Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::27 October, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair, 1971.

Wednesday, 27 October, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Mac Bhloscaidh, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Ordaíodh: go ndéanfaí an Sairsint-Bhleachtaire Dónall mac Dónaill a thoghairm chun bheith i láthair Dé Céadaoin seo chugainn.


4. Ordaíodh: go ndéanfaí an tArd-Cheannfort Pléimeann a thoghairm chun bheith i láthair Dé Céadaoin seo chugainn lena chros-cheistiú ag an gCaptaen Ó Ceallaigh.


5. Ordaíodh: go bhfiafrófaí den Uasal H. tríd an teileafón a chinneadh a lua i dtaobh a chuid fianaise a chur ar fáil do fhinné agus i dtaobh é féin a ligean, b’fhéidir, faoi chros-cheistiú.


6. Ordaíodh: go gcuirfí an litir* den 2 Meán Fómhair 1971 ón Aire Dlí agus Cirt agus comhfhreagras roimhe sin go dtí an Teachta Ó Móráin lena thuairimí a fháil.


7. Ordaíodh: go dtabharfaí tosaíocht d’ullmhú na tuarascála thar breithniú Cuntas Leithreasa 1969-70.


8. Ordaíodh: go ndéanfaí breithniú na litreach** agus an iatáin den 25 Deireadh Fómhair 1971 ón gCoirnéal Ó hEibhrín a chur siar.


9. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (14).


† Foscríbhinn 4 (21).


**Foscríbhinn 4 (13).