Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::05 August, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 5 Lúnasa, 1971.

Thursday, 5 August, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar cheistiúchán Shéamuis Uí Bhrádaigh.


6. D’fhág an tUasal Ó Brádaigh an seomra.


7. Labhair an tUasal P. Sutherland, B.L. leis an gCoiste thar ceann an Chaptaen Shéamais Uí Cheallaigh, agus an Captaen Ó Ceallaigh agus Bean Uí Mhuimhneacháin, aturnae, i láthair.


8. D’fhág an tUasal Sutherland, an Captaen Ó Ceallaigh agus Bean Uí Mhuimhneacháin an seomra.


9. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


10. Rinne an Coiste breithniú arís ar na hábhair dá dtagraítear i míreanna 4 agus 16 d’Imeachtaí an lae inné.


Ordaíodh: (i) go dtabharfaí fianaise an Uasail F agus an Uasail H do fhinné ar an Uasal F agus an Uasal H dá údarú sin, (ii) go ndéanfaí an Sairsint-Bhleachtaire Dónall Mac Dónaill a thoghairm chun bheith i láthair tar éis Sos an tSamhraidh agus (iii) go gcuirfí an cinneadh maidir leis an Sairsint-Bhleachtaire Mac Dónaill in iúl do Sheán Ó Ceallaigh.*


11. Beartaíodh: nach ndéanfaí tada i dtaobh litir an 28 Iúil, 1971 ó na haturnaetha do Pháraic Ó hEochaidh.


12. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.45 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Céadaoin, 27 Deireadh Fómhair.


* Foscríbhinn 4 (16).


† Foscríbhinn 4 (12).