Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::03 November, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 3 Samhain, 1971.

Wednesday, 3 November, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


4. Bhí an tUasal T. MacGabhann, B.L. agus an tUasal M. Ó Mearáin, aturnae, i láthair le linn an suí poiblí mar chomhairleoirí don Choiste.


5. Finnéithe a Ceistíodh


Cuireadh an Sairsint-Bhleachtaire Dónall Mac Dónaill faoi mhionn agus ceistíodh é.


6. D’fhág an Sairsint-Bhleachtaire Mac Dónaill an seomra.


7. Rinne an tUasal P. Sutherland (agus Bean Uí Mhuimhneacháin, aturnae, ina theannta) cros-cheistiú ar an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann thar ceann an Chaptaen Shéamais Uí Cheallaigh, agus an Captaen Ó Ceallaigh féin i láthair.


8. D’fhág an tUasal Sutherland, Bean Uí Mhuimhneacháin agus an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


9. Athchromadh ar an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann a cheistiú.


10. D’fhág an tArd-Cheannfort Seán Pléimeann an seomra.


11. Chuaigh an Coiste i suí príobhaídeach.


12. Rinne an Coiste breithniú ar litir* an Choirnéil Uí Eibhrín den 25 Deireadh Fómhair 1971 i ndáil le fianaise roimhe sin.


Ordaíodh: go gcuirfí in iúl don Choirnéal Ó hEibhrín* go n-éistfeadh an Coiste leis i suí poiblí i dtaobh an ábhair Dé Máirt seo chugainn.


13. Bhreithnigh an Coiste an t-iarratas a chuir an Coirnéal Ó hEibhrín chun an Rúnaí ag lorg cóip den nóta a shín an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh isteach le linn a chuid fianaise ar an 22 Aibreán 1971 ag ceist uimhir 11402.


Ordaíodh: go bhfiafrófaí den Aire ar mhiste leis dá ngéillfí d’iarratas an Choirnéil Uí Eibhrín.


14. Beartaíodh: go molfaí do Chomhaltaí den Choiste gan páirt a ghlacadh sa díospóireacht Dála ar an tairiscint maidir leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, ach gur cheart do chomhalta a mheasfadh gur gá páirt a ghlacadh ann dul i gcomhairle roimh ré leis an gCathaoirleach.


15. Chuir an Rúnaí in iúl don Choiste nár fhéad sé teagmháil leis an Uasal F ach go raibh sé tar éis labhairt leis an Uasal H i dtaobh a chuid fianaise a chur ar fáil do fhinné agus i dtaobh é a bheith i gceist go bhféadfaí é a chros-cheistiú. Dúirt an tUasal H go gcuirfeadh sé scéala teileafóin insteach i dtaobh na n-ábhar sin faoi cheann roinnt lá.


16. Beartaíodh: géilleadh d’iarratas ón Ard-Cheannfort Pléimeann, a rinne sé agus é faoi chros-cheistiú ag an gCaptaen Ó Ceallaigh, á iarraidh go ndéanfaí an Captaen Ó Ceallaigh a chros-cheistiú agus an Captaen Ó Ceallaigh a thoghairm chun bheith i láthair chuige sin Dé Máirt seo chugainn.


17. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.45 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (13).