10. Chuir an Cathaoirleach in iúl go raibh RTE tar éis ráiteas a iarraidh le haghaidh clár “Seven Days” i dtaobh an Teachta Céitinn d’éirí as an gCoiste agus i dtaobh breithiúnais na Cúirte Uachtaraí in achomharc Pháraic Uí Eochaidh.


Ordaíodh: go ndéanfaí an scéal a bhreithniú tráthnóna inniu.


11. An Suí ar Fionraí


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.15 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


12. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


13. Ordaíodh: go n-ullmhódh an Cathaoirleach ráiteas lena bhreithniú i ndáil leis an iarratas ó RTE.


14. Comhaontaíodh nach ndéarfadh na comhaltaí aon rud i dtaobh an Choiste ar an teilifís ná ar an radio ná leis na nuachtáin go dtí go mbeadh an Coiste tar éis a Thuarascáil a chur chun na Dála, agus go mbeadh feidhm ag an gcomhaontú seo fiú amháin i gcás inar éirigh comhalta as roimh an Tuarascáil a dhéanamh.


15. Rinneadh breithniú ar litreacha den 5ú, den 7ú agus den 13ú Iúil* ó na haturnaetha do Sheán Ó Ceallaigh, ar litir den 6 Iúil ó na haturnaetha do Pháraic Ó hEochaidh, ar litreacha den 8 Iúil chuig gach duine acu ón gCoiste agus ar thuairim dlíthiúil faoi na hábhair a thig uathu.


16. Ordaíodh: go scríobhfaí go dtí an tAire Airgeadais§ agus go dtí an tAire Dlí agus Cirt** i dtaobh na n-iarratas ó Pháraic Ó hEochaidh agus ó Sheán Ó Ceallaigh maidir le tuarascálacha na nGardaí.


17. Beartaithe: nár ghá tada a dhéanamh i dtaobh litir an 8 Iúil, 1971†† ón Teachta Ó Móráin.


18. Breithníodh litir den 9 Iúil, 1971 ón gCaptaen Séamas Ó Ceallaigh agus aontaiodh foirm an fhreagra.‡‡


19. Breithníodh litir den 7 Iúil, 1971 ó Shéamas Ó Brádaigh agus aontaíodh foirm an fhreagra.§§


20. Thug an Coiste dá aire litir (gan clóbhualadh) den 8 Iúil ón Teachta Céitinn ag éirí as an gCoiste.


21. Rinneadh tairiscint (An Cathaoirleach):


“That the following statement be issued by the Committee: ‘The Committee regrets that Members who have resigned have issued statements in respect of the Committee’s activities pending production of its report. The Committee accepts the principle of joint responsibility in its deliberations and in the production of its report, and will in that spirit continue to carry out the obligations placed on it by Dáil Éireann.’”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá, 7; Níl, 3.


Tá:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dúnlaing

G. Mac Gearailt

P. Ó hÓgáin (Cathaoirléach)

R. Mac Searraigh

T. Ó Nualláin

S. Ó Tonnaigh

Níl:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

S. Ó Treasaigh

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


22. Rinneadh tairiscint (An Teachta E. Ó Coileáin):


“That the division on the previous motion be now published.”


Cuireadh an Cheist.


Rinne an Coiste vótáil:


Tá, 3: Níl, 6.


Tá:—

An Teachta

R. de Búrca

E. Ó Coileáin

S. Ó Treasaigh

Níl:—

An Teachta

S. Baróid

S. Ó Dunlaing

P. Ó hÓgáin (Cathaoirleach)

R. Mac Searraigh

T. Ó Nualláin

S. Ó Tonnaigh

Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


23. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11 p.m. go dtí 10.45 a.m. Déardaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (16).


† Foscríbhinn 4 (12).


§ Foscríbhinn 4 (8) (b).


** Foscríbhinn 4 (14).


†† Foscríbhinn 4 (21).


‡‡ Foscríbhinn 4 (15).


§§ Foscríbhinn 3 (3), page 204.